-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose NUI Galway as their University of choice. Find out what life at NUI Galway is all about here.
-
About NUI Galway
About NUI Galway
Since 1845, NUI Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
NUI Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
NUI Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at NUI Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at NUI Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni, Friends & Supporters
Alumni, Friends & Supporters
There are over 90,000 NUI Galway graduates Worldwide, connect with us and tap into the online community.
-
Community Engagement
Community Engagement
At NUI Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
Cleachtas Gairmiúil sna Meáin (MA/Diop)
Course Overview
Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge san Ollscoil. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: beidh deis agat tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir, ní mar ghnáth-intéirneach, ach mar mhac léinn a bheidh faoi stiúir acadúil leanúnach. Ar an gcaoi sin gheobhaidh tú taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d'ardáin ilmheán, agus tú ag feidhmiú mar 'chleachtóir machnamhach' sa mhórchraoltóir náisiúnta.
Tá an clár 90 ECTS seo ar fáil in imeacht aon bhliain amháin (lánaimseartha) nó go páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain. Is féidir tabhairt faoin gclár ar bhonn modúil. Beidh mic léinn i dteideal na cáilíochta Dioplóma Iarchéime ach 60 ECTS a bhaint amach sa chlár múinte, nó dul ar aghaidh agus an cháilíocht Máistir i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin a bhaint trí thionscadal taighde féinstiúrtha a chur i gcrích go sásúil agus na creidiúintí 90 ECTS a bhaint.
Láithreacha an Chláir
Reáchtálfar an clár trí mheán na Gaeilge in ionaid éagsúla de chuid OÉ, Gaillimh, agus go cianda tríd an bhfoghlaim chumaisc. Sa chéad seimeastar beidh tú lonnaithe san iarthar: ar champais OÉ, Gaillimh; i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus i stiúideo nuachta RTÉ i mBaile na hAbhann. (Ag brath ar éileamh, d’fhéadfá a bheith lonnaithe ar feadh tréimhse i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, sna Doirí Beaga nó i mBaile na nGall, de réir mar a fheileann.) Sa dara seimeastar beidh tú lonnaithe in oirthear na tíre, in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath. Sa tríú seimeastar cuirfidh tú tionscadal taighde féinstiúrtha (tráchtas scríofa nó tionscadal taighde praiticbhunaithe) i gcrích as láithreacha éagsúla. Mar chuid den fhoghlaim chumaisc agus ar líne cuirfear ceardlanna rialta ar fáil.
Líon na Mac Léinn
Beidh cúig áit déag ar a mhéid ar tairiscint in aghaidh na bliana.
Deiseanna Staidéir Breise
Beidh deis ag céimithe an chláir tabhairt faoi chlár taighde dochtúireachta sna Meáin, sna hEalaíona, sna Daonnachtaí agus sa Ghaeilge.
Aidhmeanna agus Cuspóirí an Chláir
- Staidéar a dhéanamh ar na comhthéacsanna agus ar na suíomhanna éagsúla ina bhfeidhmíonn na meáin chomhaimseartha d'fhonn anailís chriticiúil a dhéanamh ar a ról i múnlú na n-acmhainní siombalacha trína dtagann daoine ar thuiscintí faoin tsochaí mórthimpeall orthu.
- Foghlaim ar an láthair oibre a chur ar fáil do mhic léinn maidir le cleachtais ghairmiúla iriseoirí, craoltóirí agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán, d’fhonn tuiscint ghrinn agus taithí a thabhairt dóibh ar chleachtais ghairmiúla sna meáin chomhaimseartha.
- Sintéis éifeachtach idir an teoiric agus an phraitic a aimsiú d'fhonn forbairt intleachtúil, acadúil agus ghairmiúil na mac léinn mar ‘chleachtóirí machnamhacha’ a chur chun cinn.
- Cur le cumas an mhic léinn é/í féin a chur in iúl agus i láthair go héifeachtach agus go húdarásach trí mheán na Gaeilge ag imeachtaí poiblí agus os comhair ceamara nó micreafóin.
Torthaí Foghlama an Chláir
Ar chríochnú an chláir go sásúil, beidh an mac léinn in ann:
- Anailís a dhéanamh ar théacsanna meán agus ar ról na meán sa tsochaí;
- Machnamh cruthaitheach a dhéanamh ar choincheapa scéalaíochta agus ábhair;
- Léargas grinn a thabhairt, agus anailís chriticiúil a dhéanamh, ar chleachtais ghairmiúla iriseoirí, craoltóirí agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán;
- Ceisteanna eitice sna meáin chomhaimseartha a scrúdú agus a phlé go húdarásach;
- Dioscúrsaí éagsúla a chur i láthair, a scrúdú, a cheistiú agus a phlé trí mheán na Gaeilge sa stiúideo teilifíse agus raidió, agus ag ócáidí poiblí;
- Inniúlacht ar scileanna iriseoireachta, craoltóireachta agus cruthú ábhair a léiriú;
- Tionscadal taighde féinstiúrtha a phleanáil, a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i gcrích.
Tréithe Céimithe an Chláir
Ar thréithe céimithe an chláir beidh an cumas intleachtúil agus anailíse le léargas criticiúil a thabhairt ar na cúinsí sóisialta, eacnamaíocha, polaitiúla agus cultúrtha faoina bhfeidhmíonn na meáin sa tsochaí chomhaimseartha; chomh maith leis an gcruthaitheacht, an fhiosracht, an ghéarchúis, an fhísiúlacht agus an tsamhlaíocht atá ag teastáil le dul chun cinn suntasach a dhéanamh mar chleachtóirí machnamhacha sna meáin agus in earnálacha gaolmhara sa lá atá inniu ann. Anuas air sin déanfar a gcuid luachanna, eolas agus scileanna a chothú agus a fhorbairt.
Applications and Selections
Who Teaches this Course
- An Dr. Uinsionn Mac Dubhghaill, BA, MA, PhD, A.Diop. in Oid.
- Aodh Ó Coileáin, BA, LLB, LLM
- Seán Breathnach BA, MA, A.Diop. i gCumarsáid Fheidhmeach
- Dwyer BA, MA, A.Diop. i gCumarsáid Fheidhmeach
- Carmel Ní Bhriain BA, MA, Diop. sa Ghaeilge
- Fionn Ó Sealbhaigh BA, MA
- Norita Ní Chartúir BA
Requirements and Assessment
Key Facts
Entry Requirements
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime. Is féidir le hiarrthóirí nach
bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse na meán nó i
réimse gaolmhar, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL). Is gá d’iarrthóirí
Stiúrthóir Acadúil an chláir a shásamh go bhfuil an caighdeán seo acu sa Ghaeilge.
Additional Requirements
Duration
1MGM1 (lánaimseartha): 1 Bliain | 1MGM2 (páirtaimseartha): 2 Bhliain.
Next start date
Meán Fómhair 2019
A Level Grades ()
Average intake
15
Closing Date
Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath. Tuilleadh eolais anseo.
NFQ level
Mode of study
ECTS weighting
90
Award
CAO
Course code
1MGM1 (lánaimseartha) | 1MGM2 (páirtaimseartha)
Course Outline
Sa chéad seimeastar den chlár lánaimseartha déanfaidh tú staidéar (ar champais na hOllscoile agus in aonaid réigiúnacha RTÉ) ar na modúil seo a leanas:
- Cruinnscríobh na Gaeilge 1 (10 ECTS);
- Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha (10 ECTS);
- Iriseoireacht na Linne Seo (5 ECTS);
- Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde (5 ECTS).
Sa dara seimeastar déanfaidh tú staidéar (agus tú lonnaithe i mBaile Átha Cliath) ar na modúil seo a leanas:
- Cruinnscríobh na Gaeilge 2 (10 ECTS);
- Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán (10 ECTS);
- Na Meáin agus a Luchtanna Féachana (5 ECTS);
- Eiticí agus Litearthacht na Meán (5 ECTS).
Sa triú seimeastar cuirfidh tú Tionscadal Taighde Féinstiúrtha i gcrích (30 ECTS).
Cuirfear an clár léinn ar fáil tríd an bhfoghlaim chumaisc, is é sin, beidh béim mhór ar an bhfoghlaim chianda ar líne ach beidh cuid den teagasc ar siúl le linn léachtaí agus ceardlanna ócáideacha ar champais na hOllscoile san iarthar, agus ar an láthair oibre in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ. Tabhair faoi deara go mbeidh tú lonnaithe san iarthar sa chéad seimeastar agus i mBaile Átha Cliath sa dara seimeastar. Bainfidh an fhoghlaim ar an láthair oibre in RTÉ go dlúth leis an staidéar acadúil i modúil éagsúla.
Más ag leanacht an chláir go páirtaimseartha tú, déanfaidh tú staidéar ar na modúil chéanna ach in imeacht dhá bhliain (15 ECTS in aghaidh an tseimeastair). Cuirfear leagan amach an chláir pháirtaimseartha ar fáil ach é a iarradh.
Déanfar measúnóireacht ar an gclár múinte go príomha tríd an measúnóireacht leanúnach. Déanfar measúnóireacht ar an Tionscadal Taighde Féinstiúrtha ag deireadh an chláir.
Struchtúr an Chláir
Lánaimseartha in imeacht aon bhliain amháin:
Teideal na Modúl |
Seimeastar |
ECTS |
Cruinnscríobh na Gaeilge 1 |
1 |
10 |
Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha |
1 |
10 |
Iriseoireacht na Linne Seo |
1 |
5 |
Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde |
1 |
5 |
Cruinnscríobh na Gaeilge 2 |
2 |
10 |
Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán |
2 |
10 |
Na Meáin agus a Luchtanna Féachana |
2 |
5 |
Eiticí agus Litearthacht na Meán |
2 |
5 |
Tionscadal Taighde Féinstiúrtha (Tráchtas nó Tionscadal Praiticbhunaithe) |
3 |
30 |
Páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain:
Teideal na Modúl |
Seimeastar |
Bliain |
ECTS |
Cruinnscríobh na Gaeilge 1 |
1 |
1 |
10 |
Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha |
1 |
2 |
10 |
Iriseoireacht na Linne Seo |
1 |
1 |
5 |
Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde |
1 |
2 |
5 |
Cruinnscríobh na Gaeilge 2 |
2 |
2 |
10 |
Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán |
2 |
1 |
10 |
Na Meáin agus a Luchtanna Féachana |
2 |
2 |
5 |
Eiticí agus Litearthacht na Meán |
2 |
1 |
5 |
Tionscadal Taighde Féinstiúrtha (Tráchtas nó Tionscadal Praiticbhunaithe) |
3 |
2 |
30 |
Why Choose This Course?
Career Opportunities
Who’s Suited to This Course
Learning Outcomes
Work Placement
Study Abroad
Related Student Organisations
Course Fees
Fees: EU
Fees: Tuition
Fees: Student levy
Fees: Non EU
Find out More
Comhordaitheoir MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)
T: +353 91 495 302
R: aodh.ocoileain@oegaillimh.ie