Tionchar domhanda agus fócas na dtionscal cruthaitheach ag cláir nua de chuid OÉ

Pictured is Niamh O’Connor a third year student with NUI Galway’s School of Medicine, and a member of the University Orchestra. Photo Andrew Downes
Sep 27 2017 Posted: 09:32 IST

Áirítear i measc na roghanna nua seo: Ceol, Scannán & Staidéar Digiteach, na Dána & Teicneolaíocht, Teangacha Idirnáisiúnta agus Domhanda

D’fhógair OÉ Gaillimh, an tseachtain seo, seacht gcéim nua sna Dána a bheidh ar fáil in 2018. Is toradh iad na cláir nua seo ar aiseolas a fuarthas ó mhic léinn, ó earnáil na tionsclaíochta agus ó fhostóirí agus cuirfidh siad go mór leis an rogha leathan de shainchláir sna Dána atá ar fáil in OÉ Gaillimh.

Díríonn na cláir seo go láidir ar scileanna ar leith a fhorbairt agus ar mhic léinn a ullmhú chun obair a aimsiú i dtionscail a bhfuil borradh mór fúthu, le béim ar shocrúchán oibre, infhostaitheacht agus cothromaíocht thábhachtach idir shaineolas i réimse faoi leith agus bhuneolas ar an staidéar leathan a bhaineann leis na Dána agus na Daonnachtaí a sholáthar do mhic léinn.  

Agus Gaillimh ainmnithe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa don bhliain 2020, is príomhchathair dhomhanda chruthaitheach í cathair na Gaillimhe. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Cathal O'Donoghue, Déan Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh in OÉ Gaillimh: “Leis seo cuirtear deiseanna gairme as cuimse ar fáil sna tionscail chruthaitheacha, lena n-áirítear gairmeacha sa drámaíocht, scannánaíocht agus amharclannaíocht chomh maith le réimsí nua eile lena n-áirítear léiriúchán cruthaitheach agus fiontraíocht a bhaineann leis na healaíona. Cuirfidh ceithre cinn de na cláir nua sna Dána a d’fhógair OÉ Gaillimh oiliúint ar mhic léinn chun gairmeacha beatha a bhaint amach sna réimsí seo.”

Clár nua a bhfuiltear ag súil go mór leis is ea an BA (Ceol). Sa chlár céime ceithre bliana seo, déanfar staidéar ar an gCeol in éineacht le hábhar eile sna Dána. Tabharfaidh an BA (Ceol) léargas domhain do mhic léinn ar stair an cheoil, ceol traidisiúnta na hÉireann, scileanna gutha agus córúla, cumadóireacht, scileanna méarchláir, teicneolaíocht an cheoil agus bainistíocht ceoil. Ar cheann de shaintréithe na céime seo tabharfar deis do mhic léinn comhoibriú le mic léinn eile sna healaíona cruthaitheacha in OÉ Gaillimh (i réimse na scannánaíochta, drámaíochta agus réimsí gaolmhara eile) agus staidéar a dhéanamh ar champas fíorchultúrtha.

Beidh deis ag mic léinn an BA (Scannán agus na Meáin Dhigiteacha) meascán faoi leith a fháil de theoiric agus de chleachtadh i réimsí a bhaineann le scannán agus na meáin dhigiteacha, mar aon le scileanna praiticiúla i scannánóireacht, scríbhneoireacht scáileáin agus forbairt dhigiteach agus dearadh. Cuirfidh an clár, a áiríonn intéirneachtaí le heagraíochtaí a bhaineann leis na healaíona agus na meáin móide taighde agus tionscadail chruthaitheacha faoi mhaoirseacht, céimithe ar fáil do réimse leathan ról sna tionscail chruthaitheacha ina measc:  léiriúchán teilifíse agus scannán, cruthú ábhar digiteach, riarachán cultúrtha, scríbhneoireacht scáileáin agus margaíocht dhigiteach san áireamh.

Díreoidh an BA (na Dána Digiteacha agus Teicneolaíocht) ar úsáid na teicneolaíochta digití sna healaíona cruthaitheacha. Leis an gcomhtháthú cuimsitheach idir na dána agus na daonnachtaí agus teicneolaíocht faisnéise agus eolaíocht sonraí, cáileoidh mic léinn le rogha tharraingteach de scileanna cruthaitheachta, anailíseacha agus ardscileanna digiteacha. Sa chlár nua BA (Béarla agus na Meáin) déanfar staidéar ar theoiric na meán i bpeirspictíocht chriticiúil agus stairiúil agus cuirfidh sé ar chumas na mac léinn scileanna cumarsáide inaistrithe agus scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhoghlaim, a chuirfidh ar a gcumas rath a bheith orthu sa mhargadh fostaíochta amach anseo.

Dúirt an tOllamh O’Donoghue an méid seo a leanas chomh maith: “Leis an Ríocht Aontaithe ar tí imeacht ón AE, tiocfaidh ardú ar líon na gcéimithe sna Dána a bheidh de dhíth d’fhonn dearcadh domhanda a fhorbairt agus taithí idirnáisiúnta a fháil le linn a gcuid staidéar agus i dtús a saol oibre. Is ann do dhá chlár nua i ngeall ar an luach a chuireann fostóirí ar thréithe na gcéimithe áirithe seo.”

Tá an BA (Idirnáisiúnta) dírithe ar mhic léinn ar spéis leo staidéar a dhéanamh ar na Dána agus taithí idirnáisiúnta a fháil (bíodh sin ag staidéar thar lear nó ar shocrúchán oibre thar lear) mar chuid dá gcéim le deiseanna lonnú i Meiriceá Theas, Meiriceá Thuaidh nó níos faide i gcéin, i mbliain a trí dá gcéim. 

Céim teangacha thar a bheith solúbtha atá sa BA (Teangacha Domhanda), céim a chuirfidh ar chumas na mac léinn gairm bheatha a bhaint amach i réimsí éagsúla ar a n-áirítear teangeolaíocht, aistriúchán, na meáin, teagasc. Tabharfaidh an BA (na Dána le hEolaíocht Sonraí) deis do mhic léinn staidéar a dhéanamh ar ábhar sna dána chomh maith le modúil sa mhata, IT agus eolaíocht sonraí, ag cur céimithe cáilithe ar fáil chun tabhairt faoi róil éagsúla i gcur i bhfeidhm teicnící anailísíochta sonraí chun fadhbanna domhanda an tsaoil seo a bhaineann leis an duine a réiteach.

Beidh Laethanta Oscailte fochéime OÉ Gaillimh ar siúl an 6 agus an 7 Deireadh Fómhair.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories