Forléargas ar an gCúrsa

Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar fad ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga, ar a n-áirítear cruinnscríobh na Gaeilge, modheolaíochtaí taighde agus an tsochtheangeolaíocht. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga.

Iarratais agus roghnúchán

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne ag: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/

Eolas faoi na teagascóirí

Dorothy Ní Uigín PhD
Áine Nic Niallais PhD
Seathrún Ó Tuairisg PhD
Séamus Ó Coileáin MPhil
Niall Mac Uidhilin PhD
Belinda McHale MA
Lisa Ní Fhlatharta MA
Aodh Ó Coileáin LLM
Tomás Ó Maolalaidh MA

Riachtanais agus measúnú

Ceadófar do mhic léinn a bhaineann pas amach sna modúil mhúinte tabhairt faoi thráchtas nó tionscadal taighde atá bainteach leis an réimse sainábhair a roghnaíonn siad.

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.

Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d'earnáil na teanga iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).

Scoláireacht

Beidh céimithe de chuid OÉ Gaillimh a bhain céad onóracha i scrúduithe na céime agus Léann an Aistriúcháin nó Gaeilge mar ábhair chéime acu i dteideal cur isteach ar Scoláireacht Mhic Dhonncha. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin scoláireacht ag an nasc thíos:

http://www.nuigalway.ie/postgraduate_scholarships/


Riachtanais bhreise

Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.
Fad an chúrsa

Dhá bhliain (páirtaimseartha).
Is féidir an cúrsa a dhéanamh ar bhonn modúlach, freisin.

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

20

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

Modh staidéir

Meáchan ECTS

90

Dámhachtain

Cód CAO

Cód

GYA90

Imlíne an chúrsa

Sceideal 2022/2023

Beidh ceardlanna ar siúl i gcaitheamh na bliana.

Beidh na ceardlanna sin ar siúl ar an Satharn agus seo a leanas na dátaí don bhliain 2022/2023:

Seimeastar 1
Ceardlann 1 
Ceardlann 2 
Ceardlann 3 
Scrúduithe

Seimeastar 2
Ceardlann 1 (14/01/23)
Ceardlann 2 (25/03/23)

Scrúduithe (Le socrú)

Cuirfear oiliúint ort i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga. Áirítear orthu sin Cruinnscríobh na Gaeilge (ardchruinneas i scríobh na Gaeilge; léargas ar an téarmeolaíocht, mar aon le ceartúsáid uirlisí foclóireachta agus téarmaíochta), Modheolaíochtaí Taighde (modheolaíochtaí le haghaidh taighde iarchéime),  an Scríbhneoireacht Acadúil (mar a mbeidh deis agat iris acadúil phiarmheasúnaithe ar líne a ullmhú).
Lena chois sin, beidh deis agat speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na sainábhair seo a leanas:

Aistriúchán: Sa sainábhar seo, scrúdófar na modhanna is éifeachtaí chun téacsanna a aistriú go Gaeilge. Cíorfar na cineálacha téacsanna is mó a mbíonn aistritheoirí gairmiúla ag plé leo agus na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin. Beidh béim ar theicneolaíocht an aistriúcháin chun go mbeidh ar do chumas aghaidh a thabhairt ar an margadh fostaíochta agus na scileanna riachtanacha teanga agus teicneolaíochta araon sealbhaithe acu. Beidh dhá mhodúl Fraincis go Gaeilge ar fáil ar bhonn roghnach i measc na modúl aistriúcháin.

Pleanáil Teanga: Sa sainábhar seo, scrúdófar na coincheapa agus na beartais is nua-aimseartha sna réimsí éagsúla a thagann faoi scáth na pleanála teanga: an tsochtheangeolaíocht; an teangeolaíocht; an phleanáil straitéiseach. Tá an sainábhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus sna bealaí éagsúla ar féidir dul i bhfeidhm ar phobail teanga d’fhonn spriocanna sainiúla a bhaint amach. Breathnófar go mion ar ghnéithe a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta.


Táimid buíoch de Memsource as ucht a mbogearra aistriúcháin a chur ar fáil saor in aisce don chlár léinn seo.
Lógó Memsource

Baintear úsáid as teicneolaíocht Wordfast ar chúrsaí aistriúcháin Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, le caoinchead Wordfast LLC agus Yves Champollion.

Our curriculum includes a practice of Wordfast translation tools, courtesy of Wordfast LLC and Yves Champollion.

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Ullmhóidh an cúrsa seo tú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na teanga. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn mic léinn de chuid an ábhair seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí forbartha de chuid an Stáit, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail, etc.

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€3,300 p.a. 2023/24

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

Táillí: Neamh AE

Tuilleadh eolais

Tomás Ó Maolalaidh
An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann Gaillimh 
T: +353 91 492534
Rleannteangaoegaillimh.ie
www.oegaillimh.ie/acadamh