Léiríonn Tairiscintí CAO OÉ Gaillimh go bhfuil Borradh faoin É‏ileamh ar Ábhair STEM

Aug 19 2019 Posted: 14:18 IST

Tá beagnach a dhá oiread cúrsaí anois in OÉ Gaillimh a bhfuil os cionn 500 pointe CAO luaite leo i gcomparáid le 2018

Nochtadh réimsí spéise rang na Ardteistiméireachta, 2019 inniu le heisiúint tairiscintí an CAO, agus tá méadú tagtha i mbliana ar an éileamh ar ábhair STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic).  Ar chláir OÉ Gaillimh a bhfuil ardú mór tagtha ar líon na bpointí arís i mbliana, tá Innealtóireacht Shibhialta, Innealtóireacht Leictreonach agus Ríomhaireachta, Ceimic Bhithchógaisíochta agus Innealtóireacht Córas Fuinnimh, rud a léiríonn an tsuim mhór atá in ábhair STEM, idir réimsí thraidisiúnta agus úrnua. Bhí éileamh ard arís i mbliana ar Eolaíocht Bhithleighis (533 pointe) agus ar Innealtóireacht Bhithleighis (519 pointe).

Bhí an méid seo le rá ag Bainisteoir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana OÉ Gaillimh, Sarah Geraghty: “Léiriú ar an tóir leanúnach atá ag mic léinn ar OÉ Gaillimh iad na harduithe suntasacha atá tagtha ar líon na bpointí CAO do chúrsaí san Ollscoil. Tá beagnach a dhá oiread cúrsaí anois in OÉ Gaillimh a bhfuil os cionn 500 pointe CAO luaite leo i gcomparáid le 2018. Léiríonn roghanna na bliana seo go bhfuil níos mó mac léinn tarraingthe i dtreo gairmeacha beatha in earnáil na teicneolaíochta agus na nuálaíochta, agus feictear go bhfuil an-tóir ar chúrsaí Teicneolaíochta-Leighis (MedTech) go mór mór. 

“Tugann an t-éileamh ar chláir nua OÉ Gaillimh, Dlí agus Cearta an Duine agus Rialtas (Polaitíocht, Eacnamaíocht agus Dlí) le fios go roghnóidh mic léinn cúrsaí a thabharfaidh deis dóibh gairmeacha beatha a bheith acu a ligfidh dóibh tionchar dearfach agus cumhachtach a bheith acu ar an saol mórthimpeall orthu.”  

Ar chuid de na pointí spéise eile bhí:

  • Ardú suntasach ar na cláir Dlí uile in OÉ Gaillimh, an chéim nua do 2019 Dlí agus Cearta an Duine ar 510 pointe CAO san áireamh.
  • Ar na cláir nua eile a tharraing spéis bhí Rialtas (Polaitíocht, Eacnamaíocht agus Dlí) ar 402 pointe CAO agus Oideachas (Eolaíocht Ríomhaireachta agus Staidéir Mhatamaitice) ar 401 pointe CAO.
  • Tá an-tóir i gcónaí ar an gcéim ghnó suaitheanta, an BComm (Eispéireas Domhanda), ar 509 pointe CAO.
  • Tháinig ardú ar na pointí do na cláir innealtóireachta ar fad in OÉ Gaillimh. Bhí trí cinn de na harduithe is mó i mbliana in Innealtóireacht Shibhialta (509 pointe CAO), Innealtóireacht Leictreonach agus Ríomhaireachta (509 pointe CAO)agus Innealtóireacht Córas Fuinnimh (532 pointe CAO). Léiríonn sé sin an spéis láidir i réimsí na hinnealtóireachta traidisiúnta mar aon leis na réimsí innealtóireachta sin atá ag teacht chun cinn. Beidh deis ag mic léinn a bhain na pointí CAO cuí amach chun cúrsa céime san innealtóireacht a dhéanamh in OÉ Gaillimh ach nach bhfuil an marc riachtanach acu sa mhatamaitic tabhairt faoi scrúdú cáilíochta Matamaitice ar an 20 Lúnasa. 
  • Tá éileamh ard i gcónaí ar chéimeanna sna Dána in OÉ Gaillimh, agus tóir faoi leith ar chláir sa tSíceolaíocht, Ceol, Iriseoireacht, Béarla agus Staidéar na Meán, Scríbhneoireacht Chruthaitheach agus Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Taibhléiriú.
  • Is léiriú ar láidreacht agus ar cháil OÉ Gaillimh sna hEolaíochtaí Bitheacha é an tóir a bhíonn ar an Eolaíocht Bhithleighis (533 pointe) agus an Innealtóireacht Bhithleighis (519 pointe). Ar na cláir san Eolaíocht ina bhfeictear arduithe móra i bpointí CAO tá Biteicneolaíocht (473 pointe CAO) agus Ceimic Bhithchógaisíochta (510 pointe CAO).
  • Tháinig ardú 43 pointe ar líon na bpointí don Leigheas Cosliachta, ar céim ar leith í de chuid OÉ Gaillimh sna heolaíochtaí sláinte, agus éileamh mór ar an gclár i mbliana.

Lean an tUasal Geraghty ag rá: “Tuigimid go mbíonn cinntí móra le déanamh ag mic léinn agus iad ag dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, agus tá beolíne ar leith do mhic léinn na chéad bhliana ar fáil anois chun cúnamh a thabhairt do mhic léinn le ceisteanna faoi shaol an choláiste in OÉ Gaillimh.”

Beidh Beolíne OÉ Gaillimh do Mhic Léinn na Chéad Bhliana ar oscailt ón 12 Lúnasa go dtí an 30 Meán Fómhair 2019. Is féidir glaoch ar an mbeolíne ag +353 (0) 91 493999 agus tá sé ar oscailt Luan go hAoine ón 9am-5pm.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories