Sonraí faoi chomhpháirtíocht 2023 idir Ollscoil na Gaillimhe agus Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe á bhfógairt

Ar chúl: Mic léinn Ollscoil na Gaillimhe Elizabeth Hole, Konrad Nadstawek agus Raphaël Adams. Chun tosaigh: Rena Bryson agus John Crumlish ó Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe, in éineacht le Marianne Kennedy, an Dr Paul Dodd agus Jamie Bigley ó Ollscoil na Gaillimhe. Creidiúint – Aengus McMahon.
Jun 28 2023 Posted: 15:15 IST
  • Tá na Saw Doctors díolta amach – ach beidh ticéid le fáil ag imeacht eisiach alumni
  • Beidh na ticéid ar díol Dé hAoine, an 30 Meitheamh ag 9am

 

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe agus Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe sonraí inniu faoina gcomhpháirtíocht do 2023, agus san áireamh iontu tá imeacht eisiach d’alumni na hOllscoile, an amharclann féile is mó ariamh á tógáil ar an gcampas, agus clár oideachais don chéad ghlúin eile ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíon agus fiontraithe cruthaitheacha.

Agus í ag ceiliúradh 13 bliana mar Chomhpháirtí Oideachais na féile, beidh an Ollscoil ag dul i gcomhar le Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe ar raon imeachtaí lena n-áirítear:

  • Imeacht eisiach d’alumni na hOllscoile lena n-áirítear ticéid do na Saw Doctors ar an 29 Iúil atá díolta amach. Tugtar cuireadh do chéimithe na hollscoile teacht le chéile an athuair ag cóisir a thabharfaidh síos bóithrín na smaointe iad agus dul chuig ceolchoirm na Saw Doctors ina dhiaidh sin ag Príomhionad na Féile sa Ghort Iascaigh, agus na ticéid ar díol Dé hAoine, an 30 Meitheamh ag 9am.
  • An clár SELECTED ina dtairgfear eispéireas acadaimh laistigh de choicís do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe chun taispeáint dóibh cén chaoi a gcuirtear féile chomh mór seo le chéile, agus cíoradh a dhéanamh ar gach gné, ón taithí phraiticiúil go forbairt ealaíne.
  • Tionscadal staire béil chun príomhghlórtha na féile 2023 a ghabháil. Tá cartlann Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe i seilbh Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe ó 1978 i leith agus tá stair bhéil le healaíontóirí ar cuairt á mbailiú freisin, rud a fhágfaidh go gcruthófar cartlann dhigiteach d’imeachtaí na féile do na glúnta atá le teacht.
  • Reáchtálfar sraith turas grianghrafadóireachta ar an gcampas chomh maith, a bheidh in aisce agus a mbeifí in ann iad chur in áirithe ón 30 Meitheamh.  Rachaidh grianghrafadóirí fón póca mór le rá i gcomhar le saineolaithe Ollscoile chun turais de champas na hOllscoile a threorú. Tabharfaidh sé sin deis dóibh siúd ar spéis leo an ghrianghrafadóireacht foghlaim faoi champas iontach na hOllscoile agus ag an am céanna comhairle a fháil faoin gcaoi feabhas a chur ar a scileanna grianghrafadóireachta.
  • Reáchtálfar sraith cainteanna ar an gcampas, First Thought, áit a dtabharfaidh cainteoirí, ina measc cainteoirí ón Ollscoil, aghaidh ar mhórcheisteanna agus ar dhúshláin an tsaoil chomhaimseartha trí ardán ceannaireachta smaointeoireachta na féile.
  • Déanfar leathnú ar ról na hOllscoile mar cheann de phríomhionaid na Féile nuair a dhéanfar amharclann, The Pulse, a mbeidh 1,200 duine in ann suí inti, as ionad spóirt na hOllscoile. I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar an gcampas áirítear Bedbound le Enda Walsh, You’ll See, léiriú de Ulysses atá curtha in oiriúint do pháistí, Strings Attached le Finghin Collins agus an ConTempo Quartet, agus an tsraith cainteanna First Thought.
  • Leanfaidh Ollscoil na Gaillimhe lena tacaíocht do Chlár Oibrithe Deonacha Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe faoinar earcaíodh breis agus 600 oibrí deonach d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe 2023 go dtí seo. Tá Ionad na nOibrithe Deonacha lonnaithe ar an gcampas i mbliana freisin.
  • Tá ról lárnach á chomhlíonadh ag an Ollscoil freisin maidir le leathnú thionscnaimh inbhuanaitheachta Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe.

 

Seo mar a labhair Leas-Uachtarán don Rannpháirtíocht Ollscoil na Gaillimhe, an Dr Paul Dodd: “Baineann fíorthábhacht lenár gcomhpháirtíocht le Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe agus tá fás suntasach tagtha ar an gcaidreamh le blianta beaga anuas agus tionchar na comhpháirtíochta sin le haireachtáil anois ar ghnéithe éagsúla den fhéile. Baintear an-tairbhe agus leas as an gcomhpháirtíocht agus soláthraíonn sí deiseanna do mhic léinn, do alumni agus don phobal trí chéile cuairt a thabhairt ar ár gcampas agus taitneamh a bhaint as an bhféile. Tá tábhacht faoi leith ag na tionscail chruthaitheacha i gcás na Gaillimhe agus tá an-áthas orainn a bheith inár gComhpháirtí Oideachais d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe agus an deis a thapú chun ár ndaoine sároilte a chur ar taispeáint don domhan mór.”

Dúirt John Crumlish, Príomhfheidhmeannach Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe: “Tá an chomhpháirtíocht le hOllscoil na Gaillimhe an-tábhachtach dúinn agus chabhraigh sí go mór an fhéile a fhorbairt le blianta beaga anuas. Bhí an ollscoil an-chabhrach agus thug go leor tacaíochta dúinn i roinnt réimsí lena n-áirítear éascaíocht a dhéanamh d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe maidir le forbairt cláir, cuidiú léi a ról féin a chothú i dtaca le forbairt ealaíontóirí agus dul i gcomhar léi ar roinnt cuspóirí a bhaineann le Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú.”

Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl le fáil anseo: www.universityofgalway.ie/giaf

Críoch    

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories