-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose NUI Galway as their University of choice. Find out what life at NUI Galway is all about here.
-
About NUI Galway
About NUI Galway
Since 1845, NUI Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
NUI Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
NUI Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at NUI Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at NUI Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni, Friends & Supporters
Alumni, Friends & Supporters
There are over 90,000 NUI Galway graduates Worldwide, connect with us and tap into the online community.
-
Community Engagement
Community Engagement
At NUI Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
Nua-Ghaeilge [Modern Irish] (MA)
Course Overview
Is ar an Luan agus ar an Máirt a bheidh léachtaí an chúrsa lánaimseartha ar siúl. Is ar an Luan amháin a reáchtálfar an cúrsa páirtaimseartha.
Forléargas ar an gCúrsa
An bhfuil fonn ort ardcháilíocht a bhaint amach i Léann na Gaeilge? An bhfuil suim agat breis scileanna taighde, anailíse agus cur i láthair a fhorbairt? An bhfuil tú ag smaoineamh ar thaighde a dhéanamh ag leibhéal na dochtúireachta amach anseo? Má tá, b’fhéidir gurb é an MA sa Nua-Ghaeilge an cúrsa duitse.
Is í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an ceannródaí náisiúnta ó thaobh Léann na Gaeilge. Tá saineolas ag foireann Roinn na Gaeilge ar gach tréimhse de chuid na Gaeilge, ón luath-thréimhse go dtí an teanga chomhaimseartha. Tá áiseanna taighde den scoth ag an ollscoil agus rinneadh infheistíocht mhór le déanaí i gcartlanna na hollscoile, rud a thugann buntáiste ar leith don mhac léinn ar mian leis/léi taighde a dhéanamh sna bailiúcháin Ghaeilge atá againn. Tá an Ghaeltacht ar leac an dorais againn agus tá teacht ag na mic léinn ar áiseanna foghlama agus taighde den scoth sna campais Ghaeltachta atá ag an ollscoil i gConamara agus i nGaoth Dobhair.
Má dhéanann tú an cúrsa lánaimseartha (bliain amháin), beidh léachtaí agus seimineáir ar siúl dhá lá sa tseachtain. Is féidir an cúrsa a dhéanamh go páirtaimseartha chomh maith (thar dhá bhliain) agus beidh léachtaí agat lá amháin sa tseachtain sa chás sin.
Agus an cúrsa seo críochnaithe agat, beidh tú in ann:
- Feidhmiú go cruinn ag leibhéal gairmiúil agus acadúil trí mheán na Gaeilge sa scríbhneoireacht agus sa labhairt;
- Anailís chriticiúil a dhéanamh ar réimsí éagsúla de Léann comhaimseartha na Gaeilge: an Chritic Liteartha, an Chritic Chultúir agus Shóisialta agus an tSochtheangeolaíocht;
- Cur chuige idirdhisciplíneach a léiriú san anailís chriticiúil ar réimsí éagsúla de Léann na Gaeilge;
- Do chuid taighde agus anailíse a chur i láthair go cumasach agus go héifeachtach ag an leibhéal cuí acadúil;
- Taighde nuálach, neamhspleách a dhéanamh ar shainábhar de do rogha féin agus an taighde sin a léiriú i bhfoirm tráchtais.
Baineann na torthaí foghlama céanna leis an Dioplóma Iarchéime seachas nach bhfuil taighde neamhspleách i bhfoirm tráchtais le déanamh.
Applications and Selections
Who Teaches this Course
- An Dr. John Walsh MA, PhD
- An Dr. Lillis Ó Laoire HDip, MA, PhD
- An Dr. Rióna Ní Fhrighil MPhil, PhD
- An Dr. Jeannine Woods MA, PhD
- An Dr. Lesa Ní Mhunghaile ADCF, PhD
- An Dr. Liam Ó hAisibéil MA, PhD
- An Dr. Ailbhe Ní Ghearbhuigh, MA, PhD
Requirements and Assessment
Scrúdú teanga i Mí Bealtaine; aistí/tionscadail/cur i láthair ar na modúil litríochta agus léinn i gcás an MA agus an Dioplóma; agus tráchtas 15–20,000 focal faoi stiúir ag ball foirne i gcás an MA.
Key Facts
Entry Requirements
Ní mór d’iarrthóirí céim dara honóracha 2.2 (ag leibhéal a 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a bheith acu, agus 2.1 sa Ghaeilge féin. Glacfar le hiarratais ó iarrthóirí a bhfuil céim 2.1 nó a comhionann acu in ábhar eile, ach caithfidh siad Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa, trí scrúdú agus/nó agallamh a dhéanamh. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil cúig bliana de thaithí chuí ghairmiúil acu, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Additional Requirements
Duration
Bliain amháin, lánaimseartha
Dhá bhliain, páirtaimseartha
Next start date
Meán Fómhair 2021
A Level Grades ()
Average intake
Neamhtheoranta
Closing Date
Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach.Tuilleadh eolais anseo.
NFQ level
Mode of study
Múinte.
ECTS weighting
90
Award
CAO
Course code
1MNG1 (lánaimseartha) | 1MNG2 (páirtaimseartha)
Course Outline
Leagan Amach an Chúrsa
Tá cúig mhodúl éigeantacha le déanamh ag gach mac léinn (luach 70 ECTS) don chúrsa MA.
Teanga na Nua-Ghaeilge
Tá sé d'aidhm ag an modúl seo forbairt agus barr feabhais a chur ar scileanna Gaeilge an mhic léinn i dtaca le cruinneas, líofacht, léitheoireacht, scríbhneoireacht, éisteacht agus labhairt. Is ag leibhéal C1 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach d'Fhoghlaim Teangacha atá an modúl. Forbróidh an mac léinn a c(h)umas sa scríbhneoireacht chriticiúil agus acadúil i dtaca le réimeanna cuí teanga, cruinneas, comhréir agus líofacht.
Modhanna Taighde
Sa mhodúl seo, pléitear scileanna éagsúla taighde a chabhróidh leis an mac léinn an tráchtas a thabhairt i gcrích. Cuirtear oiliúint ar an mac léinn sna modhanna taighde atá oiriúnach do thráchtas litríochta agus sa mhodheolaíocht cháilíochtúil atá de dhíth chun obair pháirce a dhéanamh.
Teanga, Coimhlint agus Cumhacht
Sa mhodúl seo, déantar staidéar ar choincheapa na coimhlinte agus na cumhachta i sochtheangeolaíocht stairiúil agus chomhaimseartha na Gaeilge agus pléitear conas mar a bhí agus atá pobal na teanga i ngleic le ceisteanna cumhachta ó thaobh an chultúir agus na polaitíochta araon.
Teoiricí Liteartha agus Cultúir
An aidhm atá ag an modúl seo ná tuiscint na mac léinn ar stair na dteoiricí liteartha agus na dteoiricí cultúir a fhorbairt. Cuirfear ar chumas na mac léinn teoiricí liteartha agus cultúir a chur i bhfeidhm ar théacsanna liteartha Gaeilge ar bhealach tuisceanach a thugann aird ar shainchúinsí na teanga féin agus ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann le litearthacht agus léitheoireacht.
Tráchtas
Is é aidhm an mhodúil seo an mac léinn a spreagadh le feidhmiú as a stuaim féin chun ábhar tionscadail a roghnú agus tráchtas 15,000-20,000 focal a chur i gcrích faoin ábhar sin laistigh de spriocanna ama soiléire agus ag an gcaighdeán gairmiúil agus acadúil cuí.
Is gá do mhic léinn dhá cheann de na cúrsaí roghnacha seo a dhéanamh (luach 20 ECTS). Ní bhíonn gach cúrsa ar fáil gach bliain.
An Athbheochan
Déanfar iniúchadh ar phríomhdhíospóireachtaí ré na hAthbheochana (1876-1930) maidir leis an nualitríocht agus leis an teanga féin.
An Inscne agus an Ghnéasúlacht
Cíorfaidh an modúl seo mórghnéithe de léann na hinscne agus na gnéasúlachta. Díreofar ar chonstráidiú agus ar fhorléargais na hinscne agus na gnéasúlachta i ngnéithe de chultúr agus litríocht na Gaeilge, an litríocht bhéil agus an litríocht scríofa ina measc.
An Dúchas agus an Duine
Sa mhodúl seo díreofar ar fheidhm, ar bhrí, ar struchtúr agus ar ghalldú logainmneacha na hÉireann. Déanfar plé agus léiriú ar mhodhanna taighde a bhaineann leis an réimse seo freisin, chomh maith le dul i ngleic le cás-staidéar roghnaithe ón réimse léinn seo.
An Bhéalaireacht agus na Taibhealaíona
Déanfar staidéar ar ghnéithe éagsúla d’ealaíona béil na Gaeilge, amhránaíocht, scéalaíocht, drámaíocht agus scannánaíocht go príomha. Pléifear oidhreacht na hamhránaíochta agus díreofar go háirithe ar choincheap na háite agus an spáis i litríocht bhéil na hÉireann.
I gcás an Dioplóma Iarchéime, tá na modúil éigeantacha mhúinte thuas le déanamh ag gach mac léinn (luach 40 ECTS) agus dhá cheann de na cúrsaí roghnacha (luach 20 ECTS).
Déan teagmháil leis an Roinn chun an t-amchlár lánaimseartha nó páirtaimseartha a phlé.
Modules for Full Time Course
Modules for Part Time Course
Curriculum Information
Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).Course and module offerings and details may be subject to change.
Glossary of Terms
- Credits
- You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
- Module
- An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
- Optional
- A module you may choose to study.
- Required
- A module that you must study if you choose this course (or subject).
- Semester
- Most courses have 2 semesters (aka terms) per year.
Year 1 (90 Credits)
Required NG6108: Teoiricí Liteartha agus Cultúir
NG6108: Teoiricí Liteartha agus Cultúir
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
An aidhm atá ag an modúl seo ná tuiscint na mac léinn ar stair na dteoiricí liteartha agus na dteoiricí cultúir a fhorbairt. Cuirfear ar chumas na mac léinn teoiricí liteartha agus cultúir a chur i bhfeidhm ar théacsanna liteartha Gaeilge ar bhealach tuisceanach, ag cur san áireamh sainchúinsí na teanga féin agus ceisteanna tábhachtacha a bhaineann le litearthacht agus cúrsaí léitheoireachta.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Cur síos a dhéanamh ar cad is teoiric liteartha agus teoiric chultúir ann agus cuntas a thabhairt ar fhorbairt na dteoiricí liteartha san fhichiú haois
- Cuntas a thabhairt ar na príomhthréithe a bhaineann le teoiricí liteartha mar an nua-aoiseachas, an t-iarnua-aoiseachas, an t-iarchoilíneachas, idirthéacsúlacht, teoiricí liteartha feimineacha, teoiricí inscne.
- Anailís a dhéanamh ar ábharthacht na dteoiricí liteartha agus cultúir i gcás litríocht na Gaeilge.
- Cuntas a thabhairt a stair na critice liteartha sa Ghaeilge.
- Teoiricí liteartha agus cultúir a chur i bhfeidhm ar théacs liteartha Gaeilge le léirmhíniú a dhéanamh ar an téacs sin.
- Anailís chriticiúil a dhéanamh ar aistí léirmheasa agus ar ailt chritice.
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Continuous Assessment (100%)
Module Director
- RIÓNA NÍ FHRIGHIL: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- AINGEAL NÍ CHUALAÍN: Research Profile
- RIÓNA NÍ FHRIGHIL: Research Profile
Reading List
- "Post-Colonial Studies Reader" by B. Ashcroft, Griffiths, G., & Tiffin, H., (eds.)
ISBN: 978-041534565. - "Literary Theory: An Introduction" by T. Eagleton
ISBN: 978-081665447.
Publisher: Blackwell Publishing - "Teacs Agus Comtheacs" by Maire Ni Annrachain, Briona Nic Dhiarmada
ISBN: 1859180515.
Publisher: Cork University Press
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Required NG6106: Modhanna Taighde
NG6106: Modhanna Taighde
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Sa mhodúl seo, pléitear scileanna éagsúla taighde a chabhróidh leis an mac léinn an tráchtas a thabhairt i gcrích. Cuirtear oiliúint ar an mac léinn sna modhanna taighde atá oiriúnach do thráchtas litríochta agus sa mhodheolaíocht cháilíochtúil atá de dhíth chun obair pháirce a dhéanamh.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Ábhar, aidhmeanna agus ceist taighde a phlé go soiléir agus go beacht.
- An scríbhneoireacht acadúil a láimhseáil go compordach ag an leibhéal cuí.
- Na modhanna taighde cuí a bhaineann le taighde litríochta a úsáid go héifeachtach.
- An mhodheolaíocht cháilíochtúil a thuiscint agus an obair pháirce a bheadh bunaithe uirthi a dhéanamh go stuama agus go héifeachtach.
- Foinsí éagsúla taighde a láimhseáil go criticiúil agus go héifeachtach, lena n-áirítear cartlanna na hollscoile.
- An taighde a bhainistiú go héifeachtach agus an córas tagartha a úsáid go lánchruinn.
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Continuous Assessment (60%)
- Oral, Audio Visual or Practical Assessment (40%)
Module Director
- JOHN WALSH: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- FIONA DE PAOR: Research Profile
- JOHN WALSH: Research Profile
- LIAM LILLIS Ó LAOIRE: Research Profile
- JEANNINE WOODS: Research Profile
- RIÓNA NÍ FHRIGHIL: Research Profile
- LESA NÍ MHUNGHAILE: Research Profile
- Tadhg Ó hIfearnáin: Research Profile
Reading List
- "How to Write a Thesis" by R. Murray
Publisher: Open University Press
Chapters: All - "The Field Day Anthology of Irish Writing." by S. Deane et al. (eds.)
Publisher: Faber and Faber
Chapters: De réir mar a mholfar - "The Cambridge History of Irish Literature" by Kelleher, M. & O’Leary, P. (eds.)
Publisher: Cambridge University Press
Chapters: De réir mar a mholfar - "Qualitative Research Methods for the Social Sciences" by B. Berg
Publisher: Pearson
Chapters: De réir mar a mholfar - "Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-1939." by P. O'Leary
Publisher: UCD Press
Chapters: All
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Required NG6107: Teanga, Coimhlint agus Cumhacht
NG6107: Teanga, Coimhlint agus Cumhacht
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Sa mhodúl seo, déantar staidéar ar choincheapa na coimhlinte agus na cumhachta i sochtheangeolaíocht stairiúil agus chomhaimseartha na Gaeilge agus pléitear conas mar a bhí agus atá pobal na teanga i ngleic le ceisteanna cumhachta ó thaobh an chultúir agus na polaitíochta araon. Pléitear cuid de choincheapa bunúsacha na sochtheangeolaíochta agus cuirtear i bhfeidhm iad ar an tréimhse ón 18ú Aois go dtí an lá atá inniu ann. Cíortar an t-athrú teanga agus cultúir a tharla san 18ú agus san 19ú Aois agus pléitear mar a léiríodh an t-athrú sin i réimsí éagsúla ar nós litríocht na linne agus na logainmneacha. Ina dhiaidh sin, déantar anailís ar bheartas teanga an tSaorstáit agus ar phobal comhaimseartha na Gaeilge, idir chainteoirí Gaeltachta agus nuachainteoirí.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- An t-athrú teanga ón 18ú Aois i leith a phlé go criticiúil.
- Beartas an rialtais i leith na Gaeilge ó 1922 a phlé go criticiúil.
- Coincheapa cuí teoiriciúla ón tsochtheangeolaíocht a úsáid chun na tréimhsí stairiúla agus comhaimseartha a phlé.
- Anailís stairiúil agus comhaimseartha a dhéanamh ar na ceisteanna coimhlinte agus cumhachta a bhfuil pobal na Gaeilge i ngleic leo le fada.
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Continuous Assessment (60%)
- Oral, Audio Visual or Practical Assessment (40%)
Module Director
- JOHN WALSH: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- FIONA DE PAOR: Research Profile
- JOHN WALSH: Research Profile
- JEANNINE WOODS: Research Profile
- RIÓNA NÍ FHRIGHIL: Research Profile
- LESA NÍ MHUNGHAILE: Research Profile
Reading List
- "A History of the Irish Language: From the Norman Invasion to Independence." by Aidan Doyle
Publisher: Oxford University Press
Chapters: All - "Language policy and social reproduction: Ireland, 1893-1993." by Pádraig Ó Riagáin
Publisher: Clarendon Press & Oxford University Press
Chapters: All - "Language in Society: An Introduction to Sociolinguistics" by Suzanne Romaine
Publisher: Oxford University Press
Chapters: All - "Irish and English: Essays on the Irish linguistic and cultural frontier, 1600-1900." by Kelly, J. & Mac Murchaidh, C. (eag.)
Publisher: Four Courts Press
Chapters: All - "The Irish Language in Ireland: From Goídel to Globalisation." by Diarmait Mac Giolla Chríost
Publisher: Routledge
Chapters: All - "Béarla sa Ghaeilge. Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600 – 1900." by Liam Mac Mathúna
Publisher: An Clóchomhar
Chapters: All
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Required NG6109: Miontráchtas
NG6109: Miontráchtas
15 months long | Credits: 30
Is é aidhm an mhodúil seo an mac léinn a spreagadh le feidhmiú as a stuaim féin chun ábhar tionscadail a roghnú agus tráchtas 15,000-20,000 focal a chur i gcrích faoin ábhar sin laistigh de spriocanna ama soiléire agus ag an gcaighdeán gairmiúil agus acadúil cuí. Oibreoidh an mac léinn faoi stiúir ag duine den fhoireann acadúil agus beidh air/uirthi ábhar a roghnú ata laistigh de théarmaí tagartha acadúla an chúrsa.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Úsáid éifeachtach a bhaint as seirbhísí leabharlainne, lena n-áirítear foinsí cartlainne agus foinsí leictreonacha.
- Modheolaíochtaí taighde éagsúla a mheas chun críche taighde acadúil.
- Léirmheas litríochta a chur i gcrích.
- Úsáid a bhaint as frámaíocht theoiriciúil chun argóint shoiléir agus leanúnach a chur i láthair.
- Taighde neamhspleách a dhéanamh, as a stuaim féin.
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Continuous Assessment (100%)
Module Director
- SUZANNE GILSENAN: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- FIONA DE PAOR: Research Profile
- JOHN WALSH: Research Profile
- LIAM LILLIS Ó LAOIRE: Research Profile
- JEANNINE WOODS: Research Profile
- RIÓNA NÍ FHRIGHIL: Research Profile
- LESA NÍ MHUNGHAILE: Research Profile
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Required NG6110: Teanga na Gaeilge
NG6110: Teanga na Gaeilge
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Tá sé d'aidhm ag an modúl seo forbairt agus barr feabhais a chur ar scileanna Gaeilge an mhic léinn i dtaca le cruinneas, líofacht, léitheoireacht, scríbhneoireacht, éisteacht agus labhairt. Is ag leibhéal C1 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach d'Fhoghlaim Teangacha atá an modúl. Fórbróidh an mac léinn a chumas sa scríbhneoireacht chriticiúil agus acadúil i dtaca le réimeanna cuí teanga, cruinneas, comhréir agus líofacht. Tógfaidh an mac léinn ar a thuiscint ar chaighdeán na Gaeilge agus ar mhórchanúintí na teanga araon agus cuirfear lena chumas agus scileanna labhartha agus láithreoireachta dá réir.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Cruinneas teanga a léiriú i scríbhneoireacht agus i labhairt na Gaeilge, idir ghramadach, chomhréir, líofacht agus struchtúr
- Réimeanna teanga éagsúla na Gaeilge a thuiscint, a aithint agus a úsáid sa chomhthéacs cuí
- Gnéithe de mhórchanúintí na Gaeilge a aithint agus mórphointí a bhaineann le caighdeán vs canúintí na Gaeilge a láimhseáil sa scríbhneoireacht agus sa chaint
- Mórcheisteanna agus mórghnéithe den aistriúchán a thuiscint agus a léiriú
- Scileanna Gaeilge a fhorbairt le plé, cur i láthair agus díospóireacht éifeachtach a dhéanamh ar ábhair acadúla.
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Department-based Assessment (100%)
Module Director
- JEANNINE WOODS: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- FIONA DE PAOR: Research Profile
- LIAM LILLIS Ó LAOIRE: Research Profile
- JEANNINE WOODS: Research Profile
- Tadhg Ó hIfearnáin: Research Profile
Reading List
- "Cruinnscríobh na Gaeilge" by Mac Murchaidh, Ciarán. Cois Life
- "Gramadach gan Stró" by Ó Dónaill, Éamonn. Gaelchultúr
Publisher: Baile Átha Cliath - "An Béal Beo" by Ó Máille, Tomás. An Gúm
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Optional NG6103: An Bhéalaireacht agus An Taibhléiriú
NG6103: An Bhéalaireacht agus An Taibhléiriú
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Déanfar staidéar ar ghnéithe éagsúla d’ealaíona béil na Gaeilge, amhránaíocht, scéalaíocht, drámaíocht agus scannánaíocht go príomha. Léireofar na naisc éagsúla atá idir na cineálacha éagsúla léirithe a dhéantar ar ábhar ó bhéal sa Ghaeilge. Déanfaidh tú grinnstaidéar ar an amhrán mar théacs agus mar thaibhléiriú agus ar an scéalaíocht chomh maith idir an scéalaíocht bhéil agus an scannán. Léifear ábhar breise a mhíníonn tábhacht an taibhléirithe maidir leis na healaíona seo. Tabharfar léargas ar fhorbairt dhrámaíocht na Gaeilge, idir réamhtheachtaithe na drámaíochta agus eilimintí dhrámata laistigh de chleachtais chultúrtha thraidisiúnta na Gaeilge. Déanfar staidéar ar ghnéithe taibhléirithe i roinnt drámaí Gaeilge.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Cur síos cuimsitheach a thabhairt ó bhéal agus i scríbhinn ar phríomhsheánraí taibhléirithe béil na Gaeilge.
- Anailís a dhéanamh ar théacsanna éagsúla agus léirmhíniú a thabhairt ar a gcineál agus ar a mbrí.
- Cur i láthair clos-amhairc a dhéanamh ar ghnéithe d’ábhar an chúrsa.
- Ailt agus caibidilí acadúla a léamh, a thuiscint agus achoimre ghonta a thabhairt orthu ó bhéal agus i scríbhinn.
- Díospóireacht aibí, leathan a dhéanamh ar na topaicí agus ar na hábhair a chlúdaítear sa chúrsa.
- Léachtaí/ranganna a mhúineadh bunaithe ar an ábhar a ndearnadh staidéar orthu.
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Continuous Assessment (85%)
- Oral, Audio Visual or Practical Assessment (15%)
Module Director
- LIAM LILLIS Ó LAOIRE: Research Profile | Email
Reading List
- "An tSlat Féithleoige" by S. Ó Cadhla,
Publisher: Indreabhán - "The Gaelic Storyteller’." by S. Ó Duilearga
Publisher: Shannon - "Stair Dhrámaíocht na Gaeilge 1900 – 1970." by Pádraig Ó Siadhail,
Publisher: Cló Iar-Chonnachta
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Optional NG6104: An Dúchas agus an Duine
NG6104: An Dúchas agus an Duine
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Sa mhodúl seo díreofar ar fheidhm, ar bhrí, ar struchtúr agus ar ghalldú logainmneacha na hÉireann. Déanfar plé agus léiriú ar mhodhanna taighde a bhaineann leis an réimse seo freisin, chomh maith le dul i ngleic le cás-staidéar roghnaithe ón réimse léinn seo. Tabharfar eochair eolais don mhac léinn ar thraidisiún lámhscríbhneoireachta na Gaeilge ón 16ú haois nó mar sin i leith. Beidh aird ar an leith ar an teanga féin agus tabharfar deis don mhac léinn eolas a chur ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Plé domhain a dhéanamh ar bhunús, ar bhrí, ar fhorbairt agus ar ilghnéitheacht ainmneacha pearsanta, sloinnte agus logainmneacha na hÉireann
- Taighde a dhéanamh ar logainmneacha a chuirfidh lenár n-eolas ar an réimse léinn seo
- Lámhscríbhinní a léamh, a thrascríobh, agus a chur in eagar go cruinn gairmiúil
- Dul i ngleic leis na modheolaíochtaí eagarthóireachta a bhíonn in úsáid ag scoláirí na linne seo agus iad ag plé leis an eagarthóireacht théacsúil
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Continuous Assessment (100%)
Module Director
- LESA NÍ MHUNGHAILE: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- FIONA DE PAOR: Research Profile
- LESA NÍ MHUNGHAILE: Research Profile
Reading List
- "Irish Place Names" by Flanagan, D., & Flanagan, L.
ISBN: ISBN071712066.
Publisher: Gill and Macmillan - "The Irish Hand" by O’Neill, T.
ISBN: ISBN978178205.
Publisher: Cork University Press - "Cruth na Tíre" by McLeod, W. agus Ní Annracháin, M.
ISBN: ISBNB000R229Y.
Publisher: Coiscéim - "Ár dTimpeallacht Logainmneacha Inniu agus Amárach" by Mac Mathúna, L.
Publisher: Coiscéim
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Optional NG6105: Athbheochan na Gaeilge
NG6105: Athbheochan na Gaeilge
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Déanfar iniúchadh ar phríomhdhíospóireachtaí ré na hAthbheochana (1876-1930) maidir leis an nualitríocht agus leis an teanga féin. Breathnófar ar thábhacht eagraíochtaí ar leith, Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge ina measc. Tabharfar suntas don ról lárnach a bhí ag nuachtáin agus irisí i ngluaiseacht na Gaeilge. Díreofar ar shaothar liteartha le príomhscríbhneoirí na
linne. Pléifear ról agus iarmhairtí Choimisiún na Gaeltachta.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Breithiúnas a thabhairt ar phríomheagraíochtaí Gaeilge na tréimhse
- Cló Gaelach agus tréimhseachán na hAthbheochana a léamh
- Ról na nuachtán i ngluaiseacht na Gaeilge a mheas
- Príomhdhíospóireachtaí na hAthbheochana a phlé
- Saothar liteartha a léamh trí lionsa iarchoilíneach agus gnéithe nua-aoiseacha di a phlé
- Cuntas a thabhairt ar iarmhairtí Choimisiún na Gaeltachta
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Continuous Assessment (70%)
- Oral, Audio Visual or Practical Assessment (30%)
Module Director
- FIONA DE PAOR: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- JOHN WALSH: Research Profile
Reading List
- "The Life and after-Life of P.H. Pearse/Pádraic Mac Piarais: Saol Agus Oidhreacht." by Higgins, R. & Uí Chollatáin, R.
Publisher: Irish Academic Press - "Revival: The Abbey Theatre, Sinn Féin, The Gaelic League and the Co-operative Movement, Corcaigh" by Mathews, P.J
Publisher: Cork University Press - "Réamhchonraitheoirí." by Ní Mhuiríosa, M., 1968.
Publisher: Clodhanna Teoranta - "Fin De Siècle Na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht Na hEorpa" by Ó Conchubhair, B.,
Publisher: An Clóchomhar/Cló Iar-Chonnacht.
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Optional NG6111: Inscne agus Gnéasúlacht
NG6111: Inscne agus Gnéasúlacht
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Cíoróidh an modúl seo mórghnéithe de léann na hinscne agus na gnéasúlachta. Díreofar ar chonstráidiú agus ar fhorléargais na hinscne agus na gnéasúlachta i ngnéithe de chultúr agus litríocht na Gaeilge, an litríocht bhéil agus an litríocht scríofa ina measc. Déanfar grinnstaidéar ar théacsanna Gaeilge le scagadh a dhéanamh ar idé-eolaíochtaí agus forléargais éagsúla inscne agus gnéasúlachta a léirítear iontu. Déanfar forléargais inscne agus gnéasúlachta i litríocht agus i gcultúr na Gaeilge a lonnú laistigh de dhioscúrsaí agus díospóireachtaí ar na naisc idir cúrsaí inscne, gnéasúlachta agus féiniúlachta
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Dul i ngleic le mórghnéithe agus díospóireachtaí laistigh de réimse léann na hinscne agus na gnéasúlachta
- Grinnstaidéar a dhéanamh ar théacsanna éagsúla Gaeilge i gcomhthéacs an ábhair
- Anailís a dhéanamh ar ghnéithe de chultúr agus litríocht na Gaeilge i gcomhthéacs léann na hinscne agus na gnéasúlachta
- Naisc a thuiscint agus a dhéanamh idir forléargais liteartha agus chultúrtha agus dioscúrsaí sochaíocha ar an inscne agus ar an ngéasúlacht
- Plé agus díospóireacht acadúil a dhéanamh ar an ábhar agus ar na topaicí a chlúdaítear sa chúrsa
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Department-based Assessment (100%)
Module Director
- JEANNINE WOODS: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- FIONA DE PAOR: Research Profile
- LIAM LILLIS Ó LAOIRE: Research Profile
- JEANNINE WOODS: Research Profile
Reading List
- "Introducing the New Sexuality Studies" by Kegan, Paul, Seidan, Steven, Fischer, Nancy & Meeks, Chet (eds.).
Publisher: Routledge - "Téacs agus Comhthéacs: gnéithe de chritic na Gaeilge." by Ní Annracháin, Máire. & Nic Dhiarmada, Bríona (eag.).
Publisher: Cló Ollscoile Chorcaí - "B’ait leo bean: gnéithe den ide-eolaíocht inscne i dtraidisiún liteartha na Gaeilge." by Nic Eoin,Máirín.
Publisher: An Clóchomhar
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Why Choose This Course?
Career Opportunities
I measc na ngairmeacha atá ag ár gcéimithe tá na réimsí seo a leanas:
-
Earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta
-
Gairmeacha acadúla agus taighde
-
Oideachas
-
Foilsitheoireacht
-
Na meáin chumarsáide
-
Teagasc na Gaeilge
-
Na tionscail chultúrtha agus oidhreachta
Who’s Suited to This Course
Learning Outcomes
Work Placement
Study Abroad
Related Student Organisations
Course Fees
Fees: EU
Fees: Tuition
Fees: Student levy
Fees: Non EU
Mic léinn iarchéime atá i dteideal deontas SUSI—ciallaíonn deontas F4 go n-íocfaidh SUSI €2,000 i dtreo an teagaisc lánaimseartha. Beidh ort an chuid eile den táille iomlán a íoc tú féin. Ciallaíonn deontas F5 go n-íocfaidh SUSI an TEAGASC lánaimseartha suas go dtí €6,270. Ní íocfaidh SUSI tobhach na mac léinn atá ag €224 faoi láthair.
Briseadh síos ar tháillí iarchéime = teagasc (AE nó NEAMH-AE) + tobhach na mac léinn mar a léirítear thuas.
Find out More
What Our Students Say

Micheál Ó Leidhin | Iriseoir
Thugas faoin MA sa Nua-Ghaeilge sa bhliain 2013 tar éis dom a bheith imithe as an gcóras oideachais ar feadh roinnt mhaith blianta. I mo shaol gairmiúil mar iriseoir is gá scagadh agus póirseáil a dhéanamh ar eolas. Go minic, is gá an t-eolas atá ar leas an phobail a aithint, a scaradh ó eolas eile agus a chur in iúl don ghnáthdhuine ar shlí atá sothuigthe. Tairbhe as cuimse a bhí san MA sa Nua-Ghaeilge chun mo chuid scileanna teanga agus anailíse a fhorbairt. Ba luachmhar an taithí chomh maith gur leagadh béim ar scileanna cur i láthair mar chuid den Mháistreacht.

Ailbhe Nic Giolla Chomhaill | Mac Léinn PhD
Thug mise faoin MA sa Nua-Ghaeilge sa bhliain 2012. Bhí mé díreach tar éis BA a bhaint amach agus ní raibh mé iomlán cinnte cén treo ina rachainn ó thaobh gairm bheatha de. Thug an MA deis dom modúil a roghnú a bhí an-éagsúil óna chéile ach a chuir ar mo chumas scileanna anailíse luachmhara a fhorbairt agus tuiscint den scoth a fháil ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge. Spreag an cúrsa seo dúil mhór sa taighde ionam agus shocraigh mé leanúint den taighde agus tabhairt faoi dhochtúireacht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ní fhéadfainn tabhairt faoin dúshlán sin gan na scileanna teanga, scríbhneoireachta agus cur i láthair a d’fhoghlaim mé le linn na máistreachta.

Amanda Bernhardt & Seanchán Ó Cinnéide | Massachusetts
Tugadh an deis don bheirt againn an MA i Nua-Ghaeilge a dhéanamh sa bhliain 2012. Le deontas ón Choimisiún Fulbright, bhí muid in ann bogadh go Gaillimh agus tabhairt faoin iarchéim le chéile. I dtús báire, mar Mheiriceánaigh ba dhúshlán mór é na cúrsaí a dhéanamh ag leibhéal chomh hard sin os rud é nach raibh an cúlra teanga céanna againne agus a bhí ag na mic léinn eile. Thug foireann Roinn na Gaeilge neart tacaíochta dúinn, áfach, agus tá muid thar a bheith buíoch díobh uilig. Ní amháin gur saineolaithe amach is amach iad sna hábhair atá á dteagasc acu, múinteoirí agus daoine den scoth atá iontu fosta. Anois, agus muid ar ais sna Stáit, bíonn muid ag teagasc na Gaeilge sna coláistí áitiúla agus ag stiúradh comhráite beo i nGaeilge ar líne. Bhí taithí ar dóigh againn i nGaillimh.