Oíche Eolais á Reáchtáil ag Ollscoil na Gaillimhe do mhic léinn lánfhásta agus d’fhoghlaimeoirí fásta

Jan 03 2024 Posted: 10:49 GMT

Reáchtálfaidh Ionad Rochtana Ollscoil na Gaillimhe an oíche eolais bhliantúil sin a dhíreoidh ar riachtanais na mac léinn lánfhásta agus na bhfoghlaimeoirí fásta atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi staidéar lánaimseartha nó páirtaimseartha don bhliain acadúil 2024.

Beidh an oíche eolais ar siúl Dé Céadaoin, an 10 Eanáir, ó 6.30-9pm san Institiúid Cúrsa Saoil agus Sochaí, Bóthar an Chaisleáin Nua Uachtarach, Gaillimh.

Tá an ócáid ceart dírithe go háirithe orthu siúd atá 23 bliain d’aois nó níos sine atá ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi na roghanna staidéir atá ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe.

Beidh deis ag an lucht freastail deiseanna a phlé le mic léinn lánfhásta reatha agus le saineolaithe na gcúrsaí, rud a chabhróidh leo cinneadh a dhéanamh faoi na roghanna is fearr a d’oirfeadh dá gcúinsí pearsanta agus dá riachtanais forbartha gairmiúla.

Bhí an méid seo le rá ag Kathleen Hartigan, Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta in Ionad Rochtana Ollscoil na Gaillimhe: “Tá a dhíograisí is a bhíonn mic léinn lánfhásta feicthe againn i gcaitheamh na mblianta, agus cuireann a ndúil san fhoghlaim go mór lenár bpobal campais. Táimid tiomanta an t-eolas atá de dhíth orthu a chur ar fáil dóibh le go mbeidh siad in ann an rogha oideachais is oiriúnaí dóibh féin a dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe.”

Déanfaidh Ionad Forbartha Gairmeacha na hOllscoile cur i láthair faoin gcaoi conairí gairme a fhiosrú agus plean oideachais agus gairme a chur i dtoll a chéile.

Bhí an méid seo le rá ag Nuala McGuinn, Stiúrthóir an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh, Ollscoil na Gaillimhe: “Tabharfaidh saineolaithe san oideachas aosach ó réimsí na gcúrsaí fochéime, iarchéime agus páirtaimseartha léargas ar na cúrsaí atá ann, ar na sceidil sholúbtha agus na seirbhísí tacaíochta atá curtha in oiriúint do riachtanais na bhfoghlaimeoirí lánfhásta.”

Beidh baill den Ionad Rochtana ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt faoi chúrsaí réamh-ollscoile ar nós cúrsaí Rochtana/Bonnchúrsaí. Beidh na Seirbhísí Tacaíochta Míchumais, a bhfuil saineolas acu faoin gcaoi tacú le mic léinn a bhfuil riochtaí sláinte (fisiciúil nó meabhrach) fadtéarmach orthu, nó a bhfuil deacracht shonrach foghlama acu, i láthair chun treoir a thabhairt do mhic léinn ionchasacha.

 Ní mór clárú don ócáid seo. Cláraigh anseo nó seol ríomhphost chuig maturestudents@universityofgalway.ie. Tá tuilleadh eolais le fáil ag https://universityofgalway.ie/mature/.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories