Ollscoil na Gaillimhe ainmnithe mar Churadh náisiúnta SDG

Rinne an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, an tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí, an Dr John Caulfield, an Stiúrthóir Feidhmithe Straitéise, agus Michelle O’Dowd Lohan, Oifigeach Comhpháirtíochta Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile, ionadaíocht ar Ollscoil na Gaillimhe ag an bhFóram Náisiúnta Páirtithe Leasmhara Inbhuanaitheachta, áit ar bhronn an tAire Comhshaoil, Aeráide, Cumarsáide agus Iompair Eamon Ryan stádas Curaidh SDG ar an Ollscoil. Grianghraf – Julien Behal.
May 04 2023 Posted: 10:44 IST

D’ainmnigh an tAire Comhshaoil, Aeráide, Cumarsáide agus Iompair Eamon Ryan T.D. Ollscoil na Gaillimhe inniu mar Churadh náisiúnta SDG 2023-24. 

Tugann an t-ainmniúchán aitheantas don ról ollmhór atá ag an Ollscoil chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na NA a bhaint amach.

Is í Ollscoil na Gaillimhe an chéad ollscoil a bhain an t-ainmniúchán seo amach. D’ainmnigh an tAire Ryan 21 Curadh eile agus ceithre iar-Churadh SDG ón saol tionscail agus earnálacha idir CLG, RTÉ, An Post, Tesco agus an FAI. 

Is é an ról atá ag Curadh SDG feasacht an phobail ar SDGanna a mhéadú agus a bheith mar eiseamláir den chaoi ar cheart d’eagraíocht cur leis na SDGanna agus iad a chomhtháthú ina gcuid oibre agus ina gcuid gníomhaíochtaí. 

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá an-áthas ar Ollscoil na Gaillimhe a bheith ainmnithe mar Churadh SDG i mbliana. Tá sé ráite ag pobal na hollscoile seo gur inbhuanaitheacht agus oscailteacht an dá chroíluach atá againn, agus sa mheon seo bainfimid úsáid mhaith as ár stádas Curaidh SDG chun béim a leagan ar thábhacht na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe dár mic léinn, dár sochaí agus dár bpláinéad. As seo go ceann 12 mhí, leagfaimid béim ar an obair a dhéanaimid ar mhaithe le leas an phobail ar an gcampas agus ar bhonn níos ginearálta inár dteagasc, taighde agus rannpháirtíocht. Táimid ag tnúth freisin le dul i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí eile atá ar aon intinn linn chun na SDGanna a chur chun cinn.”

Tugann bronnadh stádais Curaidh SDG aitheantas do na blianta fada d’obair chrua atá déanta chun na SDGanna a leabú ar leibhéil éagsúla ar fud na hOllscoile. 

  • Tá cáil dhomhanda ar thaighdeoirí Ollscoil na Gaillimhe as teicneolaíocht leighis, mhuirí agus chomhshaoil, réitigh fuinnimh inbhuanaithe, anailísíocht sonraí, cultúr agus cruthaitheacht. Tá ról tábhachtach acu go léir i gcur i bhfeidhm na SDGanna. 

 

  • Tá an inbhuanaitheacht á neadú ag léachtóirí sa churaclam agus tá uirlis rianaithe nua forbartha ag an Ollscoil chun ábhar SDG ár gcúrsaí a dhéanamh amach.  

 

  • Ó 2006 i leith, sháraigh an Ollscoil spriocanna trí laghdú os cionn 50% a dhéanamh ar úsáid fuinnimh ar fud an champais.

 

  • Is áis tástála an campas agus na foirgnimh le haghaidh gníomhaíochtaí dearfacha inbhuanaithe agus is é ár gcampas i gcathair na Gaillimhe an campas ollscoile is mó a bhfuil bithéagsúlacht ag baint leis in Éirinn. 

 

  • Bronnadh an Brat Glas ar an Ollscoil in 2019 agus 2022, agus tá an Chonair Bhithéagsúlachta ag cur an champais chun cinn mar acmhainn oideachais agus caithimh aimsire. 

Tá tuarascáil aonair ar gach ceann de na 17 SDG sa Tuarascáil Inbhuanaitheachta Bhliantúil is déanaí agus soláthraítear samplaí dá ceannaireacht maidir le dul i ngleic leis na SDGanna ar thrí bhealach: Mic Léinn agus Foghlaim; Taighde; agus Rannpháirtíocht Pobail. 

Dúirt an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí: “Mar churadh SDG, tá deis ag Ollscoil na Gaillimhe anois feidhmiú mar urlabhraí ar Spriocanna na Náisiún Aontaithe, agus daoine eile a spreagadh, go háirithe iad siúd san ardoideachas, chun tiomantas a thabhairt d’Éirinn agus cur lena spriocanna a bhaint amach.”

Dúirt Michelle O’Dowd Lohan, Oifigeach Inbhuanaitheachta Ollscoil na Gaillimhe: “Is deis iontach é bheith inár gCuradh SDG chun feasacht agus infheictheacht na SDGanna a mhéadú ar an gcampas agus níos faide i gcéin agus ár bpobal campais a spreagadh arís maidir le hiompraíochtaí réamhghníomhacha inbhuanaithe. Aithnímid an ról ríthábhachtach atá ag ár gcuid mac léinn i gcur chun cinn na SDGanna.   Mar chuid dár dtréimhse mar Churadh SDG, tá an-áthas orainn a fhógairt gur bronnadh Intéirneachtaí Inbhuanaitheachta Mac Léinn SDG ar bheirt mhac léinn ó Ollscoil na Gaillimhe, Adam Mullins agus Ciara Varley chun tionscadail agus taighde a bhaineann le SDG a chur chun cinn i rith an tsamhraidh.”

Thug Ranguithe Tionchair an Times Higher Education 2022 aitheantas d’Ollscoil na Gaillimhe mar an Ollscoil is fearr in Éirinn agus sa 50 Ollscoil is fearr ar domhan as a cuid iarrachtaí na SDGanna a chur chun cinn. Tá sí sa 5ú háit ar domhan maidir le dul chun cinn i leith SDG 12: Tomhaltas agus Táirgeadh Inbhuanaithe. 

Tá Ollscoil na Gaillimhe ina sínitheoir ar Chomhaontú SDG agus tá roinnt dár gcás-staidéir inbhuanaitheachta le fáil i dTuarascáil Idirnáisiúnta Chomhaontú SDG 2022. Tá cur chuige Ollscoil na Gaillimhe maidir le SDGanna ar cheann de na cás-staidéir sa Dara Plean Feidhmiúcháin Náisiúnta de chuid na hÉireann maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2024. 

Tá Ollscoil na Gaillimhe ina ball den Chumann Inbhuanaitheachta san Ardoideachas a Chur Chun Cinn (AASHE) agus tá sí liostaithe mar Institiúid den scoth in Innéacs an Champais Inbhuanaithe AAHE 2022. I mí na Samhna 2021 bronnadh rangú órga STARS uirthi as a cuid éachtaí inbhuanaitheachta.

Tá Tuarascáil Inbhuanaitheachta Bhliantúil Ollscoil na Gaillimhe ar fáil ag https://www.universityofgalway.ie/media/sustainability/files/Sustainability-Report-22.pdf 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories