Gradaim Aitheantais Speisialta Gaeilge bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar dhaltaí na Sraithe Sóisearaí

Wednesday, 6 March 2024

Ollscoil na Gaillimhe
Scoláirí ó Choláiste na Trócaire, Sligeach le hUachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh agus lena gcuid múinteoirí Emer McTernan, Maria Hyland agus Clare McMorrow.

Tá Gradaim Aitheantais Speisialta Gaeilge bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar dhaltaí ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil Gaeilge na Sraithe Sóisearaí.  

D’fhreastail thart ar 140 dalta ó 40 scoil i nDún na nGall, Co. an Chláir, Co. Mhaigh Eo, Co. Liatroma, Co. Shligigh, Co. Ros Comáin agus Co. na Gaillimhe ar ócáid speisialta a reáchtáladh san Ollscoil chun aitheantas a thabhairt do na héachtaí atá bainte amach acu agus iad a cheiliúradh.

Áirítear na daltaí i measc an 3.1% de dhaltaí ar fud na tíre ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach sa pháipéar ardleibhéil T2 Gaeilge go náisiúnta, nó an 4% de na daltaí a bhain pas le gradam amach sa pháipéar ardleibhéil T1 Gaeilge sa tSraith Shóisearach in 2023 trí scór idir 90% agus 100% a bhaint amach.

Chuir Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh fáilte chroíúil roimh na daltaí agus a dteaghlaigh chuig an gcampas, agus rinne sé comhghairdeas leis na príomhoidí agus leis na múinteoirí, agus é ag tabhairt aitheantais dóibh as an dea-obair atá ar bun acu féin sna scoileanna. “Mar chuid dár dtiomantas campas dátheangach a chothú agus don ról ceannaireachta atá againn san ardoideachas agus i dtaighde na Gaeilge a chur chun cinn, tá an-áthas orainn na gradaim seo a bhronnadh anseo inniu. Tugann na gradaim seo aitheantas do dhaltaí a bhfuil éachtaí déanta acu agus pas le gradam bainte amach acu i scrúduithe na Sraithe Sóisearaí. Den dara bliain as a chéile, déanaimid ceiliúradh ar na sár-éachtaí sin, agus muid ag cur béim ar thábhacht na Gaeilge ní hamháin in Ollscoil na Gaillimhe ach freisin i réimse an oideachais trí chéile agus i measc na bpobal atá tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo bhríomhar.”

 

Aithnítear an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbeidh pobail bhisiúla Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht i gcéad straitéis Ghaeilge na hOllscoile, Straitéis na Gaeilge 2021-2025, a seoladh i mí Iúil 2021.  

Tugadh aitheantas do na pobail sin ag an ócáid seo den chéad uair in 2023 agus arís in 2024 agus an Ollscoil ag déanamh cúraim don ról a chuir sí roimpi sa Straitéis, ó thaobh ceannasaíocht a thabhairt don ardoideachas i nGaeilge agus meas a léiriú ar lucht labhartha na Gaeilge.

Críoch 

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories