Course Overview

Tá sé mar chuspóir ag an gcúrsa seo forbairt agus buanú a dhéanamh ar scileanna teanga na mac léinn a bhfuil eolas áirithe ar an nGaeilge acu. 

Applications and Selections

Foirm Iarratais

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ag úsáid an fhoirm seo: Foirm Iarratais ar líne 

Má thugann tú faoin gcúrsa seo déanfar thú a chlárú ar Chóras Clárúcháin na hOllscoile.

An Triail Socrúcháin Teanga (ar líne)

  • Caithfidh tú an Triail Socrúcháin Teanga (ar líne) a dhéanamh.
  • Cabhróidh an triail seo linn freastal ar riachtanais teanga an fhoghlaimeora trí thástáil a dhéanamh ar an leibhéal teanga atá aige/aici.
  • Beidh deis agat é a dhéanamh díreach tar éis duit iarratas a dhéanamh.
  • Ní ghlacfar le d'iarratas go dtí go bhfuil an Triail Socrúcháin Teanga déanta agat.
  • Cuideoidh an Triail seo linn tú a chur sa rang cuí.

Who Teaches this Course

Requirements and Assessment

  • An Scrúdú Cainte: Déanfar tástáil ar chumas labhartha Gaeilge na n-iarrthóirí trí scrúdú cainte sa chéad agus sa dara bliain.
  • An Scrúdú Scríofa: Ní mór d’iarrthóirí na scrúdaitheoirí a shásamh go bhfuil ar a gcumas scríobh go cruinn sa Ghaeilge. Seasfaidh gach mac léinn scrúdú ag deireadh gach bliana.
  • Measúnuithe Leanúnacha: I rith gach bliana caithfidh iarrthóirí dhá mheasúnú a sheasamh.

Key Facts

Entry Requirements

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine ar spéis leo cur lena gcuid eolais ar an teanga.  Beidh an cúrsa seo oiriúnach (i) do dhaoine a bhfuil an Dioplóma A2 sa Ghaeilge bainte amach go sásúil acu nó (ii) do dhaoine a bhfuil buneolas acu ar an teanga cheana féin (de bharr a dtréimhse scolaíochta in Éirinn, mar shampla).  Ní mór do gach iarrthóir Triail Socrúcháin Teanga a sheasamh.

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Duration

Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain

Next start date

Meán Fómhair 2023

A Level Grades ()

Average intake

20

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date
NFQ level

7

Mode of study

ECTS weighting

30

Award

CAO

Course code

Course Outline

  • Éisteacht agus Labhairt 1 & 2 (Bliain 1 agus 2).
  • Scríobh agus Léamh 1 & 2 (Bliain 1 agus 2).

Further Education

 Is féidir le mac léinn leanúint leis an staidéar ar an Ghaeilge agus tabhairt faoi na leibhéil níos airde den Dioplóma: sin Dioplóma B2 & C1.

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Cuideoidh an cúrsa seo leat cur le do chuid scileanna teanga agus éascóidh sé cumarsáid trí Ghaeilge agus tuiscint ar an teanga labhartha agus scríofa.

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€990 in aghaidh na bliana.

Fees: Tuition

Fees: Student levy

Fees: Non EU

Táille Alumni
€660 sa bhliain

Táille do na mic léinn lánaimseartha in Ollscoil na Gaillimhe
€250 sa bhliain

Seol ríomhphost chuig andioplomasaghaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí an chúrsa.

Find out More

Oifig an Dioplóma sa Ghaeilge
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh


Ríomhphost / Email: andioplomasaghaeilge@oegaillimh.ie