MA (Nua-Ghaeilge)
College of Arts, Social Sciences, & Celtic Studies
Key facts
Entry requirements
Céim UNCE leibhéal 8 nó a chomhionann sin, Dara hOnóracha nó a chomhionann sin sa Ghaeilge (idir theanga agus ábhar an chúrsa céime araon). Cé gur Grád Onóracha 2.2 sa Ghaeilge sa Chéim BA a iarrtar mar íoscháilíocht don iarchéim seo, tabharfar tús áite d’iarrthóirí a mbeidh cáilíocht níos airde acu. Caithfear chomh maith Roinn na Gaeilge a shásamh maidir le hinniúlacht teanga gach iarrthóra cúrsa iarchéime sa Nua-Ghaeilge a thabhairt chun críche go sásúil. Beidh sé de cheart ag an Roinn scrúdú cáilíochta teanga a chur ar iarrthóirí.
Duration:
Bliain amháin, lánaimseartha
Next start date: Meán Fómhair 2012
ECTS weighting: 90
Average intake: 15
Closing date: D'fhéadfaí tairiscint luath a fháil, tuilleadh eolais anseo.
Course overview
Is cúrsa lánaimseartha é an MA a leanann ó Mheán Fómhair go Lúnasa.
Aidhmeanna an chúrsa:
Is é aidhm an chúrsa seo sároiliúint a chur ar na mac léinn i dTeanga, i Léann agus i Litríocht na Nua-Ghaeilge agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna taighde, anailíse agus cumarsáide sa chaoi agus go mbeidh siad in ann leanacht le léann na Gaeilge ag leibhéal dochtúireachta más mian leo nó go mbeidh ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach ag ardleibhéal cumais ghairmiúil trí Ghaeilge sa saol oibre.
Course outline
Applications and selections
Who teaches this course?
An tOll Gearóid Denvir MA, PhD
An tOll. Mícheál Mac Craith MA, PhD
An Dr. Lillis Ó Laoire HDip, MA, PhD
An Dr. Nollaig Ó Muraíle MA, PhD
An Dr. John Walsh MA, PhD

