-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose NUI Galway as their University of choice. Find out what life at NUI Galway is all about here.
-
About NUI Galway
About NUI Galway
Since 1845, NUI Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
NUI Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
NUI Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at NUI Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at NUI Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni, Friends & Supporters
Alumni, Friends & Supporters
There are over 90,000 NUI Galway graduates Worldwide, connect with us and tap into the online community.
-
Community Engagement
Community Engagement
At NUI Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
Dioplóma sa Chultúr Dúchais
Forléargas ar an gCúrsa
Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcultúr dúchais agus i mbéaloideas na hÉireann. Is é aidhm an chúrsa eolas a roinnt le rannpháirtithe le go bhfaighidh siad léargas ar shaibhreas an chultúir sin. I measc na n-ábhar a chlúdaítear tá:
- Deasghnátha, nósanna agus tuiscintí traidisiúnta an Bhéaloidis
- Na hEalaíona Dúchais: Amhránaíocht, ceol & damhsa
- An Cultúr Ábhartha: Bealaí maireachtála agus ceirdeanna traidisiúnta
Cuirtear an cúrsa ar fáil ar an Idirlíon den chuid is mó, ar bhealach a thabharfaidh deis do rannpháirtithe tabhairt faoi ina n-am féin.
Iarratais agus roghnúchán
Tá an cúrsa ar siúl anois agus ní féidir linn glacadh le hiarratais nua.
Eolas faoi na teagascóirí
Dónal Ó Droighneáin, MA
Odharnait Ní Chéilleachair, MA
Mícheál Ó Domhnaill, MA
Riachtanais agus measúnú
Feilfidh an cúrsa do dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu agus fáil acu ar nasc Idirlín. Déantar measúnú ar obair na bhfoghlaimeoirí trí mharcanna a bhronnadh ar aistí, agus ar ghníomhaíochtaí leanúnacha ar líne a bhíonn ar siúl i rith na bliana (fóram plé an chúrsa mar shampla). Ní bhíonn aon scrúdú scríofa foirmiúil le déanamh don chúrsa seo.
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Ní gá duit aon eolas faoi leith a bheith agat ar an gCultúr Dúchais le páirt a ghlacadh sa chúrsa seo. Mar a luadh roimhe seo buntáiste a bheadh ann caighdeán maith Gaeilge a bheith agat (léamh na Gaeilge ach go háirithe) agus dar ndóigh mar gur ar an Idirlíon a mhúintear formhór an chúrsa bheadh sé tábhachtach go mbeadh fáil agat ar ríomhaire / an tIdirlíon.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Dhá bhliain, páirtaimseartha
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2020
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
25
Spriocdháta
Leibhéal NFQ
7
Modh staidéir
Foghlaim chumaisc
Meáchan ECTS
30
Dámhachtain
Teastas/Dioplóma
Cód CAO
Cód
Imlíne an chúrsa
Trí mhodúl in aghaidh na bliana a bhíonn le déanamh ag foghlaimeoirí mar a léirítear thíos.
Bliain 1
Cúlra & Comhthéacs an Bhéaloidis
Léann an Bhéaloidis in Éirinn agus gnéithe éagsúla den bhéaloideas
Gnéithe de na hEalaíona Dúchais
Amhránaíocht, ceol & damhsa traidisiúnta
Deasghnátha agus Nósmhaireacht Thraidisiúnta
Tuiscintí & nósanna traidisiúnta bainteach le breith agus bás; féilte na bliana; leigheas traidisiúnta
Bliain 2
An Cultúr Ábhartha
Bealaí maireachtála agus ceirdeanna traidisiúnta
An tOsnádúr sa Bhéaloideas
Tuiscintí dúchasacha faoin ‘saol eile’ sa bhéaloideas & a dtábhacht sa phobal traidisiúnta
Aicmí na nAmhrán
Na cineálacha difriúla amhrán traidisiúnta; tréithe, stíleanna agus téamaí
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Cé go bhfuil an cúrsa seo dírithe ar gach duine a bhfuil spéis acu san ábhar, bhainfeadh daoine atá ag obair nó ar mhaith leo oibriú i réimsí áirithe tairbhe as freisin, mar shampla:
- Turasóireacht chultúrtha
- Forbairt phobail
- Ealaíona cruthaitheacha
- Múinteoireacht
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Tuilleadh eolais
Dónal Ó Droighneáin
Ionad an Acadaimh, Carna,
Co. na Gaillimhe, Éire.
T: +353 91 494629
R: donal.odroighneain@oegaillimh.ie
Odharnait Ní Chéilleachair
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Campas na hOllscoile, Gaillimh
T: +353 91 495449
R: odi.nicheilleachair@oegaillimh.ie
Micheál Ó Domhnaill
Ionad an Acadaimh, Gaoth Dobhair,
Co. Dhún na nGall, Éire.
T: +353 91 494662
R: modomhnaill@oegaillimh.ie
Cad a deir ár mic léinn

Dáirine Ní Mheadhra | Dioplóma sa Chultúr Dúchais, Corcaigh & Ceanada, 2014-16
Ba phléisiúr agus ba shásamh mór dom an Dioplóma sa Chultúr Dúchais a dhéanamh. Bhí saibhreas ár gcultúr dúchais, an amhránaíocht, an ceol agus an béaloideas, curtha inár láthair i mbealach ábhartha dúinn trí léachtaí, físeáin, agus taifeadtaí iontacha spéisiúla ar líne. Chomh maith leis sin bhí ceardlanna ‘beo’ i gConamara agus bhí an spreagadh ag baint leo. Bhí caighdeán agus fairsinge an eolais a bhí ar fáil thar barr agus bhí an fhoireann teagaisc an-chuidiúil go deo. Is tumadh iomlán é seo sa chultúr dúchais agus beidh iontas an tsaoil ort an bród a mhothóidh tú as ár n-oidhreacht ársa luachmhar!
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (3.2 MB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (761 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (2.4 MB)
-
Ábhair Oidí 2020 PDF (1.2 MB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (601 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (4.4 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (544 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (430 MB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (2.2 MB)
-
Dioplóma i bhForbairt Gréasáin PDF (2.6 MB)