Straitéis Acadúil á Seoladh ag Ollscoil na Gaillimhe

Cathaoirleach Choiste an Oireachtais ar Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, Paul Kehoe T.D., in éineacht le hUachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh; le Michelle Ní Chróinín, Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála; agus leis an Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, ag seoladh Straitéis Acadúil na hOllscoile (2021-26).
Dec 07 2022 Posted: 13:13 GMT

Sheol Cathaoirleach Choiste an Oireachtais ar Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, Paul Kehoe T.D., Straitéis Acadúil Ollscoil na Gaillimhe (2021-26) go hoifigiúil inniu. 

Cuireadh an Straitéis Acadúil i dtoll a chéile ar dtús i gcaitheamh na bliana 2020-21, tráth a raibh an phaindéim ann ar fud an domhain, agus tréimhsí ama nuair a bhí srianta sláinte poiblí i bhfeidhm. Leagtar amach inti fealsúnacht na hOllscoile i leith an teagaisc agus na foghlama, agus na céimeanna atá le glacadh le go gcuirfear le heispéireas foghlama na mac léinn sa todhchaí. 

Seo mar a labhair Cathaoirleach Choiste an Oireachtais, Paul Kehoe, T.D.: “Tá an-áthas orm Straitéis Acadúil na hOllscoile a sheoladh. Léirítear inti an chaoi ar féidir le hollscoil glacadh le cur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama a dhéanann mic léinn agus comhaltaí foirne a chumasú agus a chumhachtú. Guím gach rath ar an Ollscoil agus tacaíocht a fháil aici ón straitéis chun cur le rannpháirtíocht, cuimsitheacht agus le gnóthachtáil.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá creideamh daingean againn in Ollscoil na Gaillimhe asainn féin mar institiúid léinn – dár mic léinn agus dár gcomhaltaí foirne. Thug ár ngníomhartha i rith na paindéime le fios an tiomantas diongbháilte a bhí againn don misean sin, in ainneoin na ndúshlán ar fad. Táimid ag féachaint chun cinn anois, agus úsáid á baint againn as an eolas atá sealbhaithe againn, agus an taithí a bhí againn, chun cíoradh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le cuir chuige éagsúla i leith an teagaisc deiseanna nua a thabhairt dúinn chun ár luachanna, mar atá meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht, a leabú in eispéireas foghlama ár gcuid mac léinn.”

Díríonn Straitéis Acadúil na hOllscoile ar chúig réimse tosaíochta straitéisí: Ár gCultúr Foghlama; Ár bhFoireann a Fhorbairt agus a Chumhachtú; Ár dTimpeallacht Teagaisc agus Foghlama; Ár bPobal Féin agus Lasmuigh de; agus Cultúr Feabhsaithe Cáilíochta.

Tá líon forbairtí beartaithe i rith an phlean cúig bliana, agus áirítear leo: 

Teicneolaithe Foghlama a cheapadh le go gcuirfear feabhas ar ár dtimpeallacht dhigiteach teagaisc agus foghlama, mar aon leis an gcéad Oifigeach Sláine Acadúla a cheapadh

Moltaí le forbairt le go gcuirfear lenár dtimpeallacht dhigiteach teagaisc agus foghlama ar champas chathair na Gaillimhe, a dtugaimid an tIonad Foghlama/Leabharlann air.

Maoiniú a fháil ón gCiste Fóraim Náisiúnta – Ailíniú Straitéiseach ar Fheabhas Teagaisc agus Foghlama le go dtacófar leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim.

Tá ár léachtóirí tiomanta úsáid a bhaint sa todhchaí as na gnéithe is fearr den chianfhoghlaim, agus cuirfidh an chianfhoghlaim leis an teagasc ar an láthair, seachas dul ina áit.

Timpeallacht agus éiteas a thógáil a chuireann ar chumas agus a thugann cumhacht dár gcuid mac léinn agus dár bhfoireann dul i mbun fiosrúchán criticiúil, cleachtas machnamhach, agus forbairt ghairmiúil, agus a chothaíonn iontas agus paisean iontu dá ndisciplíní agus dá réimsí spéise.

Bhí an méid seo le rá ag an Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh: “Táimid go mór faoi chomaoin ag ár bhfoireann Ollscoile a d’fhorbair modhanna nua teagaisc i rith na paindéime, agus a ghlac chucu féin iad. D’éirigh leo freisin teacht ar bhealaí a lig dúinn cuid de na tairbhí sin a choinneáil, agus ar an gcaoi sin cur lena bhfuil ar siúl againn le fada an lá sna seomraí ranga, sna saotharlanna agus i halla léachtaí. 

“Dearadh ár Straitéis Acadúil go sonrach le go mbeadh níos mó ná teagasc, foghlaim agus measúnú i gceist léi. Táimid ag caitheamh leis seo mar dheis chun tacú leis an nuálaíocht i dteagasc agus foghlaim, agus glacadh le cur chuige níos nua-aimseartha chun tacú lenár mic léinn, agus an seans is fearr a thabhairt dóibh oideachas maith a fháil, agus a bheith in ann smaoineamh go criticiúil. Fágfaidh sé sin ar fad go mbeidh siad ullmhaithe ról lárnach a ghlacadh sa tsochaí i gcaitheamh a saoil.”

Is féidir Straitéis Acadúil Ollscoil na Gaillimhe a fháil anseo Straitéis Acadúil - Teagasc agus Foghlaim - Ollscoil na Gaillimhe

Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories