Mic Léinn ag triail ar an tSaimbia le Tithe a Thógáil do Theaghlaigh atá ar an n

Mar 04 2008 Posted: 00:00 GMT
Tá 21 mac léinn ó OÉ Gaillimh le coicís a chaitheamh ag obair go deonach ar thionscadal tógáil tithe sa tSaimbia. Tabharfaidh na mic léinn aghaidh ar bhaile Kawama i dTuaisceart na Saimbia an 30 Bealtaine, agus is ag obair le cumainn chleamhnaithe Habitat for Humanity (HFH) a bheidh siad. Eagraíocht idirnáisiúnta tógáil tithe é HFH a bhfuil obair déanta aici i mbeagnach 100 tír anois. Is é atá mar aidhm ag HFH tithe a sholáthar dóibh siúd nach bhfuil tithe acu.

Is é an tAthair Iomar Daniels, Déan na Seirbhíse Séiplíneachta, OÉ Gaillimh, ceannaire an ghrúpa mac léinn, agus tá triúr ceannairí foirne ann. Dúirt an tAthair Daniels go bhfuil gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid ar siúl ag foireann OÉ Gaillimh i láthair na huaire ar mhaithe le costas an turais a ghlanadh agus síntiús a thabhairt do HFH. I measc na ngníomhaíochtaí atá eagraithe do na míonna amach romhainn tá cáirióice, ceolchoirmeacha, tráth na gceist boird agus neart eile. Deir sé go bhfuil súil acu go leor airgid a bhailiú trí na gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid seo.

Beidh na mic léinn ag obair faoi threoir ceardaithe áitiúla oilte, agus iad ag tabhairt faoi bhríceadóireacht, siúinéireacht, plástráil agus péinteáil. Beidh na mic léinn ag obair i dteannta oibrithe deonacha áitiúla agus teaghlaigh.

Dúirt duine de na mic léinn a bheidh ag obair sa tSaimbia – Katie Crudden as Inis Ceithleann, Co. Fhear Manach, mac léinn sa tríú bliain i nDámh na Tráchtála – go bhfuil an fhoireann ag súil go mór leis an turas seo agus an taithí a bheidh le fáil acu. "Táimid ar fad ag tnúth le bheith ag obair agus ag maireachtáil sa phobal, ag bualadh le muintir Kawama, ag sealbhú scileanna nua agus ag cuidiú le teaghlaigh tithe simplí inacmhainne a thógáil".

Bíonn cuma dhifriúil ar na tithe a thógann HFH i dtíortha éagsúla agus sa tSaimbia is déanta de bhrící cré atá na tithe agus iad clúdaithe le leatháin d'iarann rocach. Sa tSaimbia, áfach, meascán de thithe déanta as láib le clúdach féir agus struchtúir chaolaigh is coitianta – tithe agus struchtúir nach mór iad a dheisiú go bliantúil. Meastar go bhfuil 86% de dhaonra na Saimbia ag maireachtáil faoin tairseach bochtaineachta. Aisíocann formhór na dteaghlach a cheannaíonn tithe HFH thart ar £5 in aghaidh na míosa – airgead a úsáidtear chun tithe eile a thógáil don phobal.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin turas seo nó más mian leat síntiús a thabhairt, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Athair Iomar Daniels ag 091-492168 nó iomar.daniels@nuigalway.ie. Chomh maith leis sin, féadfaidh tú síntiús a thabhairt ar an láithreán gréasáin www.mycharity.ie/event/nuigzambia08/

- críoch -

PreviousNext

Featured Stories