Lá spraoi teaghlaigh in aisce in Ollscoil na Gaillimhe do Sheachtain na nInnealtóirí 2024

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag iarraidh ar gach Sárlaoch Innealtóireachta teacht chuig an gcampas Dé Sathairn, an 2 Márta don Lá Spraoi Teaghlaigh chun foghlaim faoin innealtóireacht trí ghníomhaíochtaí agus seónna spreagúla spraíúla. Creidiúint: Magdalena Hajdukiewicz, Ollscoil na Gaillimhe.
Feb 26 2024 Posted: 10:00 GMT

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag iarraidh ar gach duine, idir óg agus aosta, ar mian leo a bheith ina n-innealtóirí, páirt a ghlacadh in imeacht teaghlaigh saor in aisce an deireadh seachtaine seo.

Beidh ‘Innealtóirí na Todhchaí: Lá Spraoi Teaghlaigh’ ar siúl Dé Sathairn, an 2 Márta ó 10am go 4pm in Áras Innealtóireachta Alice Perry.

Tá an imeacht eagraithe mar chuid de Sheachtain na nInnealtóirí 2024, a dhéanann ceiliúradh ar an innealtóireacht ar fud na hÉireann, agus beidh neart seónna eolaíochta agus innealtóireachta, taispeántais scannán, ceardlanna agus gníomhaíochtaí praiticiúla ar fáil a spreagfaidh daoine óga agus aosta.

Mar aon le seónna beo, ar nós Fun Fantastic Physics, is féidir le teaghlaigh freastal ar dhá léiriú scannáin i rith an lae – Dream Big: Engineering Our World agus John Phillip Holland: Submarine Inventor.

Dúirt an tOllamh Jamie Goggins, Scoil na hInnealtóireachta in Ollscoil na Gaillimhe, gur innealtóirí nádúrtha iad leanaí mar gur breá leo rudaí a dhearadh agus a thógáil, ag baint úsáid as cibé rud is féidir leo a fháil: “Le heolas, nuálaíocht agus cruthaitheacht, athraíonn innealtóirí réaltacht agus todhchaí gach cine daonna. Ba mhaith linn an oiread teaghlach agus is féidir a bheith páirteach linn le haghaidh imeachtaí an lae chun Seachtain na nInnealtóirí a cheiliúradh agus chun an innealtóireacht a fhiosrú trí ghníomhaíochtaí agus seónna spraíúla, chomh maith le bualadh le hinnealtóirí chun níos mó a fhoghlaim faoin domhan mórthimpeall orainn, ról na hinnealtóireachta inár saol a thuiscint mar aon lena tionchar ar ár dtodhchaí.”

I rith an lae beidh deis ag teaghlaigh a dtuirbín gaoithe féin a thógáil; tuiscint bhunúsach a fháil ar ról agus struchtúr ceall agus DNA le Taiscéalaithe na gCeall; bithábhar a thógáil ag baint úsáid as sláthach; spraoi le priontáil 3D; foghlaim conas rothair a dheisiú le cabhair ón Meitheal Rothar; breathnú ar an GEEC: Carr na Gaillimhe atá Tíosach ar Fhuinneamh; spraoi i limistéir shúgartha LEGO nó STEM; nó sos a ghlacadh sa seomra céadfach. 

Is féidir le lucht freastail a gcuid scileanna tiomána agus braistintí guaise a chleachtadh ar ionsamhlóirí gluaisteán, gluaisrothair nó rothair den scoth a chuirfidh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ar fáil.

Beidh na gníomhaíochtaí seo agus go leor gníomhaíochtaí eile a thaispeánann saol na hinnealtóireachta sibhialta, comhshaoil, meicniúla, bithleighis, leictreonaí, fuinnimh agus ríomhaireachta ar fáil ar an lá. 

Tá clár iomlán imeachtaí an Lae Spraoi Teaghlaigh ar fáil ag www.universityofgalway.ie/engineersweek/.

Tá ticéid saor in aisce, agus is féidir iad a chur in áirithe do roinnt seónna roimh ré ar an láithreán gréasáin. Moltar do theaghlaigh freisin teacht ar an lá, agus tabharfar tús áite dóibh siúd is túisce a bheidh i láthair.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories