Forléargas ar an gCúrsa

Déanfar staidéar ar an dá chineál ateangaireachta: ateangaireacht leantach agus ateangaireacht chomhuaineach. Is é an cúrsa seo an t-aon chúrsa in Éirinn inar féidir cáilíocht mar sin a bhaint amach. Bainfear úsáid as cleachtaí éagsúla chun oiliúint sna scileanna seo a chur ar mhic léinn: cleachtaí cuimhne; ateangaireacht gan nótaí; ateangaireacht le hamharc; teicnící um breacadh nótaí agus an taisclann institiúide.

Is iad an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis agus an Ghearmáinis atá á dtairiscint mar theangacha an chláir seo ach is iondúil go gcuirtear ranganna i dteangacha eile ar fáil ag brath ar riachtanais na mac léinn. Déanfar staidéar ar Theoiric agus Cleachtas na hAteangaireachta, áit a ndíreofar ar scileanna cumarsáide e.g. glóroiliúint.

Scrúdófar an eitic phroifisiúnta a bhaineann leis an gceird seo freisin, mar aon le nósanna imeachta comhdhála, cleachtais oibre agus dálaí oibre. Déanfar staidéar freisin ar an Aontas Eorpach agus eagróidh an Ollscoil seachtain staidéir chuig Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa chun léargas a thabhairt do mhic léinn ar an ateangaireacht.

Iarratais agus roghnúchán

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne ag: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/Account/Login

Eolas faoi na teagascóirí

Susan Folan, MA, EMCI
Rose Ní Dhubhda, PhD

Riachtanais agus measúnú

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Beidh céim onóracha 2:2 chomh maith le sárchumas labhartha ina máthairtheanga ag iarrthóirí.


Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

Dioplóma Iarchéime: bliain acadúil amháin
MA: bliain iomlán féilire (Meán Fómhair go Lúnasa)

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

12

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

Modh staidéir

Meáchan ECTS

90 (MA), 60 (Diop)

Dámhachtain

Cód CAO

Cód

GYA85

Imlíne an chúrsa

Tá an clár seo bunaithe ar an gCéim Mháistreachta Eorpach in Ateangaireacht Chomhdhála, clár a forbraíodh i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. Is gá go mbeadh iarchéim san ateangaireacht ag duine le tabhairt faoi na scrúduithe ateangaireachta idirnáisiúnta agus is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn.

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Is gá cáilíocht iarchéime ateangaireachta a bheith bainte amach agat chun na scrúduithe idir-institiúideacha AE a dhéanamh. Tá poist mhaithe ateangaireachta le fáil ar fud an domhain go háirithe in institiúidí an AE. Bíodh go bhfuil formhór na gcéimithe againn ag obair le hinstitiúidí an AE, tá obair le fáil d’ateangairí ní hamháin sna hinstitiúidí móra go hidirnáisiúnta ach anseo in Éirinn freisin; éilítear seirbhísí ateangaireachta ag comhdhálacha, tionóil agus féilte.


Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€6,015 sa bhliain 2022/23

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

Táillí: Neamh AE

€13,250 sa bhliain 2022/23

Tá mic léinn i dteideal cur isteach ar dheontas ó DG Interpretation ag: http://ec.europa.eu/dgs/

Tuilleadh eolais

Susan Folan
An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
T: +353 91 495 810
R: susan.folan@ollscoilnagaillimhe.ie

www.universityofgalway.ie/courses/taught-postgraduate-courses/ateangaireacht-chomhdhala-irish.html


Cad a deir ár mic léinn

Aisling

Aisling Ní Chatháin |   MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála)

Roghnaigh mé dul leis an ateangaireacht an chéad lá riamh de bharr go raibh mé ag iarraidh gairm a roghnú a ligfeadh dom mo chuid teangacha ar fad a úsáid ar bhonn laethúil. Is cúrsa thar a bheith praiticiúil é seo; dírítear ní hamháin ar na scileanna ateangaireachta, ach ar scileanna cumarsáide, cuir i láthair, taighde, teoiricí agus cleachtais freisin. Mar thoradh, críochnaíonn céimithe le scileanna inaistrithe praiticiúla, is féidir leo dul ag obair aon áit ar domhan! A bhuíochas don chéim seo, fuair mé féin tairiscint oibre sa Choimisiún Eorpach sa Bhruiséil. Bím ag obair ag cruinnithe sna hinstitiúidí Eorpacha anois, ar iliomad ábhar éagsúil. Mholfainn an MA san Ateangaireacht Chomhdhála d’aon mhac léinn atá ag cuardach timpeallacht bhríomhar foghlama, ar suim leo a gcuid teangacha a úsáid ar bhealach gníomhach gach uile lá agus d’aon duine atá ag súil le gairm i gcroílár na hEorpa agus i gcroílár na n-institiúidí Eorpacha.