-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
Eachtra Blackbaud
FÓGRA MAIDIR LE SÁRÚ AR SHONRAÍ
Chuir ár soláthraí seirbhíse bunachair sonraí tríú páirtí, Blackbaud Inc., ar an eolas muid le deireanas faoi eachtra maidir le sárú sonraí a bhain lena gcuid córas. D’fhéadfadh go raibh líon teoranta de do chuid sonraí pearsanta i gceist leis an eachtra seo, agus cé go bhfuaireamar gealltanais nár baineadh agus nach mbainfear mí-úsáid as do chuid sonraí, táimid do do chur ar an eolas ionas go mbeidh tú feasach ar an sárú seo ar chórais Blackbaud agus chun gur féidir leat a bheith san airdeall.
Céard a tharla?
Tá Blackbaud ar cheann de na soláthraithe is mó a chuireann córais do bhainistíocht ar chaidreamh le custaiméirí ar fáil d’eagraíochtaí neamhbhrabúis agus d’earnáil an Ardoideachais. Baineann OÉ Gaillimh úsáid as an gcóras tríú páirtí seo le taifead a choinneáil ar an teagmháil a dhéantar le baill de phobal na hOllscoile, lena n-áirítear alumni agus líonraí fairsingithe agus tacadóirí. Ag an am seo, tuigtear dúinn gur aimsigh agus gur stop Blackbaud ionsaí ó bhogearraí éirice. Bhí tionchar ag an eachtra seo ar ollscoileanna go leor agus ar chliaint neamhbhrabúis eile de chuid Blackbaud go hidirnáisiúnta.
Tar éis dóibh an t-ionsaí a thabhairt faoi deara, d’éirigh le foireann Cibearshlándála Blackbaud—i gcomhar le saineolaithe fóiréinsice neamhspleácha agus forfheidhmiú an dlí— cosc a chur ar an gcibearchoirpeach bac a chur ar rochtain ar a gcuid córas agus comhaid a chriptiú go hiomlán; agus d’éirigh leo an cibearchoirpeach a dhíbirt ón gcóras ar deireadh. Mar sin féin, sular cuireadh an ruaig air, thóg an cibearchoirpeach cóip de chomhad cúltaca ina raibh eolas pearsanta lena n-áirítear fo-thacar de shonraí OÉ Gaillimh.
Cén t-eolas a bhí i gceist?
Tá sé tábhachtach a shonrú nach bhfuair an cibearchoirpeach rochtain ar eolas a bhaineann le cárta creidmheasa ná le cuntas bainc. Ní raibh sonraí mac léinn i gceist.
Mar sin féin, déanann Blackbaud amach go bhféadfadh go raibh ainmneacha; eolas teagmhála lena n-áirítear uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist, agus seoltaí poist; agus taifead dár gcuid alumni agus de chaidrimh thacadóirí lenár n-eagraíocht go dtí sin sa chomhad a tógadh.
D’íoc Blackbaud an tsuim airgid a d’éiligh an coirpeach ar an deimhniú gur scriosadh an chóip a tógadh. Bunaithe ar nádúr na heachtra, ar a gcuid taighde, agus ar imscrúdú tríú páirtí (lena n-áirítear forfheidhmiú an dlí), ní chreideann Blackbaud gur cuireadh sonraí ar bith i seilbh aon duine eile ach i seilbh an chibearchoirpigh féin, gur baineadh ná go mbainfear mí-úsáid astu, go seachadfar iad ná go gcuirfear ar fáil go poiblí iad agus tá siad ag déanamh monatóireacht air seo i gcónaí. Ní raibh baint ag OÉ Gaillimh leis an gcinneadh a glacadh chun an íocaíocht seo a dhéanamh agus níor cuireadh ar an eolas muid faoin íocaíocht seo nó go raibh an íocaíocht déanta.
An rud atáimidne a dhéanamh
Táimid tar éis imscrúdú dár gcuid féin a chur ar bun láithreach agus tá na céimeanna seo a leanas á gcur i bhfeidhm againn:
- Chuireamar an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar an eolas láithreach faoin eachtra maidir le slándáil sonraí agus táimid ag leanúint orainn ag obair go dlúth leis an gcoimisiún i dtaca leis an ábhar seo;
- Táimid do do chur ar an eolas ionas go mbeidh tú feasach ar an sárú seo ar chórais Blackbaud agus chun gur féidir leat a bheith san airdeall.
- Leanfaimid orainn ag obair le Blackbaud chun an t-ábhar seo a imscrúdú, agus leanaimid orainn ag glacadh comhairle ónár nOifigeach Cosanta Sonraí agus ónár bhfoireann slándála TF.
- Táimid ag déanamh athbhreithniú ar ár gcaidrimh leis an soláthraí seirbhíse tríú páirtí.
An rud is féidir leatsa a dhéanamh
Tugadh gealltanas dúinn nach ndearnadh sárú ar aon chárta creidmheasa, cuntas bainc, ná eolas íogair eile den chineál sin, mar sin féin, ar mhaithe le dea-chleachtas molaimid duit a bheith san airdeall agus aon ghníomhaíocht amhrasach nó aon bhradaíl aitheantais amhrasta a thuairisciú láithreach do na húdaráis chuí um fhorfheidhmiú an dlí.
Le tuilleadh eolais a fháil
Caitheann OÉ Gaillimh go han-dáiríre le cosaint agus le húsáid chuí eolais mar a bhaineann sé lenár gcuid alumni agus tacadóirí, faoi mar a shonraítear inár ráiteas príobháide: https://www.nuigalway.ie/alumni-friends/updateyourdetails/dataprivacystatement/.
Gabhaimid ár leithscéal leat faoin eachtra seo agus is oth linn má chuireann sé isteach ort ar aon bhealach. Sa chás go mbeadh tuilleadh ceisteanna nó ábhar imní agat maidir leis an gceist seo agus/nó leis na cosaintí atá ar fáil duit ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag blackbaud-incident@nuigalway.ie nó cuir glaoch orainn ag 091 495497.