Éileamh Leanúnach ar Chéimithe OÉ Gaillimh

Oct 19 2008 Posted: 00:00 IST
Beidh Aonach Earcaíochta Céimithe OÉ Gaillimh ar siúl i gceann coicíse ar an 29 Deireadh Fómhair, agus is léir ó shuirbhé a rinneadh go bhfuil éileamh leanúnach ar chéimithe na hOllscoile. Léiríonn figiúirí ó Shuirbhé na gCéimithe 2007 go bhfuil an céatadán de chéimithe a bhfuil bunchéimeanna faighte acu agus atá fós ag cuardach oibre cothrom le 2.1% - céatadán íseal go maith i gcomparáid le hollscoileanna eile sa tír. Beidh breis agus 60 cuideachta ón saol gnó agus ón tionscal i láthair ag Aonach Earcaíochta Céimithe OÉ Gaillimh a bheidh ar siúl in Áras na Mac Léinn, Dé Céadaoin, 29 Deireadh Fómhair, ó 12.30 - 4.30pm. Beidh deiseanna ag an imeacht seo do mhic léinn ó gach disciplín, lena n-áirítear innealtóireacht, seirbhísí airgeadais, cuntasaíocht, comhairleoireacht agus gairmeacha eile. Beidh ionadaithe ó na cuideachtaí is mó ó thionscal na bhfeistí leighis, Boston Scientific agus Medtronic, i láthair ar an lá freisin. Chomh maith leis sin, beidh ionadaithe ó na príomhbhainc in Éirinn i láthair – Banc Uladh, Bank of Scotland agus IIB Bank ina measc. Dóibh siúd ar spéis leo gairm sa réimse comhairliúcháin – beidh ionadaithe i láthair freisin ó cheann de na gnólachtaí comhairleoireachta is mó in Éirinn – Accenture. Beidh ionadaithe i láthair freisin ón earnáil TF agus innealtóireachta trí chuideachtaí áitiúla agus náisiúnta lena n-áirítear SIAC, SAP agus IBM. Dúirt John Hannon, Ceann Ionad Forbartha Gairmeacha OÉ Gaillimh go bhfuil "an-éileamh ar chéimithe OÉ Gaillimh go fóill, rud a léiríonn go bhfuil siad breá ábalta dul i mbun fostaíochta. Cé gur cinnte go gcruthaíonn an timpeallacht reatha gheilleagrach dúshláin dúinn, is eol dúinn go n-earcóidh os cionn 50% d'fhostóirí céimithe as disciplíní éagsúla mar gheall ar an taithí iomlánaíoch agus na scileanna inaistrithe atá acu. Tá scileanna inaistrithe éagsúla ann – modúil a ndearnadh staidéar orthu, socrúcháin oibre, obair dheonach, clubanna nó cumainn". Bunaithe ar an mbéim ar fad atá ar scileanna inaistrithe cheap OÉ Gaillimh Oifigeach Scileanna Inaistrithe san Ionad Forbartha Gairmeacha. Cabhróidh an tOifigeach seo le mic léinn cur lena gcumas fostaíocht a aimsiú dóibh féin trí chabhrú leo machnamh a dhéanamh ar na róil agus ar na hearnálacha fostaíochta a bhféadfadh spéis a bheith acu iontu. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Louise Ryan, Oifigeach Fostaíochta in Ionad Forbartha Gairmeacha OÉ Gaillimh leo siúd a bheidh ag freastal ar an Aonach, "Beidh na céadta céimithe eile i láthair ag an Aonach agus is é an aidhm chéanna a bheidh acu ar fad – fostaíocht fheiliúnach a aimsiú – dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh gach duine in ann dul i bhfeidhm orthu. Bí cinnte go mbeidh tú ann luath sa lá ionas go mbainfidh tú an méid tairbhe agus is féidir as na seirbhísí atá ar fáil agus ionas go bhfaighidh tú deis labhairt le hionadaithe ón oiread cuideachtaí agus is féidir". Tá liosta iomlán de na cuideachtaí a bheidh i láthair le fáil ag www.nuigalway.ie/careers
- críoch -

PreviousNext

Featured Stories