Forléargas ar an gCúrsa

Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla.

Deis iontach atá ann cáilíocht ag leibhéal 9 a bhaint amach sa réimse seo tríd an bhfoghlaim chumaisc.

Iarratais agus roghnúchán

Iarratas a dhéanamh: Féach ar https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/Account/Login 

Eolas faoi na teagascóirí

Foghlaim chumaisc atá i gceist: meascán de ranganna ar líne agus sé cinn de cheardlanna lae (ar an Satharn) ar champas na hOllscoile i nGaillimh.

Feileann an cur chuige seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha; ciallaíonn sé freisin gur féidir le daoine in aon áit thart timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin páirt a ghlacadh sa chúrsa.

Riachtanais agus measúnú

Bunchéim 2:2 (leibhéal 8), nó 2:2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. 

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.

Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse cuí iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).

Anuas ar na cáilíochtaí thuas, ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumas i scríobh na Gaeilge a léiriú.


Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

Reáchtálfar an cúrsa ar bhonn páirtaimseartha in imeacht bliain amháin (30 ECTS) nó in imeacht dhá bhliain (15 ECTS sa bhliain).

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

15

Spriocdháta

Meán Fómhair 2023. 

Leibhéal NFQ

9

Modh staidéir

Meáchan ECTS

30

Dámhachtain

Teastas Iarchéime ag leibhéal 9

Cód CAO

Cód

Imlíne an chúrsa

Sceideal 2023/2024

Seo a leanas na dátaí don bhliain 2023/2024:

Seimeastar 1

An Caighdeán Oifigiúil - 10 ECTs
Aistriúchán Téacsanna 1 - 5 ECTs
Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta - 5 ECTs

Seimeastar 2
An Caighdeán Oifigiúil - 10 ECTs
Aistriúchán Téacsanna 2 - 5 ECTs
An tAistriúchán Liteartha - 5 ECTs


Baintear úsáid as teicneolaíocht Wordfast ar chúrsaí aistriúcháin Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, le caoinchead Wordfast LLC agus Yves Champollion.

  • Na cineálacha téacsanna is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí na Gaeilge a aistriú ar chaighdeán ard.
  • Úsáid ghrinn a bhaint as na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a bhíonn ag aistritheoirí na Gaeilge – bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc.
  • Úsáid bheacht a bhaint as an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch don obair aistriúcháin.

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an aistriúchán: mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo a bheith ag obair sa bhaile, agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú don té atá ag obair i bpost lánaimseartha nó páirtaimseartha.

Éiríonn le daoine a bhfuil cáilíocht aistriúcháin acu poist a fháil go rialta le gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, an tAontas Eorpach, agus eagraíochtaí stáit.

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Feileann an cur chuige seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha; ciallaíonn sé freisin gur féidir le daoine in aon áit thart timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin páirt a ghlacadh sa chúrsa.

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€2,267 don Teastas Iarchéime iomlán.

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

Táillí: Neamh AE

Tuilleadh eolais

Tomás Ó Maolalaidh
T: 091 49 2734