Taithí phraiticiúil agus idirghníomhach le fáil ag laethanta oscailte Ollscoil na Gaillimhe

Sep 28 2023 Posted: 10:59 IST

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do mhic léinn ionchasacha agus do thuismitheoirí, múinteoirí gairmthreorach agus múinteoirí eile freastal ar laethanta oscailte fochéime an fhómhair, áit a mbeidh imeachtaí speisialta nua ina dtabharfar deis do dhaoine taithí a fháil ar roinnt de na háiseanna teagaisc agus foghlama is nuálaíche dá bhfuil ann.

Beidh laethanta oscailte an fhómhair ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 6 agus an 7 Deireadh Fómhair, ó 9am go 3pm agus an-deis atá iontu do dhaltaí meánscoile tús a chur lena n-ullmhúchán do CAO 2024.

Cuireann an Ollscoil os cionn 60 cúrsa fochéime ar fáil a aithnítear go hidirnáisiúnta i réimsí cosúil le Leigheas, Altranas, na hEolaíochtaí Sláinte, na Dána, Eolaíocht, Innealtóireacht, Gnó, Dlí agus Bainistíocht Óstáin agus tugann breis agus 90% de na cúrsaí deis do mhic léinn tabhairt faoi shocrúchán oibre agus/nó staidéar thar lear, rud a chinntíonn go mbeidh céimithe réidh don ionad oibre agus go mbeidh tóir ag fostóirí sa bhaile agus thar lear orthu.

Tá cúig thaispeántas i gceist leis an imeacht dhá lá agus beidh an clár cainteanna is mó riamh againn, níos mó ná 100 caint, ar chúrsaí, ábhair, gairmeacha agus tacaíochtaí do mhic léinn.

Gné speisialta de na laethanta oscailte seo is ea rochtain a bheith ar fáil ar roinnt de na háiseanna teagaisc agus foghlama is nuálaíche dá bhfuil ag an Ollscoil, agus taithí phraiticiúil a fháil orthu, lena n-áirítear:

-       Beidh spéis acu siúd atá ag féachaint le leigheas a dhéanamh sa todhchaí, agus ag a dtuismitheoirí, sa turas idirghníomhach de na háiseanna ionsamhlúcháin cúraim sláinte den chéad scoth atá lonnaithe i bhfoirgneamh na hInstitiúide Eolaíochta Cliniciúla. Beidh an turas idirghníomhach seo ar siúl ar an Satharn amháin, agus tá teorainn leis an méid daoine ar féidir leo dul air. Is féidir le cuairteoirí áit ar an turas a chur in áirithe ag an seastán Leighis sa Zón Dearg, agus cuirfear tús leis ag 9:45am ón Zón Dearg.

-       Beidh Bréagchúirt Scoil an Dlí oscailte do chuairteoirí, agus reáchtálfar cúig thuras an dá lá. An aidhm atá leis an mBréagchúirt eispéireas éisteachta cáis cúirte a mhacasamhlú dár gcuid mac léinn. Ní mór clárú roimh ré ag Seastán 4 sa Zón Oráiste.

-       Tá zóin idirghníomhacha á dtairiscint ag Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta chun tuilleadh eolais a fháil faoi chonairí oideachais agus cúrsaí ó 9am go dtí 3pm ar an Aoine agus ar an Satharn sa Zón Glas (Innealtóireacht) agus sa Zón Corcra (Eolaíocht agus Ríomheolaíocht).

-       Fearfar fáilte roimh chuairteoirí a bheith páirteach i Máistir-Rang Drámaíochta, ar ceardlann drámaíochta phraiticiúil atá ann trínar féidir blaiseadh a fháil de chéim na hOllscoile i Léann na Drámaíochta, na hAmharclannaíochta agus an Taibhléirithe. Tá teorainn leis an méid spásanna agus ní mór clárú roimh ré ag an seastán Drámaíochta sa Zón Oráiste.

-       D’fhéadfadh spéis a bheith ag na daltaí sin a bhfuil luí acu leis an gceol i Máistir-Rang Ceoil leis an ConTempo Quartet, a n-aithnítear é a bheith ar cheann de na grúpaí ceoil aireagail is bríomhaire dá bhfuil ann i láthair na huaire.Beidh an máistir-rang ar siúl ar an Aoine amháin ag 1pm in Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith sa Zón Bándearg.

Áirítear le sceideal na laethanta oscailte freisin sraith cainteanna a chabhróidh le daltaí agus le tuismitheoirí ullmhú don choláiste agus ina measc tá cainteanna ar Shaol na Mac Léinn, Spórt, Staidéar Thar Lear, Gairmeacha agus obair dheonach ALIVE.

Eagróidh an tIonad Rochtana seisiúin ar bhealaí iontrála eile, ar thacaíochtaí do mhic léinn lánfhásta agus ar an mbealach iontrála QQI/FETAC/PLC. Tugtar cuireadh do thuismitheoirí freastal ar Chaint na dTuismitheoirí a bheidh ar siúl ag 11.30am (ar an Satharn amháin) áit a mbeidh comhairle agus treoir le fáil ar an gcaoi ar féidir le tuismitheoirí tacú lena gclann agus iad ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal. 

Leag Sarah Geraghty, an Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana, béim ar an tábhacht a bhaineann le deiseanna a sholáthar do dhaltaí chun an campas a fheiceáil agus smaoineamh ar a gcuid staidéir amach anseo: "An aidhm atá ag na laethanta oscailte blaiseadh de shaol an choláiste a thabhairt do dhaltaí agus tá súil againn go dtuigfidh siad go mbeidh deiseanna iontacha acu sa todhchaí má roghnaíonn siad staidéar san ollscoil seo. Rangaíodh ár nOllscoil  i measc an 2% is fearr d'ollscoileanna ar domhan, i measc an 100 ollscoil is fearr san Eoraip chomh maith le bheith sa 34ú háit ar domhan, agus sa chéad áit in Éirinn, de réir Ranguithe Tionchair Times Higher Education (THE) as an dul chun cinn atá déanta aici i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) a chur chun cinn. Tá ár léachtóirí, comhaltaí foirne agus mic léinn ag súil le bualadh leis na daltaí meánscoile atá ag cuimhneamh ar staidéar anseo agus cabhrú leo cíoradh a dhéanamh ar na conairí éagsúla staidéir agus gairme atá rompu san ollscoil seo.

Is gá clárú roimh ré, agus tá tuilleadh eolais agus an clár iomlán ar fáil ag www.universityofgalway.ie/opendays, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig opendays@universityofgalway.ie.

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories