Seachtain Frithchiníochais Nelson Mandela in Ollscoil na Gaillimhe

Tuesday, 19 March 2024

Ollscoil na Gaillimhe

Tá an clár imeachta do Sheachtain Frithchiníochais Nelson Mandela na bliana seo fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe.

Is é Zak Moradi, ar iománaí agus údar Coirdíneach-Éireannach é a scríobh Life Begins in Leitrim, a sheol an clár imeachtaí a mairfidh go dtí Dé Luain, an 25 Márta agus atá á reáchtáil ag an am céanna leis an Lá Idirnáisiúnta chun Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú a cheiliúrtar gach bliain an 21 Márta. 

I measc bhuaicphointí an chláir, fógrófar céad Scoláireacht Sár-Lúthchleasaí Tom Molineaux do mhic léinn ar de bhunadh mionlaigh eitnigh iad mar chuimhneachán ar an sclábhaí a bhain úsáid as an dornálaíocht chun a shaoirse a bhaint amach, agus atá curtha i nGaillimh.

Déantar comóradh sa chlár chomh maith ar an 21 bliain atá caite ón uair a bhronn Ollscoil na Gaillimhe dochtúireacht oinigh ar Nelson Mandela in 2003.

Déanfaidh Ambasadóir na hAfraice Theas chun na hÉireann, Mabet van Rensburg, an lá stairiúil sin a chomóradh tríd an aitheasc tosaigh a thabhairt san Ollscoil Dé hAoine, an 22 Márta. Beidh plé painéil ina dhiaidh sin dar teideal 'An Caidreamh idir Ollscoil na Gaillimhe agus an Afraic Theas a Láidriú'.

Seo mar a labhair Mabet van Rensburg roimh a cuairt: "Mar go bhfuilimid ag ceiliúradh Nelson Mandela agus a throid i gcoinne an chiníochais an tseachtain seo, is am tráthúil é tarraingt ar an méid a dúirt sé féin.  Dúirt Madiba tráth gurb é “an t-oideachas an uirlis is cumhachtaí dá bhfuil ann chun an domhan a athrú”. Cothaíonn an t-oideachas muinín, agus as an muinín tagann dóchas agus, ar deireadh, síolraítear an tsíocháin ón dóchas. Maireann tionchar ollscoileanna ar feadh na síoraíochta, agus ní féidir a rá cá háit a dtiocfaidh deireadh lena dtionchar. Déantar an t-aos óg a chumasú trí naisc a bhunú idir institiúidí, cosúil le hOllscoil na Gaillimhe, agus an toradh air go dtagann feabhas ar an saol agus ar phobail, agus go n-imrítear éifeacht dhearfach ar an domhan mór.”

Déanfaidh an Ollscoil céad Scoláireacht Sár-Lúthchleasaí Tom Molineaux do mhic léinn ar de bhunadh mionlaigh eitnigh iad a sheoladh. Rugadh Tom Molineaux ina sclábhaí in 1785 agus bhain sé úsáid as an dornálaíocht chun a shaoirse a bhaint amach. Bhí clú agus cáil air go hidirnáisiúnta mar fhear mór spóirt sular cailleadh é, agus é beo bocht, i nGaillimh in 1818. Beidh taispeántas faoi shaol Tom oscailte don phobal i rith na seachtaine i bPlás Leabharlann Uí Argadáin agus beidh an  chéad taispeáint phoiblí de chlár faisnéise TG4, Tom Molineaux - Crossing The Black Atlantic, ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe Dé hAoine ón 2.30-4.30 in The View, Áras na Mac Léinn.

I measc na gcainteoirí clúiteacha i rith na seachtaine, tá an Dr Mads Gilbert a thabharfaidh léacht ar ‘Health Apartheid in Palestine’ an 19 Márta, agus Francesca Albanese agus Maha Abdallah a dhéanfaidh plé Dé hAoine, an 22 Márta ar an staid reatha in Gaza agus ar impleachtaí an cháis dlí cinedhíothaithe atá tionscanta ag an Afraic Theas sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.

Beidh roinnt imeachtaí á reáchtáil ar an gcampas i rith na seachtaine, agus áirítear leo ceardlanna, taispeántais, ceolchoirmeacha beo, oiliúint comhionannas ciníocha, seisiúin idirghníomhacha, seimineáir agus plé painéil.

Dúirt an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: "Seasaimid san Ollscoil an tseachtain seo leo siúd ar fad a chreideann i gcomhionannas agus tugann sé deis dúinn gníomhú ar luachanna na hOllscoile, mar atá meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht, trí chomhionannas ciníocha agus frithchiníochas a chur chun cinn. Tá cúlchríoch éagsúil ag Gaillimh, agus is maith ann í. Ceiliúradh é seo ar an éagsúlacht sin agus tarraingíonn sé aird ar an ngá atá ann le ceannaireacht chun muid a threorú i dtreo sochaí chuimsitheach inar féidir le gach duine maireachtáil faoi shaoirse agus saor ó leithcheal agus naimhdeas." 

Dúirt an Dr Helen Maher, an Leas-Uachtarán Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe, Ollscoil na Gaillimhe: "Tarraingeoidh an clár imeachtaí éagsúla atá á reáchtáil againn i rith an dara Seachtain Frithchiníochais Nelson Mandela aird ar shaincheisteanna agus ar imeachtaí éagsúla a dhéanann difear do ghrúpaí eitneacha mionlaigh in Éirinn agus ar fud an domhain.  Áirítear leis tionscnaimh atá á stiúradh ag mic léinn agus ag comhaltaí foirne agus dearadh iad le bheith idir mhachnamhach agus idirghníomhach, agus muid ag súil go n-éascóidh siad plé, foghlaim agus rannpháirtíocht ar raon leathan saincheisteanna a bhaineann le cine, eitneachas agus frithchiníochas."

I measc bhuaicphointí na seachtaine tá:

  • Ceolchoirm leis an gCumann Ceolfhoirne – Dé Céadaoin, an 20 Márta ag 1pm, The Cube, Áras na Mac Léinn
  • Seimineár faoi Stát na hÉireann agus Iarratasóirí LGBT+ ar Chosaint Idirnáisiúnta – Déardaoin, an 21 Márta ag 2pm in Áras na Mac Léinn
  • Ceardlann ar Phobail a Nascadh: Pobail na Gaillimhe i gcoinne an Chiníochais agus an Leithcheala – Déardaoin, an 21 Márta ag 3.30pm in Áras na Mac Léinn
  • Léacht Ionad na hÉireann do Chearta an Duine: Impleachtaí an Cháis Dlí Cinedhíothaithe atá Tionscanta ag an Afraic Theas sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta – Dé hAoine, an 22 Márta ón 6.15-8.10pm san Áras Bitheolaíochta Daonna
  • Walk the Talk Galway: Siúlóid an Daingin – Dé Sathairn, an 23 Márta ag 12pm, ag tosú ag Halla an Chladaigh agus ag críochnú ag Áras Oirbsean ar an gcampas.
  • Holi – Ceiliúradh na nDathanna – Dé Domhnaigh, an 24 Márta ón 12-4pm ar Fhaiche an Choláiste

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun an clár imeachtaí iomlán a fheiceáil, téigh chuig https://www.universityofgalway.ie/equalityanddiversity/raceequality/nelson-mandela-anti-racism-wk/2024/

Críoch

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories