Osclaíonn an tAire Harris lóistín nua mac léinn, Baile na Breacóige, go hoifigiúil

An tAire Harris in éineacht le hUachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, agus plaic á nochtadh acu chun oscailt oifigiúil an árais cónaithe nua ar an gcampas, Baile na Breacóige, a cheiliúradh. Grianghrafadóir: Andrew Downes, Xposure.
Dec 11 2023 Posted: 16:07 GMT

D’oscail an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris T.D., Baile na Breacóige, na hárais chónaithe nua do mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe, go hoifigiúil inniu.

Costas €95 milliún a bhí i gceist le Baile na Breacóige, agus rinneadh an tógáil a mhaoiniú trí iasachtaí Ollscoile. Críochnaíodh in am é chun freastal ar mhic léinn na bliana acadúla reatha.

Is é an tionscadal seo an dara ceann de dhá áras cónaithe a tógadh go sainiúil do mhic léinn ar champas Ollscoil na Gaillimhe. Osclaíodh an chéad cheann, Baile an Chíorbhuí, in 2018.

Seo mar a labhair an tAire Harris: “Ba mhaith liom an deis seo a thapú le comhghairdeas a dhéanamh leis an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh agus le hOllscoil na Gaillimhe as an bhforbairt shuntasach a thabhairt chun críche agus an lóistín seo a chur ar fáil do mhic léinn i mBaile na Breacóige. Is fiú a aithint go bhfuil an mórthionscadal seo curtha i gcrích ag an Ollscoil ag tréimhse a bhfuil na srianta forbartha ag cur isteach ar sholáthar ar fud na tíre. Tá breis agus 1,100 leaba breise curtha ar fáil ag an Ollscoil i nGaillimh ó 2018 i leith.

“Tá an Rialtas meáite ar aghaidh a thabhairt ar an méadú atá ar éileamh do lóistín dár gcuid mac léinn. Is dá bharr seo a bhfuilim ag forbairt polasaí fadtréimhseach, den chéad uair, maidir le tacaíocht stáit a chur ar fáil le dul i ngleic le fadhb lóistín na mac léinn. Tá sé ríthábhachtach go mbeimid in ann an bealach a réiteach do mhic léinn agus an brú atá orthu freastal ar an ardoideachas a mhaolú.”

Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: Is é Baile na Breacóige an dara mórthionscadal lóistín do mhic léinn atá tugtha chun críche ag an Ollscoil le blianta beaga anuas. Táimid an-fheasach ar an strus agus an brú atá ar dhaoine óga agus ar a dtuismitheoirí agus iad ag iarraidh lóistín a aimsiú. Is forbairt agus infheistíocht shuntasach sainchuspóra í seo ar tugadh fúithi chun aghaidh a thabhairt ar an éileamh ollmhór do thithíocht sa phobal. Tá moladh mór tuillte acu siúd ar fad a bhfuil baint acu leis seo, idir dhearadh na forbartha, an obair thógála agus na hoibríochtaí féin. Is i ngeall ar phobal na hollscoile a bheith ag obair as lámha a chéile agus ag tacú lena chéile gur osclaíodh dár mic léinn é an bhliain acadúil seo. Tá an costas a bhaineann le hárais chónaithe do mhic léinn nua a thógáil ag cur isteach go mór orainn, agus ar ár mic léinn, agus tá smaointeoireacht úr ag teastáil, agus tacaíocht ón Rialtas. Tá súil againn go ndéanfaidh an fhorbairt nua seo difear, forbairt a bhfuil an cumas aici lóistín a chur ar fáil do bheagnach 2,000 mac léinn, agus leanaimid orainn ag tacú le gach polasaí, infheistíocht agus iarracht chun dul i gcabhair orthu siúd is mó a dteastaíonn sé uathu. Táimid ag súil chomh maith le bheith ag obair lenár mic léinn agus leis an Rialtas chun tuilleadh roghanna inacmhainne maidir le lóistín a chur ar fáil dár mic léinn.”

Tá Ollscoil na Gaillimhe in ann lóistín a chur ar fáil ar an gcampas do 1,867 mac léinn. Díreach sular osclaíodh Baile na Breacóige, laghdaíodh na rátaí cíosa i gcás níos mó ná an ceathrú cuid den líon iomlán leapacha, agus rinneadh na cíosanna a reo ar 669 leaba eile don cheathrú bliain as a chéile. 

Baile na Breacóige 

Is iad Coady Architects a rinne an dearadh don fhorbairt seo, agus is iad J.J. Rhatigan & Co., gnólacht atá lonnaithe i nGaillimh, na conraitheoirí tógála.

Tá an Ollscoil ag obair leis an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe maidir le maoiniú an tionscadail. 

Tá ceithre fhoirgneamh sa tionscadal seo ar champas thuaidh na hOllscoile agus tá 674 seomra codlata ann i gcineálacha éagsúla árasáin. I measc na n-áiseanna coiteanna atá ann tá seomraí cruinnithe agus spásanna sóisialta agus comhoibrithe do mhic léinn; wifi ar ardchaighdeán agus ardacmhainne; spás fáiltithe mór; fáiltiú agus slándáil a bhfuil fáil orthu 24 uair an chloig mar aon le háit shábháilte chun rothair a choinneáil.

Áirítear leis chomh maith 35 seomra codlata inrochtana atá suite i ngach ceann de na ceithre bhloc agus ar dearadh go sainiúil iad le go mbeidís ag teacht leis na cleachtais is fearr atá i bhfeidhm dóibh siúd atá faoi mhíchumas.

Tá ocht stór i gceist le Bloc A, agus 124 seomra codlata i 23 árasán. Tá sé comhthreomhar le hAbhainn na Gaillimhe agus nuair atáthar ag féachaint amach ó na hurláir in uachtar, tá an abhainn, an chathair agus cuan na Gaillimhe le feiceáil. 

Leagadh amach bloic B/C/D, ina bhfuil 550 seomra codlata en suite, i gcruth U le go mbainfear an leas is fearr as solas nádúrtha an lae. I roinnt de na hárasáin is féidir féachaint ó thuaidh, soir agus ó dheas.  

Timpeallacht mhaireachtála úrscothach do mhic léinn atá san fhorbairt seo. Maisíodh na hárasáin ar bhealach glé nua-aimseartha agus tá troscán feistithe ardchaighdeáin sna seomraí codlata agus sna seomraí folctha mar aon le cistineacha feistithe.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories