Déanann Ollscoil na Gaillimhe comóradh ar chomhpháirtíocht 38 bliain le hOllscoil Villanova, SAM

Sa phictiúr ag ócáid sínithe an chomhaontaithe comhpháirtíochta nua in Ollscoil na Gaillimhe tá (ar chúl, ó chlé): an tOllamh Kathryn Cormican, Ollamh le hInnealtóireacht Córais, Stiúrthóir don Idirnáisiúnú, Coláiste na hEolaíochta & na hInnealtóireachta, Ollscoil na Gaillimhe; an Dr Adele Lindenmeyr, Déan Choláiste na nEalaíon Liobrálach agus Eolaíochtaí, Ollscoil Villanova; (chun tosaigh, ó chlé): An tUrramach Peter M. Donohue, Uachtarán, Ollscoil Villanova; an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán, Ollscoil na Gaillimhe.
Jun 21 2023 Posted: 11:40 IST

Tá cuairt tugtha ag Uachtarán Ollscoil Villanova, SAM, agus toscaireacht shinsearach ar Ollscoil na Gaillimhe chun comóradh a dhéanamh ar an gcomhpháirtíocht eatarthu ar cuireadh tús léi 38 bliain ó shin, agus chun athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh ar an socrú. 

Chuir Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, fáilte roimh an ngrúpa chuig an gCearnóg, áit a raibh searmanas sínithe chun leanúint leis na malartuithe mac léinn agus acadúla a chur ar bhonn foirmeálta, ar socrú é sin faoinar tháinig 615 mac léinn as Villanova, Pennsylvania chun seimeastar a chaitheamh i nGaillimh i gcaitheamh na mblianta. 

In éineacht leis an Urramach Peter M Donohue, Uachtarán, Ollscoil Villanova bhí an Dr Adele Lindenmeyr, Déan Choláiste na nEalaíon Liobrálach agus Eolaíochtaí; an Dr Joseph Lennon, Déan Comhlach, Tionscnaimh Idirnáisiúnta agus Idirdhisciplíneach, an tIonad Léann Éireannach; Jennifer Joyce, Ceann Feidhmeach an Léinn Éireannaigh; an tAth. David Cregan, Déan Comhlach Gnóthaí Acadúla; agus an Dr Mary O’Malley Madec, Stiúrthóir, Clár Staidéir thar lear Villanova in Ollscoil na Gaillimhe.

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Cuireadh tús lenár gcaidreamh le hOllscoil Villanova sa bhliain 1985, agus go leor den chreidiúint as sin ag dul go dtí an Dr James Murphy, Ollamh Emeritus agus stiúrthóir bunaidh an Ionaid Léann Éireannach in Ollscoil Villanova agus an Dr Seamus O’Grady, Ollscoil na Gaillimhe. Ceann de na comhpháirtíochtaí is buaine dá bhfuil againn an ceann seo i bhfianaise a fhad is atá sí ar an bhfód agus na deiseanna atá curtha ar fáil aici don fhoireann agus do mhic léinn le beagnach dhá scór bliain anois.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories