Course Overview

Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den aistriúchán a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil in earnáil an aistriúcháin. Tabharfar léargas do na mic léinn ar shainghnéithe den aistriúchán. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna aistriúcháin is coitianta, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha, an aistriúcháin reachtaíochta, an aistriúcháin téacsleabhar, an aistriúcháin fotheidealúcháin agus na heagarthóireachta. Ina theannta sin, beidh modúil ina gcíorfar téacsanna aistriúcháin ó Fhraincis go Gaeilge ar fáil mar chuid den chlár. Cuirfear na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu i láthair na mac léinn—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe agus fotheidealúcháin ina measc.

Is féidir le mic léinn an MA (Léann an Aistriúcháin) cur isteach ar Sparánacht Choilm Uí Eocha; féach: www.universityofgalway.ie/postgraduate_scholarships/.

 

 

Applications and Selections

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar line.

 

 

Who Teaches this Course

  • Séamus Ó Coileáin MPhil
  • Eoin Ó Droighneáin MA
  • An Dr Rose Ní Dhubhda
  • Tomás Ó Maolalaidh MA

Requirements and Assessment

Iarrtar ar gach iarratasóir ráiteas pearsanta c.500 focal a scríobh. 

Key Facts

Entry Requirements

Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumas i scríobh na Gaeilge a léiriú. 

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Duration

1MAL2: cúrsa dhá bhliain, páirt-aimseartha

Next start date

Meán Fómhair 2024

A Level Grades ()

Average intake

20

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date

Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath. Tuilleadh eolais anseo.

NFQ level

Mode of study

ECTS weighting

90

Award

CAO

Course code

MA-LEA

Course Outline

Cuirfear oiliúint ort i ngnéithe tábhachtacha den astriúchán sa chlár seo. Ar a n-áirítear Aistriúchán Téacsanna (mar a gcíorfar na cineálacha téacsanna is mó a mbíonn aistritheoirí gairmiúla ag plé leo agus na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin), Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta agus Eorpacha (mar a gcíorfar téacsanna reachtaíochta agus faisnéiseacha a bhaineann le Tithe an Oireachtais agus le hInstitiúidí na hEorpa), An tAistriúchán Liteartha (mar a gcíorfar téacsanna liteartha agus saothair de chuid Scéim Aistriúcháin an Ghúim), An Fotheidealú (mar a gcuirfear oiliúint ar na mic léinn i ngnéithe den aistriúchán don scáileán), Eagarthóireacht agus Léamh Profaí (mar a ndéanfar straitéisí éifeachtacha eagarthóireachta a shealbhú agus a chur i bhfeidhm). Ina theannta sin, scrúdófar na tréithe is suntasaí den Chaighdeán Oifigiúil mar bhunchloch do chóras gramadaí na Gaeilge agus tabharfar léargas ar mhodheolaíochtaí agus ar chleachtas le haghaidh taighde iarchéime i réimse an aistriúcháin i Modheolaíochtaí agus Cleachtas Taighde.

Curriculum Information
Beidh díol 30 ECTS de na modúil seo a leanas le roghnú i mBliain 2 den chúrsa. Ní gá go mbeadh gach modúl ar fáil in aon bhliain faoi leith agus ní mór géilleadh do chomhairle Chomhordaitheoir an Chláir agus na modúil á roghnú.

Bliain 2 (30 ECTS)

CU103: Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde—5 ECTS—Seimeastar 1

LN6101: Aistriú don Scáileán: Teoiric agus Téarmaíocht—5 ECTS—Seimeastar 1

LN6103: Fotheidealú Inteangach—5 ECTS—Seimeastar 1

LT104: An tAistriúchán Ríomhchuidithe—5 ECTS—Seimeastar 1

LT107: An tAontas Eorpach—5 ECTS—Seimeastar 1

AT129: An tAontas Eorpach / The European Union—5 ECTS—Seimeastar 1

LN6110: Eagarthóireacht agus Léamh Profaí—5 ECTS—Seimeastar 1

LT101: Cruinnscríobh na Gaeilge 1—10 ECTS—Seimeastar 1

LT6102: Cleachtas Taighde agus Scríobh Tráchtais—5 ECTS—Seimeastar 2

LN6104: Fotheidealú Beo—5 ECTS—Seimeastar 2

LN6105: Fotheidealú Idirtheangach—5 ECTS—Seimeastar 2

LN6107: Aistriúchán Téacsanna 3 (Béarla—Gaeilge)—5 ECTS—Seimeastar 2

LN6108: Aistriúchán Téacsanna 3 (Fraincis—Gaeilge)—5 ECTS—Seimeastar 2

LN6109: Aistriúchán Téacsanna Eorpacha—5 ECTS—Seimeastar 2

LT102: Cruinnscríobh na Gaeilge 2—10 ECTS—Seimeastar 2

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Ullmhóidh an cúrsa seo thú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil an aistriúcháin. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn mic léinn de chuid an chúrsa seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, institiúidí oideachais, na meáin chraolta agus chlóite, eagraíochtaí pobail, etc.

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€3,855 (including levy) p.a. 2024/25

Fees: Tuition

€3,750 p.a. 2024/25

Fees: Student levy

€105 p.a. 2024/25

Fees: Non EU

Find out More

Tomás Ó Maolalaidh
F: +353 91 492 734
R: aistriuchan
@oegaillimh.ie
www.oegaillimh.ie/acadamh

Follow us on Twitter