Ollscoil na Gaillimhe ag ceiliúradh céimithe ar fud na cruinne le breis agus 20 bliain

Tom Kenny agus Aifric Keogh
Sep 27 2022 Posted: 17:37 IST

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe buaiteoirí Ghradaim Alumni 2022 agus bronnfar na gradaim orthu sin ag an 21ú Mórfhéasta Alumni Dé hAoine, an 21 Deireadh Fómhair 2022.

Tugann na Gradaim Alumni aitheantas d’fheabhas agus d’éachtaí an 120,000 céimí de chuid na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain. Is ceannairí iad na buaiteoirí a léirigh tionchar agus sármhaitheas ina réimsí ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Anois ina 21ú bliain, tá gradaim bronnta ar bhreis is 100 céimí den scoth de chuid na hOllscoile. I measc na ndaoine mór le rá ar bronnadh gradam orthu tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Gráinne Seoige, Aedhmar Hynes, Eamon Gilmore agus Máire Whelan, Ciarán FitzGerald, Olive Loughnane, Marie Mullen agus Nicola Coughlan.

Is iad seo a leanas buaiteoirí na n-ocht ngradam a bhronnfar ag Mórfhéasta Ghradaim Alumni 2022:

  • Tom Kenny, BSc 1966, Stiúrthóir Shiopa Leabhar agus Dhánlann Ealaíne Uí Chionnaith, Gaillimh – Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht & an Léann Ceilteach
  • Aifric Keogh, BSc 2014, an chéad bhean a bhuaigh Bonn Oilimpeach Rámhaíochta d’Éirinn – Gradam Alumni as Rannpháirtíocht sa Spórt
  • An Dr Marie Healy, MB BCh BAO 1982, Stiúrthóir Cúraim Chriticiúil agus Stiúrthóir Rannóige ar an Stiúrthóireacht Máinliachta, Ospidéal Ríoga Londain – Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte
  • Mary-Ellen McGroarty, BA 1987, LLB 1993, LLM 2019 agus Stiúrthóir na Tíre Ionadaí don Chlár Domhanda Bia, an Afganastáin – Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an tSochaí
  • Mark Butler, BSc 1987, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin - Oibríochtaí Eorpacha, T&F agus Straitéis, Merit Medical Systems Inc – Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht
  • Ger Rabbette, BComm 1984, Príomhfheidhmeannach Uniphar PLC – Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil
  • Ré Ó Laighléis, BA 1978, Scríbhneoir, Stiúrthóir ar an Scríobhlann – Gradam Alumni don Ghaeilge
  • Catherine Ludden, PhD 2014, Stiúrthóir Oibríochtaí do Chuibhreannas Géanómaíochta Covid-19 na Ríochta Aontaithe – Gradam Alumni do Cheannairí Nua (Nua do 2022)

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a fógraíodh buaiteoirí na nGradam: “In Ollscoil na Gaillimhe leagaimid an-tábhacht ar a bheith anseo ar mhaithe le leas an phobail agus ar ár gcuid luachanna – meas,  sármhaitheas, oscailteacht agus inbhuanaitheacht – a chomhlíonadh. Mar aon leis sin, is pobal muid agus nuair a eagraímid imeachtaí iontacha cosúil le Gradaim Alumni na hOllscoile, tugtar aitheantas do na luachanna sin trí aitheantas a thabhairt do na daoine seo.

“Cuimsíonn gach duine a bhfuil gradam le bronnadh air/uirthi in 2022 an rud a sheasaimid dó mar ollscoil ar bhealaí éagsúla agus tá aitheantas á thabhairt dóibh as a gceannaireacht agus as an difríocht atá á déanamh acu ar fud an domhain agus ar son an domhain mhóir. Is onóir domsa agus d’Ollscoil na Gaillimhe an difríocht sin a roinnt leis an bpobal. Tá áthas ar leith orm gur féidir linn a n-iarrachtaí agus a n-éachtaí a aithint go pearsanta i mbliana tar éis sos gan choinne arbh éigean dúinn a ghlacadh.”

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories