-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose NUI Galway as their University of choice. Find out what life at NUI Galway is all about here.
-
About NUI Galway
About NUI Galway
Since 1845, NUI Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
NUI Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
NUI Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at NUI Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at NUI Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni, Friends & Supporters
Alumni, Friends & Supporters
There are over 90,000 NUI Galway graduates Worldwide, connect with us and tap into the online community.
-
Community Engagement
Community Engagement
At NUI Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
Oideachas (Máistir Gairmiúil)
Course Overview
Tá muid fíorbhródúil ar an MGO go bhfuil muid roghnaithe in athuair mar Apple Distinguished School 2021–2024.
COGG/ MGO 22022/23
Tá dréachtfhéilire den chlár 2022–23 le fáil anseo—a léiríonn leagan amach na mblocanna ar champas/sa scoil socrúchán.
Tá Sparánachtaí, maoinithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) á dtairiscint d’Iarchéimithe Eolaíochta, Mata & Teangacha na Mór-Roinne le tabhairt faoin Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO). Tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Clár in Oideachas Tosaigh Múinteoirí go hiomlán trí mheán na Gaeilge, ag leibhéal máistreachta, thar dhá bhliain, is ea an Máistir Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an-tóir ar chéimithe an chláir agus iad fostaithe i nGaelcholáistí agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta ar fud na tíre agus i scoileanna ar fud an domhain. Tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta mar chlár oiriúnach chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn agus san AE.
Cliceáil ar an nacs le teacht ar bhileog eolais faoin MGO anseo.
Múnla Nua don Chlár 2020–22
I mBliain 2 den chlár ó 2020–22 ar aghaidh, beidh struchtúr nua ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas.
Ní bheidh aon bhloc ar champas i nGaillimh i ndiaidh na Nollag. Beidh mic léinn ar shocrúchán scoile ó mhí Eanáir go deireadh na bliana acadúla.
Cuirfidh sé seo le heispéireas na mac léinn ar shocrúchán scoile, ar champas agus is lú costais a bheidh ar mhúinteoirí faoi oiliúint mar thoradh. Bainfear leasbeidh as an bhFoghlaim Chumaisc leis na hathruithe seo a chur i gcrích.
2022-23 and attach draft calendar attached le fáil anseo—a léiríonn leagan amach na mblocanna ar champas/sa scoil socrúchán.
Dréacht Fhéilire MGO 2022/2023
Aidhm
Agus an clár seo críochnaithe agat, beidh tú in ann:
- Anailís chriticiúil a dhéanamh ar theoiricí, ar choincheapa agus ar mhodhanna teagaisc, foghlama agus measúnaithe
- Straitéisí teagaisc atá éifeachtach, gníomhach, cruthaitheach agus samhlaíoch a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm sa seomra ranga
- Saineolas ar theagasc na Gaeilge agus an teagasc trí Ghaeilge a léiriú chomh maith le straitéisí a chur i gcrích le litearthacht na mac léinn a fhorbairt i ngach ábhar
- Forbairt i nGaeilge scríofa agus labhartha a léiriú
Teicneolaíocht
Leagann an MGO an-bhéim ar theicneolaíocht, ar dhearadh áiseanna agus ar úsáid iPad i dteagasc, foghlaim agus measúnú. Bronnadh gradam Apple Distinguished Programme ar an MGO i 2015 mar chlár le barr feabhais san nuálaíocht, sa cheannródaíocht agus mar eiseamláir oideachais maidir le húsáid na teicneolaíochta. Ba é an chéad chlár tríú leibhéal lasmuigh de Mheiriceá a ghnóthaigh an gradam seo agus bronnadh ar an MGO (gach bliain ó shin).
Ábhar an chúrsa
Déantar na modúil seo a leanas ar an gclár:
- Eolaíochtaí Oideachais
- Léann Gairmiúil
- Socrúchán Scoile
- Taighde Feidhmeach
Ábhair theagaisc
Roghnaíonn mic léinn dhá shainréimse modheolaíochta, go hiondúil in ábha(i)r atá déanta go leibhéal céime, agus déantar an socrúchán scoile i scoileanna lán-Ghaeilge.
An Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) at NUI, Galway is a two year, full-time, second level teacher education programme, offered entirely through the medium of Irish, and recognised by the Teaching Council of Ireland for the purposes of registration as a post-primary teacher in Ireland, the EU, and other English speaking countries.
Applications and Selections
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne tríd an Ionad Iarratais Iarchéime (PAC)
Who Teaches this Course
Foireann an MGO agus Acadamh na hOllscolaíochta, Gaillimh.
Requirements and Assessment
Measúnú leanúnach a úsáidtear ar an gcúrsa agus áirítear páipéir scríofa, obair phraiticiúil agus obair thionscadail ann.
Key Facts
Entry Requirements
Bunchéim ag Leibhéal 8. Ní mór d’iarratasóirí caighdeán maith Ollscoile a beith acu i dtaca le labhairt agus scríobh na Gaeilge agus mar chuid den nós imeachta iarratais, tá scrúdú béil le déanamh.
Additional Requirements
Duration
Dhá bhliain acadúil, lánaimseartha
Next start date
Meán Fómhair 2022
A Level Grades ()
Average intake
30
QQI/FET FETAC Entry Routes
Closing Date
31ú Eanáir 2022
NFQ level
Mode of study
ECTS weighting
120
Award
CAO
Course code
PEG02
Course Outline
Bliain 1: Modúil:
- Léann Gairmiúil
(Teagasc, Foghlaim & Measúnú, An Teagasc Trí Ghaeilge) - Eolaíochtaí Oideachais 1
(Síceolaíocht, Socheolaíocht, Stair & Fealsúnacht an Oideachais) - Cleachtadh Gairmiúil
(Cleachtadh Machnamhach, Teicneolaiocht) - Socrúchán Scoile
- Modheolaíochtaí Ábhar.
Bliain 2: Modúil:
- Taighde Cleachtóir-bhunaithe
- Eolaíochtaí Oideachais 2
- Cleachtadh Gairmiúil
- Socrúchán Scoile
- Modheolaíochtaí Ábhar.
Curriculum Information
Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).Course and module offerings and details may be subject to change.
Glossary of Terms
- Credits
- You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
- Module
- An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
- Subject
- Some courses allow you to choose subjects, where related modules are grouped together. Subjects have their own required number of credits, so you must take all that subject's required modules and may also need to obtain the remainder of the subject's total credits by choosing from its available optional modules.
- Optional
- A module you may choose to study.
- Required
- A module that you must study if you choose this course (or subject).
- Required Core Subject
- A subject you must study because it's integral to that course.
- Semester
- Most courses have 2 semesters (aka terms) per year, so a three-year course will have six semesters in total. For clarity, this page will refer to the first semester of year 2 as 'Semester 3'.
Year 1 (60 Credits)
Required ED6130: Eolaíochtaí Oideachais 1 - 15 Credits - Semester 1Optional ED6143: Nua-theangacha (Fraincis): Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6144: Nua-theangacha (Gearmáinis): Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6145: Nua-theangacha (Iodáilis): Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6146: Nua-theangacha (Spáinnis): Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6147: Nua-theangacha: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6148: Oideachais Reiligiúnach: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6149: Oid. Saoránach, Sóisialta & Polatiúil: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6150: Oid. Sóisialta, Pearsanta & Sláinte: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6151: Staidéar Gnó: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6152: Stair: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6142: Matamaitic: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6141: Gaeilge: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Required ED6131: Léann Gairmiúil - 10 Credits - Semester 1
Required ED6132: Cleachtas Gairmiúil / Socrúchán Scoile Bliain 1 - 25 Credits - Semester 1
Optional ED6133: Béarla: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6134: Ceol: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6135: Cuntasaíocht: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6136: Drámaíocht san Oideachais: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6137: Eacnamaíocht: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6138: Eolaíocht (Biitheolaíocht): Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6139: Eolaíocht (Ceimic): Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6140: Eolaíocht (Fisic): Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Optional ED6153: Tíreolas: Bliain 1 - 5 Credits - Semester 1
Year 2 (60 Credits)
Optional ED6243: Nua-theangacha (Fraincis): Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3Optional ED6244: Nua-theangacha (Gearmáinis): Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6245: Nua-theangacha (Iodáilis): Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6246: Nua-theangacha (Spáinnis): Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6247: Nua-theangacha: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6248: Oideachas Reiligiúnach: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6249: Oid. Saoránach, Sóisialta & Polaitiúil: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6250: Oid, Sóisialta, Pearsanta & Sláinte: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6251: Staidéar Gnó: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6252: Stair: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6242: Matamaitic: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6241: Gaeilge: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6233: Béarla: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6234: Ceol: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6235: Cuntasaíocht: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6236: Drámaíocht san Oideachas: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6237: Eacnamaíocht: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6238: Eolaíocht (Bitheolaíocht): Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6239: Eolaíocht (Ceimic): Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6240: Eolaíocht (Fisic): Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6253: Tíreolas: Bliain 2 - 5 Credits - Semester 3
Optional ED6254: An Pholaitíocht agus an tSochaí Bliain a 2 - 5 Credits - Semester 3
Required ED6230: Eolaíochtaí Oideachais 2 - 5 Credits - Semester 3
Required ED6231: Taighde Cleachtadh-bhunaithe - 20 Credits - Semester 3
Required ED6232: Cleachtas Gairmiúil/ Sochrúchán Scoile Bliain 2 - 25 Credits - Semester 3
Why Choose This Course?
Career Opportunities
Deiseanna Fostaíochta
Tá ráta fostaíochta 100% ag céimithe an MGO, agus iad ag obair in Éirinn agus thar lear.
Sparántacht
Tá sparánachaí maoinithe ag COGG (an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) á dtairiscint d’iarchéimithe Eolaíochta, Mata agus Teangacha na Mór Roinne. Coinníollacha le sásamh ná:
- An MGO a bheith mar chéad rogha (uimhir 1) ar chóras iontrála PAC
- Coinníollacha chóras iontrála an chláir a shásamh
- Coinníollacha iontrála an MGO maidir le caighdeán Gaeilge a shásamh
- Céim sna hábhair chuí a bheith ag an iarratasóir.
Socrúchán Scoile
Is féidir tabhairt faoin socrúchán scoile in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre. Blocanna ar champas, agus blocanna ar scoil.
Saineolas ar an an oideachas trí Ghaeilge—is é an MGO an t-aon chlár in oiliúint tosaigh múinteoirí dara leibhéal go hiomlán trí mheán na Gaeilge in Éirinn.
Scileanna teicneolaíochta—is é an MGO an t-aon chlár iPad 1:1 in oiliúint tosaigh múinteoirí in Éirinn.
Ranganna Beaga
Grupaí beaga, aithne ar a chéile, teagmháil leis an bhfoireann.
Campus dhátheangach
Tumtha sa teanga, clár tumoideachais, saibhreas agus líofacht na Ghaeilge mórthimpeall.
I gCeartlár na Gaillimhe, gar don Ghaeltacht
Campus na hOllscoile i gcathair bheo bhríomhar na Gaillimhe, agus ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír.
Who’s Suited to This Course
Learning Outcomes
Work Placement
Study Abroad
Related Student Organisations
Course Fees
Fees: EU
Fees: Tuition
Fees: Student levy
Fees: Non EU
Postgraduate students in receipt of a SUSI grant—please note an F4 grant is where SUSI will pay €3,500 towards your full-time tuition. You will be liable for the remainder of the total fee. An F5 grant is where SUSI will pay full-time TUITION up to a maximum of €6,270. SUSI will not cover the student levy of €224.
Student Levy: €140 - payable by all students and is not covered by SUSI. Further detail here
Find out More
Scoil an Oideachais
F: +353 91 494 072
R: mgo@oegaillimh.ie
Quick Links
- Accommodation Office
- International Students
- Postgraduate Funding—Scholarships
- Student Support and Resources
What Our Students Say

Katie Biggins | Céimí 2021
Thaitin an clár MGO go mór liom. Tá foireann iontach thacúil ann agus mothaím ullmhaithe don ghairm bheatha tar éis an chéim a bhaint amach.

Rónán Boland | Céimí 2021
Roghnaigh mise tabhairt faoin MGO toisc go raibh sé go hiomlán trí Ghaeilge. Thaitin sé liom go raibh rang-ghrúpa beag ann. Chuir muid aithne fíormhaith ar a chéile agus ar na léachtóirí. Ceapaim gur chuir an caidreamh seo go mór le mo dhul chun cinn pearsanta féin mar mhúinteoir. D’imigh an dá bhliain i gcaochadh na súl agus chas mé ar chairde saoil ar an MGO.

Jenny Dixon | Céimí 2021
Bhí mé idir dhá chomhairle an dtabharfainn faoin MGO nó PME tar éis na céime ach creidim anois go ndearna mé an cinneadh ceart. Rinne mé céim sa bhfisic agus bhí mé as cleachtadh ag labhairt na Gaeilge. Bhí mé beagán buartha faoi mo chaighdeán Gaeilge ag cur tús leis an MGO, ach ní raibh gá ar bith dom a bheith buartha! Tá feabhas ollmhór tagtha ar mo chuid Gaeilge a bhuíochas leis na ceadlanna ar Ghaeilge labhartha agus scríofa chomh maith le comhluadar lán-Ghaeilge an MGO. Ní hamháin gur réitigh an MGO mé mar mhúinteoir ach mhúscail sé an grá ionam arís don Ghaeilge agus do chúrsaí léinn. Ní fhéadfainn an MGO a mholadh sách ard!

Mícheál Mac Aindriú | Céimí 2021
Phioc mé an MGO i dtús báire, mar bhíos ag iarraidh foghlaim conas teagasc trí mheán na Gaeilge. Toisc go leagann an MGO an-bhéim ar theicneolaíocht, táim ábalta straitéisí atá éifeachtach, gníomhach, cruthaitheach agus samhlaíoch a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i mo sheomra ranga.

Mia Ní Bhraonáin | Céimí 2021
Ní fios cén tionchar dearfach atá ag an MGO ar mo shaol. Tá i bhfad níos mó ná clár in oideachas tosaigh múinteoirí i gceist leis an MGO domsa - rinne mé cairde saoil trí Ghaeilge. Tá fás agus forbairt tagtha orm mar dhuine - go gairmiúil agus i dtaobh mo chuid féinmhuiníne. A bhuíochas le foireann uile an MGO in OÉ Gaillimh airím go bhfuil mé oilte agus ullmhaithe mar is ceart le tabhairt faoin bpost atá agam mar mhúinteoir Gaeilge agus Mata.

Leanne Ní Mhurchú | Céimí 2021
Is cúrsa struchtúrtha é an MGO go hiomlán trí mheán na Gaeilge a ullmhaíonn gach múinteoir faoi oiliúint chuig an leibhéal is airde le haghaidh castachtaí an tseomra ranga agus timpeallacht na scoile nua-aimseartha. Soláthraíonn sé deis duit a bheith ag obair le teicneolaíocht nua-aimseartha, buntáiste ollmhór do theagasc an lae inniu. Bhain mé an-taitneamh agus tairbhe as mo chuid ama in OÉ Gaillimh ag staidéar faoi shaineolas agus faoi threoir fhoireann Scoil an Oideachais atá díograiseach agus tacúil i ngach gné den chlár. Molaim an MGO in OÉ Gaillimh go hard.

Fiachra Ó hEochaidh | Príomhoide Táinisteach, Coláiste Ghlór na Mara
Tá go leor céimithe MGO fostaithe againn anseo i gColáiste Ghlór na Mara le cúpla bliain anuas. Tá caidreamh agus gaol láidir idir an scoil seo agus an MGO in OÉ Gaillimh. Is minic linn glacadh le mic léinn MGO ar shocrúchán scoile agus cuireann siad go mór leis an scoil. Molaim go mór an MGO agus caighdeán na gcéimithe.

Deborah Ní Cheallaigh | Stiúrthóir, Aonad Loch Gile, Sligeach
Is céimí den MGO mé agus ní fhéadfainn an clár a mholadh sách ard! Anois agus mé mar phríomhoide in Aonad lánGhaeilge, creidim go láidir gurb iad céimithe an MGO na múinteoirí is oilte don earnáil Ghaeloideachais.