Ollscoil na Gaillimhe ag ceiliúradh 25 bliain aitheantais dá céimithe

Wednesday, 3 April 2024

Ollscoil na Gaillimhe
Diarmuid de Faoite, Scríbhneoir, Aisteoir, Stiúrthóir, agus Heather Boyle, Iar-rámhaí idirnáisiúnta, Rothaí, Ceann Cumarsáide le Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann

Fógraíonn an Ollscoil an t-ochtar a mbeidh Gradam Alumni á bhronnadh orthu in 2024

Tá liosta na ndaoine a mbeidh Ollscoil na Gaillimhe ag bronnadh Gradam Alumni orthu in 2024 fógartha agus an Ollscoil ag déanamh ceiliúradh i mbliana ar na céimithe a bhfuil an t-aitheantas sin tugtha dóibh le 25 bliain anuas.

Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar dhaoine den scoth as 131,000 alumnus na hOllscoile trí aitheantas a thabhairt dá n-éachtaí suntasacha i réimsí éagsúla, idir áitiúil agus domhanda.

Beidh Mórfhéasta na nGradam Alumni ar siúl ar an gcampas i Halla Bailey Allen, Ollscoil na Gaillimhe Dé hAoine, an 10 Bealtaine 2024

I measc na ndaoine mór le rá ar bronnadh Gradam Alumni orthu chun dáta tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn; an t-iriseoir agus an craoltóir, Seán O'Rourke; an craoltóir, Gráinne Seoige; Feidhmeannach de chuid Goldman Sachs, Adrian Jones; iarcheannairí Pháirtí an Lucht Oibre, Eamon Gilmore agus Pat Rabbitte; an Breitheamh de chuid na Cúirte Achomhairc, Máire Whelan; an lúthchleasaí Oilimpeach agus Curadh an Domhain, Olive Loughnane; an t-aisteoir agus duine de bhunaitheoirí Amharclann an Druid, Marie Mullen; agus an t-aisteoir Nicola Coughlan.  

Seo a leanas na daoine a mbronnfadh Ollscoil na Gaillimhe gradam alumni orthu in 2024:  

  • Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil – urraithe ag Banc na hÉireann

            James Murphy – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Lifes2good.

  • Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach

Maureen Kennelly – Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon.

  • Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht

Caitriona Walsh – Uachtarán Tíre agus Stiúrthóir Bainistíochta, Novartis Ireland.

  • Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an tSochaí – urraithe ag RDJ

Shawan Jabarin – Stiúrthóir Ginearálta Al-Haq.

  • Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – urraithe ag Medtronic

An Dr Dermot Phelan – Iar-Chomhairleoir le Leigheas Dianchúraim, Ospidéal an Mater agus Ollamh Comhlach, COBÁC

  • Gradam Alumni don Ghaeilge

Diarmuid de Faoite – Scríbhneoir, Aisteoir, Stiúrthóir.

  • Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt

Heather Boyle – Iar-rámhaí idirnáisiúnta, Rothaí, Ceann Cumarsáide le Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann.

  • Gradam Alumni do Cheannaire Nua

Jack O’Meara – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Ochre Bio.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a fógraíodh buaiteoirí na nGradam: “Údar bróid dúinn a bheith in ann aitheantas a thabhairt do na halumni mór le rá seo a bhfuil an méid sin bainte amach acu ar mhaithe lena n-alma mater agus leis an tsochaí shibhialta i dtréimhsí dúshlánacha. Agus a bhfuil le rá acu ag teacht lenár dtuiscint féin ar ról Ollscoil na Gaillimhe sa tsochaí, glórtha tábhachtacha atá iontu ar fad ina réimsí féin. Léiríonn gach duine acu an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ár gcéimithe, agus is mór an onóir dúinn a bheith in ann aitheantas a thabhairt dóibh agus a bhfuil bainte amach acu a cheiliúradh, agus béim againn ar ár gcuid luachanna mar atá meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht.

Téigh chuig www.universityofgalway.ie/alumni-friends/alumniawardsgalabanquet chun ticéid a chur in áirithe nó déan teagmháil le Colm O’Dwyer ag colm.odwyer@universityofgalway.ie.

Críoch

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories