MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) / (Conference Interpreting)

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Key facts

Entry requirements

Beidh céim onóracha 2:2 chomh maith le sárchumas labhartha ina máthairtheanga ag iarrthóirí. Chomh maith leis sin, beifear ag súil go mbeidh na nithe seo a leanas ag baint leis na hiarrthóirí uile:

• eolas ginearálta maith
• dea-scileanna cumarsáide
• inspreagadh láidir

Beidh ar iarrthóirí tabhairt faoi thriail infheidhmeachta agus agallamh chun a n-oiriúnacht don chlár a mheas, agus caithfidh siad pas a fháil iontu sin.

Duration: Bliain acadúil amháin i gcás an Dioplóma agus bliain iomlán féilire i gcás an MA

Next start date: Meán Fómhair 2012

ECTS weighting: 90 (MA), 60 (Diop)

Average intake: 12

Closing date: Tuilleadh eolais anseo.

Mode of study: Múinte

Course overview

Click here for English version

Dáta measúnaithe
: Moltar iarratas a dhéanamh go luath—mar thoradh air seo d’fhéadfaí tairiscint luath a fháil,
tuilleadh eolais ar http://www.nuigalway.ie/postgrad/closingdates

Is é aidhm an chláir seo mic léinn a oiliúint chun an t-éileamh idirnáisiúnta d'ateangairí comhdhála cáilithe a shásamh. Tá an clár bunaithe ar an gCéim Mháistreachta Eorpach in Ateangaireach Chomhdhála, a forbraíodh i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, an fostóir ateangaireachta is mó ar domhan.

Déantar dianchleachtadh ar cheird na hateangaireachta agus ag deireadh an chúrsa, bíonn na mic léinn ábalta léiriú líofa, éifeachtach a thabhairt ar óráid go leantach agus go comhuaineach. Chun mic léinn a ullmhú don saol gairmiúil dírítear ar scileanna cumarsáide, glóroiliúint, mar aon le nósanna eitice/imeachta comhdhála, cleachtais agus dálaí oibre. Déanfar staidéar ar chúrsaí reatha, ar phróisis agus nósanna imeachta an A.E. agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Tá an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincís agus an Ghearmáinís á dtairscint ar an gclár i mbliana ach is féidir ranganna i dteangacha éagsúla eile a chur ar fáil ag brath ar riachtanais na mac léinn.

Course outline

Modúl

Teoiric agus Cleachtas na hAteangaireachta
Ateangaireacht Leantach 1
Ateangaireacht Chomhuaineach 1
An tAontas Eorpach/Cuairt Staidéir
Ateangaireacht Leantach 2
Ateangaireacht Chomhuaineach 2
Tionscadal/Tráchtas*

*Ag deireadh an chláir, beidh tionscadal nó tráchtas le scríobh ag mic léinn M.A. a n-éiríonn leo 60% a bhaint amach sa Dioplóma Iarchéime, bunaithe ar thaighde ar ghné éigin den ateangaireacht.

Déanfar staidéar ar an dá chineál ateangaireachta ar an gcúrsa, is é sin ateangaireacht leantach agus ateangaireacht chomhuaineach. Ag deireadh an chúrsa, beidh na mic léinn in ann léiriú líofa, éifeachtach sa sprioctheanga a thabhairt ar óráid; bainfear úsáid as cleachtaí éagsúla chun oiliúint sna scileanna seo a thabhairt do na mic léinn: anailís ar an ábhar; cleachtaí cuimhne; ateangaireacht leantach gan nótaí; aistriúchán le hamharc; teicnící um breacadh nótaí.

Déanfar staidéar freisin le linn an chúrsa ar an Aontas Eorpach agus eagraíochtaí idirnáisiúnta; scrúdófar an chaoi a bhfeidhmíonn na heagraíochtaí sin ionas go mbeidh eolas maith ag na mic léinn ar phróisis agus nósanna imeachta na n-institiúidí atá i gceist.

Chomh maith leis an obair ranga, eagróidh an Ollscoil seachtain staidéir chuig Coimisiún na hEorpa agus Parlaimint na hEorpa chun léargas a thabhairt do na mic léinn ar obair na n-ateangairí comhdhála sna hinstitiúidí sin.

Ag deireadh an chláir, beidh tionscadal nó tráchtas le scríobh ag mic léinn M.A. a n-éiríonn leo 60% a bhaint amach sa Dioplóma Iarchéime, bunaithe ar thaighde ar ghné éigin den ateangaireacht

Applications and selections

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne tríd an Ionad Iarratais Iarchéime (PAC)

Who teaches this course?

Susan Folan, MA, EMCI
Eoin Ó Droighneáin, MA
Cassie Ní Chathasaigh, MA

Requirements and assessment

Is é aidhm an chláir seo mic léinn a oiliúint chun feidhmiú mar ateangairí comhdhála ina dhiaidh. Éilitear seirbhísí ateangaireachta ar an bhfóram idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha, tionóil agus féilte in Éirinn. Cáilítear agus ullmhaítear mic léinn do scrúduithe iontrála na n-institiúidí idirnáisiúnta agus A.E. agus tá céimithe an chúrsa fostaithe ag na hinstitiúidí céanna.

Find out more

Susan Folan
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
An Cheathrú Rua
Co na Gaillimhe

T 353 91 493 616
F  353 91 869 102 
R ateangaireacht@oegaillimh.ie

www.acadamh.ie/

PAC code

GYA85

Fees for this course

Mic léinn reatha

 

Cáipéisí ar féidir iad a íoslódáil

Faigh an réamheolaire

Postgraduate taught prospectus image

NUI Galway Postgraduate Taught Prospectus  

Iarmhic léinn

 
.