Deiseanna staidéir iarchéime le poibliú ag Lá Oscailte Ollscoil na Gaillimhe

Jan 30 2024 Posted: 15:19 GMT

Díreofar ar dheiseanna chun infhostaitheacht a fheabhsú agus a chuirfidh ar chumas an fhostaí tuilleadh airgid a dhéanamh ag Lá Oscailte Iarchéime 2024 Ollscoil na Gaillimhe, áit a mbeidh léargas cuimsitheach ar na roghanna staidéir atá á dtairiscint.

Beidh an Lá Oscailte Iarchéime ar siúl i Halla Bailey Allen Dé Máirt, an 6 Feabhra 2024 ó 12pm-3pm.

Beidh eolas le fáil faoi na cláir iarchéime lánaimseartha agus pháirtaimseartha atá á dtairiscint ag an Ollscoil, lena n-áirítear máistreachtaí múinte agus taighde, chomh maith le roghanna taighde dochtúireachta.

Tabharfar deis do chuairteoirí iniúchadh a dhéanamh ar na treochtaí fostaíochta agus tionscail is déanaí, ar dheiseanna scoláireachta agus maoinithe, chomh maith le comhairle a fháil faoin gcaoi iarratas rathúil a dhéanamh.

Mar chuid d’fhócas straitéiseach Ollscoil na Gaillimhe maidir le haitheantas a thabhairt don tsárfheidhmíocht agus do rathúlacht, tá gach mac léinn iarchéime de chuid an AE a bhfuil céadonóracha bainte amach aige nó aici ina f(h)ochéim i dteideal cur isteach ar scoláireacht €1,500 i dtreo cúrsa Máistreachta múinte san Ollscoil in 2024.

Bhí an méid seo le rá ag Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana in Ollscoil na Gaillimhe: “Is infheistíocht i do ghairm bheatha í cáilíocht iarchéime. Molaimid do chuairteoirí iad féin a chur ar an eolas faoi na deiseanna atá ann iad féin a dhéanamh níos infhostaithe trí chur lena gcuid scileanna agus saineolais ina réimse oibre féin. Tagann fianaise ón saol oibre go leanúnach gurbh fhiú go mór don fhostaí cáilíocht iarchéime a bheith aige nó aici nuair atá an tuarastal tosaigh á ríomh i ndiaidh na céime, agus leantar leis an mbuntáiste sin i rith shaol gairmiúil an fhostaí.”

Cuireann Ollscoil na Gaillimhe tús le cláir iarchéime nuálaíocha gach bliain, ar cláir foghlama uathúla go leor acu agus iad deartha go sainiúil chun freastal ar riachtanais an ionaid oibre agus ar a bhfuil á éileamh ag an margadh.

I measc na gclár nua atá fógartha le déanaí tá an MSc Teicneolaíocht Airgeadais (Eacnamaíocht agus Teicneolaíocht Airgeadais) a bheadh feiliúnach dóibh siúd a bhfuil céim acu i ngnó, eacnamaíocht nó airgeadas, nó céimithe ríomheolaíochta nó innealtóireachta a bhfuil cúlra san eacnamaíocht acu, agus tá an MSc (Bainistíocht agus Inbhuanaitheacht) seolta an athuair, ar clár é a bhfuil sé d’aidhm aige ceannairí gnó a sholáthar a spreagfaidh athruithe chun feabhais, a chuirfidh le cleachtais ghnó fhreagracha agus a mbeidh tionchar buan acu ar an domhan.

Tá LLM nua seolta ag Scoil an Dlí sa Choireolaíocht, sa Cheartas Coiriúil agus i gCearta an Duine as a dtiocfaidh féidearthachtaí i ngníomhaireachtaí ceartais choiriúil ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí idir-rialtasacha agus sna cúirteanna dlí.

Deis atá sa lá oscailte seo chomh maith tuilleadh a fhoghlaim faoin raon clár solúbtha, páirtaimseartha agus ar líne a dearadh d’fhoghlaimeoirí atá ag filleadh ar an staidéar nó ag féachaint le hathrú gairme nó le scileanna breise a shealbhú a rachaidh chun tairbhe leo ina bpost reatha.

Is féidir leo siúd ar spéis leo freastal ar an imeacht seo áirithint a dhéanamh anois ag https://universityofgalway.ie/choose-postgrad/

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories