An Ollscoil ar thús cadhnaíochta le cur chuige nua maidir le soghluaisteacht mac léinn uile-oileáin

Dec 08 2023 Posted: 10:09 GMT

Tá fáilte curtha ag Uachtarán agus ag Uachtarán Ionaid & Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe roimh chur chuige nua a dhéanfaidh éascaíocht do mhic léinn ó thuaidh staidéar a dhéanamh sa Phoblacht.

D’fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris T.D. gur glacadh le moltaí maidir le coibhéis A-leibhéal – Ardteistiméireachta.

Ba é Grúpa Oibre de chuid an chumainn Universities Ireland a chuir na moltaí chun cinn faoi chathaoirleacht Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ó Dochartaigh: “An cuspóir a bhí againn nuair a thángamar le chéile mar cheannairí ollscoileanna na hÉireann, idir thuaidh agus theas, cur le soghluaisteacht trasteorann mac léinn. Tá sé sin ag teacht le haidhmeanna thuarascáil Oireachtais ó 2022, le tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte de chuid Rialtas na hÉireann agus le rúin an Aire Simon Harris féin.

“Beidh an córas nua níos cothroime ná an córas a bhí ann roimhe seo. Beidh sé níos éasca ag mic léinn ón Tuaisceart feasta teacht go dtí an Phoblacht chun staidéar a dhéanamh, chun eispéireas foghlama a bheith acu inár bpobail ollscoile fuinniúla.

“Le himeacht ama, beidh toradh níos dearfaí ag na hathruithe seo. Cuirfear deiseanna ar fáil do dhaoine óga chun dúshraith a leagan síos do chaidrimh nua idir scoileanna sa Tuaisceart agus ollscoileanna anseo, agus idir daoine óga agus a dteaghlaigh i ngach contae in Éirinn.”

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Féachann an cumann Universities Ireland le comhoibriú i réimse an ardoideachais ar an oileán a chur chun cinn agus a fhorbairt. Is cúis áthais dom a bheith i mo chathaoirleach ar an gcumann agus an cheist seo á cíoradh, agus réitigh á bhforbairt. Is í an oscailteacht ceann de chroíluachanna Ollscoil na Gaillimhe agus is cúis bhróid dár n-institiúid í go raibh ról chomh tábhachtach againn nuair a bhí deiseanna nua á socrú do dhaoine óga as gach cearn den oileán. Tá ardmholadh tuillte ag an Ollamh Ó Dochartaigh as an obair a rinneadh ar na moltaí a threorú, agus ag baill uile Ghrúpa Oibre an chumainn Universities Ireland a chabhraigh le forbairt an chórais nua. Táimid ag tnúth anois leis na moltaí a chur i bhfeidhm a luaithe agus is féidir.”

Socruithe nua maidir le coibhéis A-leibhéal – Ardteistiméireachta don CAO fógartha ag an Aire Harris

-      Ní bheidh sé riachtanach a thuilleadh 4 A-leibhéal a dhéanamh (an Mata mar cheann amháin éigeantach) chun uasphointí (625) a bhaint amach faoi chóras iontrála tríú leibhéal na Poblachta – an Lár-Oifig Iontrála (CAO).

-      Is féidir le mic léinn Thuaisceart Éireann na 3 A-leibhéal is fearr atá acu a úsáid, mar aon leis an 4ú A-leibhéal nó Tionscadal Breisithe nó ábhar AS. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh iarratasóirí scór 600 pointe a bhaint amach le 3 A-leibhéal agus 1 AS, agus 625 pointe má bhíonn Mata ar cheann de na hábhair A-leibhéal.

-      Breithneofar mic léinn Thuaisceart Éireann freisin le haghaidh áit in ollscoil in Éirinn má dhéanann siad iarratas le 2 A-leibhéal agus AS-Leibhéal amháin nó 2 AS-Leibhéal.

 

Tugadh ar aird sa tuarascáil ar mholtaí ó Ghrúpa Oibre an chumainn Universities Ireland nach dtagann ach 0.6% de na mic léinn ardoideachais sa Phoblacht ó Thuaisceart Éireann, ach ó thuaidh, go dtagann 2.4% de mhic léinn ón bPoblacht.

Tugadh ar aird freisin nach ndéanann ach 3% de na daltaí A-leibhéal sa Tuaisceart ceithre ábhar ag A-leibhéal.

Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories