Bronnadh céimeanna an tsamhraidh in Ollscoil na Gaillimhe

Jun 13 2023 Posted: 11:30 IST

Bronnadh céim ar bhreis is 400 céimí inniu in Ollscoil na Gaillimhe.

Ócáid mhór teaghlaigh a bhí sa lá i gcás máthar agus iníne, Róisín Hill as Béal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo agus Aoife Hill as Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ar bronnadh Dochtúireacht i bhFealsúnacht (PhD) orthu.

Chomh maith leis sin, ag leanúint lorg a sinsear sa saol acadúil trí stair na hOllscoile bhí an Dr Caoimhe Newell as Maigh Locha, Co. na Gaillimhe, ar bronnadh Baitsiléir Onóracha Leighis, Baitsiléir Máinliachta agus Baitsiléir Cnáimhseachais (MB, BCh, BAO) uirthi. Ba é an Dr Máirtín Ó Tnuthail, Uachtarán na hOllscoile (Coláiste na hOllscoile, Gaillimh ag an am) ó 1960-1975 sin-seanathair an Dr Newell. Rinne an Dr Caoimhe Newell ceiliúradh lena beirt uncailí, an Dr Micheál Newell, léachtóir i Scoil an Leighis agus an tOllamh John Newell, léachtóir i Scoil na nEolaíochtaí Matamaitice agus Staitistice.

Ina measc sin a bhí i láthair ag an gceiliúradh samhraidh, bhí breis agus 70 duine ar bronnadh Dochtúireacht i bhFealsúnacht (PhD) orthu.
 
Tháinig an grúpa is mó mac léinn a bhain céim amach ó Choláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte, áit a bhfuair beagnach 180 ábhar dochtúra a gcéim Baitsiléara Onóracha Leighis, Baitsiléir Máinliachta, agus Baitsiléir Cnáimhseachais (MB, BCh, BAO).

Le linn an tsearmanais, bhronn Ollscoil na Gaillimhe 15 Bhonn Leighis Deiridh ar 11 chéimí, agus fuair an Dr Dominic Butler ceithre bhonn as a shárfheidhmíocht acadúil.

Gach bliain bronnann Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte na boinn ar na mic léinn a fhaigheann an grád is airde i ngach réimse ábhair.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, ag an searmanas: “Thar ceann phobal iomlán Ollscoil na Gaillimhe, tréaslaím le gach duine dár gcéimithe. Tugann bronnadh an tsamhraidh le tuiscint i gcónaí nach mbeidh i bhfad ann sula mbeidh ár gcéimithe ag déanamh a gcion féin ar mhaithe leis an tsochaí, mar go mbíonn go leor acu ar tí tabhairt faoi ghairm i gcúram sláinte agus i dtaighde. Is ábhar spreagtha é ár n-ollscoil a fheiceáil ag léiriú go soiléir a ról ar mhaithe le leas an phobail. Guím gach rath ar na céimithe ar fad agus iad ag tabhairt faoin gcéad chéim eile ar a dturas gnóthachtála.”

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories