An Teanglann – seomraí ateangaireachta den scoth – oscailte go hoifigiúil

Tuesday, 23 April 2024

Ollscoil na Gaillimhe
An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, agus Ard-Stiúrthóir Ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh (DG SCIC), Genoveva Ruiz Calvera. Grianghraf – Andrew Downes/Xposure

Tá an Teanglann seolta go hoifigiúil ag Ollscoil na Gaillimhe. Seomraí ateangaireachta comhdhála agus áis teagaisc í an Teanglann agus léiríonn sí seasamh na hOllscoile mar phríomhinstitiúid na hÉireann chun oideachas a chur ar ateangairí.

Is léiriú iad na háiseanna ar an éacht atá déanta i ndáil le hoiliúint, oideachas agus taighde ar an ateangaireacht in Éirinn agus ní fhéadfaí iad a fhorbairt murach an comhoibriú leis an gCoimisiún Eorpach, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Ollscoil na Gaillimhe.

D’oscail Ard-Stiúrthóir Ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh (DG SCIC), Genoveva Ruiz Calvera, An Teanglann go hoifigiúil.

Dúirt Genoveva Calvera: “Is mór an onóir freastal ar shearmanas oscailte na teanglainne ateangaireachta agus a fheiceáil go bhfuil toradh ag teacht ar an gcomhoibriú atá le fada an lá idir an Ard-Stiúrthóireacht SCIC agus Ollscoil na Gaillimhe agus céimithe óga ateangaireachta i mbun ateangaireacht Ghaeilge d’Institiúidí an AE cheana féin.”

Dúirt Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit le freagracht as an nGaeltacht: “Is cúis áthais dom go raibh sé ar chumas mo Roinne, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, an maoiniú a chur ar fáil do na seomraí oiliúna ateangaireachta comhdhála seo in Ollscoil na Gaillimhe. Is mór an t-éacht é áiseanna den scoth a bheith ar fáil do mhic léinn chun ceird na hateangaireachta comhdhála a fhoghlaim agus níl aon amhras orm ach go meallfaidh na seomraí oiliúna ateangaireachta seo go leor mic léinn chuig an MA san Ateangaireacht Chomhdhála; dá thoradh sin beidh soláthar de chéimithe oilte ateangaireachta a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge agus i dteangacha eile ar fáil le dul i mbun róil thábhachtacha san Eoraip.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Is ócáid thar a bheith tábhachtach é seoladh na Teanglainne Ateangaireachta Comhdhála seo don Ollscoil agus d’Éirinn trí chéile agus is léiriú maith iad ar luach an bhairr feabhais agus ar an deis atá againn na caighdeáin is airde san oideachas a chur ar fáil.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don tacaíocht fhíorluachmhar ón gCoimisiún Eorpach agus ón Rialtas don tionscadal seo chun na chéad ateangairí eile a oiliúint don Eoraip agus níos faide i gcéin. Leis an deis seo is féidir ár gcuid mac léinn a chumasú mar cheannairí na todhchaí i réimse na hateangaireachta comhdhála agus cuireann sé béim ar thiomantas an ilteangachais agus na caighdeáin is airde ateangaireachta a chur chun cinn san AE agus níos faide i gcéin. 

“Cuirimid fáilte mhór roimh an Ard-Stiúrthóir Genoveva Ruiz Calvera chuig an Ollscoil. Ó tharla í a bheith anseo linn is léiriú é ar an tábhacht a bhaineann lenár gcomhoibriú agus an tiomantas atá againn araon oideachas agus cleachtas ateangaireachta teanga a chur chun cinn.” 

Dúirt an tOllamh Rebecca Braun, Déan Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh: “Trí iarrachtaí comhoibríocha agus tionscnaimh nuálacha, tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta i gcónaí do thodhchaí an oideachais ateangaireachta teanga a mhúnlú agus cumarsáid thraschultúrtha a chur chun cinn ar scála domhanda. Tá ríméad orainn na deiseanna a chuireann na háiseanna ateangaireachta comhdhála ar fáil dár gcuid mac léinn a fheiceáil, chomh maith le caidrimh a fhorbairt agus a chothú le heagraíochtaí ar nós an tAE agus na NA agus le daoine gairmiúla san earnáil.”

Dúirt Susan Folan, Ateangaire Gairmiúil Comhdhála agus Stiúrthóir Cláir an MA san Ateangaireacht Chomhdhála: "Deimhníonn an áis nua seasamh Ollscoil na Gaillimhe mar an t-aon institiúid in Éirinn a thairgeann sainoiliúint d’ateangairí comhdhála. Trí na seomraí nua seo beimid in ann cruinnithe ilteangacha a reáchtáil le hateangaireacht i 6 theanga dhifriúla ag an am céanna. Nascann an teicneolaíocht ár gcuid mac léinn le hoiliúnóirí gairmiúla agus le taighdeoirí ateangaireachta ar fud an domhain as croílár an champais. Tá gairm fhuinniúil dhomhanda roimh chéimithe tar éis taithí a fháil ar sheomra ranga fuinniúil agus cuimsitheach.”

Tá trí sheomra ateangaireachta sa Teanglann agus sé bhoth san iomlán. Tá dhá chonsól chaighdeánacha ateangaire i ngach both agus tá siad feistithe leis an teicneolaíocht is nuaí.

Is féidir na trí sheomra a nascadh le chéile do chruinnithe móra, le clúdach teanga níos fearr, agus freisin bíonn oiliúint chianda chomhuaineach (RSI), atá tagtha chun cinn sa mhargadh ó aimsir Covid níos éasca dá bharr.

Tá an Teanglann deartha ar mhaithe leis an eispéireas tumfhoghlama, chun oideachas ateangaireachta agus an teagasc hibrideach a chur chun cinn. Tá idir oiliúnóirí na hOllscoile, ar gairmithe cleachtacha iad go léir, agus ateangairí atá ag obair in institiúidí comhpháirtíochta idirnáisiúnta amhail an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa agus na Náisiúin Aontaithe ag obair sa Teanglann, rud a chuireann leis an eispéireas foghlama agus a chinntíonn go bhfuil sé ábhartha do chásanna i saol an lae inniu. 

Tá an áis á húsáid acu siúd atá i mbun an MA san Ateangaireacht Chomhdhála, ar a mbíonn 15 mhac léinn in aghaidh na bliana faoi láthair. Is as Éirinn, Ceanada, an Spáinn, an Cholóim, an Iodáil agus an Fhrainc na mic léinn ar an gclár Máistreachta i mbliana, le raon teangacha dúchasacha na dtíortha sin, chomh maith le Gearmáinis agus Béarla. Is féidir freastal ar theangacha eile ar an gclár freisin, ag brath ar éileamh.

Críoch

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories