Tacaíocht ón Rialtas faighte ag Ollscoil na Gaillimhe do chéimeanna nua sa chúram sláinte

Jun 22 2023 Posted: 09:26 IST

Infheistíocht mhór i sláinte réigiúnach agus tuaithe le trí chlár nua: Cógaisíocht, Leigheas Iontrála do Chéimithe agus Altranas Iontrála do Chéimithe 

 

Méadú ar theagasc agus ar fhoghlaim mar fhreagra díreach ar riachtanais cúraim sláinte agus ar ghanntanas foirne

 

 

Tá fáilte curtha ag Ollscoil na Gaillimhe roimh fhaomhadh an Rialtais do thrí chéim nua i gcúram sláinte a leagann béim ar leith ar chúram pobalbhunaithe agus a thugann aghaidh ar riachtanais lucht saothair i gceantair thuaithe agus réigiúnacha.

 

Rinneadh an fógra tar éis don Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris T.D. iarradh ar an Údarás um Ard-Oideachas a fháil amach cén chaoi a bhféadfaí acmhainn bhreise a sholáthar i gcúram sláinte.

 

Tá na trí chlár céime cúraim sláinte nua in Ollscoil na Gaillimhe – Cógaisíocht, Leigheas Iontrála do Chéimithe, agus Altranas Iontrála do Chéimithe – ag freastal go díreach ar riachtanais na hearnála cúraim sláinte agus ar éileamh ar fhoireann, go háirithe i gceantair thuaithe.

 

Cheadaigh an Rialtas freisin leathnú na gclár céime cúraim sláinte atá san Ollscoil cheana féin lena chinntiú go nglacfar le 24 mac léinn gach bliain san Altranas Ginearálta & Cnáimhseachas agus go mbeidh ochtar ar an Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas.

          

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta do leas an phobail.  Is é an misean atá againn athrú ó bhun a dhéanamh do dhaoine agus do na pobail ina mairimid. Cinnteoidh infheistíocht an Rialtais ar an scála seo na huaillmhianta seo agus déanfaidh sé fíordhifríocht do shláinte agus d’fholláine na n-othar inár réigiún san am is mó a dteastaíonn sé uathu. Táimid ag tnúth leis an lá, i gceann cúpla bliain, nuair a bheidh 150 céimí breise ag tosú ar ghairmeacha i gcúram sláinte tar éis dóibh ár gcláir nua a chur i gcrích. Is fís inspioráideach í do thodhchaí an chúraim in Éirinn. Gabhaim buíochas leis an Rialtas as a dtacaíocht dár n-uaillmhian chomhroinnte ar mhaithe le leas an phobail.”

 

Dúirt an Dr Martina Ní Chuláin, an Stiúrthóir Forbartha Straitéisí i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe: “Tá traidisiún fada ag Ollscoil na Gaillimhe maidir le hoideachas cúraim sláinte den scoth a sholáthar. Tógann ár dtrí chlár nua ar an mbunús láidir sin, tá siad oiriúnach chun céimithe a réiteach do sheirbhís cúraim sláinte na todhchaí agus deartha chun freastal ar riachtanais córais sláinte atá níos pobalbhunaithe. Príomhfhócas dúinne agus na cláir seo á bhforbairt againn freisin ba ea aghaidh a thabhairt ar riachtanais ár réigiúin ó thaobh sláinte agus socheacnamaíochta de. Meallfaidh an chéim nua sa Chógaisíocht, mar shampla, níos mó mac léinn ón iarthar agus ón iarthuaisceart isteach sa ghairm. Feabhsóidh sí an líon cógaiseoirí cáilithe sa réigiún agus ar fud na tíre, agus cuirfidh sí borradh faoi ghníomhaíochtaí taighde nua in Ollscoil na Gaillimhe a mbeidh tionchar suntasach acu ar fhorbairt an bhoinn tionscail laistigh den réigiún seo. Ligfidh an infheistíocht shuntasach seo ón Rialtas dúinn cláir den scoth a chruthú, laistigh de thimpeallacht foghlama nua-aimseartha, áit ar féidir le mic léinn a bheith rathúil agus a bheith ina gceannairí bunathraithe cúraim sláinte sa todhchaí.”

 

Dúirt an tOllamh Martin O’Donnell, Déan Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe: “Tá curaclaim shainfhorbartha ag céimeanna nua Ollscoil na Gaillimhe atá deartha chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh reatha, agus ag an am céanna atá ag ullmhú d’fhorbairtí cúraim sláinte amach anseo. Tá sé tábhachtach go bhfuil an-bhéim acu ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin cúraim sláinte réigiúnacha, go háirithe lenár gcéim nua leighis iontrála do chéimithe atá deartha chun aghaidh a thabhairt ar an easpa dochtúirí tuaithe. Léiríonn fianaise idirnáisiúnta gur mó an seans go dtabharfaidh mic léinn ar cuireadh oiliúint orthu sa réigiún faoi ghairm bheatha amach anseo i dtimpeallachtaí dá leithéid, agus cuideoidh na forbairtí a fógraíodh inniu go mór lena chinntiú go mbeidh Ollscoil na Gaillimhe go maith in ann aghaidh a thabhairt ar an riachtanas sin.”

 

Dúirt Tony Canavan, Príomhfheidhmeannach Ghrúpa Cúraim Sláinte Ollscoile Saolta“Cuideoidh méadú ar líon na mac léinn altranais, cógaisíochta agus leighis go mór le riachtanais cúraim sláinte san iarthar agus san iarthuaisceart. Tacaíonn an fhorbairt seo ónár gcomhpháirtí acadúil le múnla Sláintecare seirbhís sláinte shábháilte ardchaighdeáin a fhreastalaíonn ar riachtanais ár ndaonra atá ag dul i méid a sheachadadh, agus an cúram ceart a sholáthar san áit cheart ag an am ceart.”

 

Trí chlár céime nua i gcúram sláinte

Beidh na trí chlár céime nua atá deimhnithe ag an Rialtas ag glacadh le beagnach 150 mac léinn in aghaidh na bliana.

  • Beidh áit ag Altranas Iontrála do Chéimithe do 20 mac léinn in aghaidh na bliana. 
  • Beidh áit sa Chógaisíocht do 40 mac léinn sa chéad bhliain agus 75 mac léinn gach bliain ina dhiaidh sin. 
  • Beidh áit ag Leigheas Iontrála do Chéimithe do 24 mac léinn i mbliain a haon agus 48 mac léinn ina dhiaidh sin. 

 

Cógaisíocht

Clár cúig bliana atá á bhunú chun a chinntiú go mbíonn rogha ag mic léinn staidéar a dhéanamh ar chógaisíocht san iarthar/iarthuaisceart. 

Féachann an Máistir Cógaisíochta comhtháite (MPharm) le dul i ngleic leis an nganntanas cógaiseoirí a bhíonn ag plé le hothair, go háirithe i réigiúin tuaithe. Gheobhaidh mic léinn a gcuid oideachais i suímh ghéarchúraim agus phobail, le béim ar oideachas tuaithe. 

 

Leigheas Iontrála do Chéimithe Tuaithe agus Iargúlta 

Céim ceithre bliana, bunaithe ar chláir idirnáisiúnta sheanbhunaithe agus daingnithe i bhfoghlaim bunaithe ar chásanna le béim ar shocrúcháin chliniciúla fhadama iargúlta agus tuaithe. 

Beidh socrúcháin chliniciúla Bhliain 3 agus 4 bunaithe i gceann de na hAcadaimh Leighis atá ag Scoil an Leighis i Leitir Ceanainn, Sligeach, Caisleán an Bharraigh agus Portiuncula. 

I measc na ngnéithe breise tá tumoideachas fada sa chleachtas ginearálta; socrúcháin sna moil chúraim chomhtháite nua; agus béim ar fhorbairt inniúlachtaí feabhsaithe caighdeáin ón tús. 

 

BSc Altranas Iontrála do Chéimithe 

Céim dhá bhliain shainiúla náisiúnta atá deartha chun rogha nua a thairiscint chun mic léinn ar leith a mhealladh chuig an altranas. 

Is iad na trí phríomhchuspóir:

Líon na gcéimithe altranais a mhéadú, go háirithe iad siúd a fhanfaidh sa ghairm níos faide.

Oiliúint nuálaíoch a fhorbairt a chuireann leis na scileanna agus na hinniúlachtaí a theastaíonn le haghaidh cúram éifeachtach d’othair; a fhreagraíonn don athrú i seachadadh cúraim sláinte; agus a thugann scileanna do chéimithe le haghaidh cúram comhtháite agus suíomhanna pobail, a forbraíodh go sonrach don tsamhail Sláintecare.

 

Líon na n-altraí fireanna a mhéadú, toisc go bhfuil sé cruthaithe go méadaíonn an tsamhail iontrála do chéimithe éagsúlacht an lucht saothair, rud a fhreastalaíonn ar riachtanais othar níos fearr.

 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories