NUI Galway Graduate Studies Fair to Focus on Employability

Jan 26 2009 Posted: 00:00 GMT
(Leagan Gaeilge)The Annual NUI Galway Graduate Studies Fair takes place on Tuesday, 3 February 2009, in Áras na Mac Léinn, from 1.30pm to 6pm. The event will showcase over 400 of NUI Galway's full-time and part-time postgraduate programmes, including taught and research masters, and doctoral research options. The theme of the event this year is employability with a series of seminars and presentations on choosing the right postgraduate option. Almost 3,500 postgraduate students currently attend NUI Galway, many of them travelling from overseas. At the Graduate Studies Fair, 70 information stands will provide details on postgraduate opportunities at NUI Galway, with academic staff and current students on hand to answer questions about specific courses. According to John Hannon, Head of NUI Galway's Career Development Centre, "In the current economic climate, there is increased interest among undergraduate students in staying in education by pursuing postgraduate studies. A postgraduate qualification can provide a real career boost. Undoubtedly, it can maximise career prospects and earnings". NUI Galway offers world-class fourth level education, developing programmes based on its traditional academic strengths of Arts, Social Sciences, Celtic Studies; Commerce, Medicine, Nursing, Health Science, Law, Engineering, Informatics and Science. These areas have been augmented with innovative Research Centres in areas as diverse as Biomedical Engineering, International Human Rights, Digital Media & Film Studies, and Regenerative Medicine. John Hannon adds: "With so many options available at postgraduate level, people must choose carefully. Graduates need to look at their careers in broad terms and the postgraduate qualification pursued must be carefully thought through. This is why the Graduate Studies Fair, and the chance to talk to lecturers and current postgraduate student, is so important". The Graduate Studies Fair will also feature stands from other institutions across the country. An online prospectus of all that is on offer at NUI Galway at postgraduate level and further information about the Graduate Studies Fair is available at www.nuigalway.ie/graduatestudies/.
Aonach Staidéir Iarchéime OÉ Gaillimh le díriú ar Infhostaitheacht
(View in English) Beidh Aonach Bliantúil Staidéir Iarchéime OÉ Gaillimh ar siúl Dé Máirt, 3 Feabhra 2009, in Áras na Mac Léinn ó 1.30pm go dtí 6pm. Beidh eolas le fáil faoi bhreis is 400 clár iarchéime lánaimseartha agus páirtaimseartha atá á dtairiscint in OÉ Gaillimh, lena n-áirítear cláir mháistreachta theagaisc agus thaighde, agus roghanna taighde dochtúireachta. Infhostaitheacht atá roghnaithe mar théama an imeachta i mbliana agus reáchtálfar sraith seimineár agus láithreoireachtaí le cabhrú leat an cúrsa iarchéime is oiriúnaí a roghnú duit féin. Tá beagnach 3,500 mac léinn iarchéime ag freastal ar OÉ Gaillimh i láthair na huaire, agus is mic léinn as thar lear go leor acu. Beidh 70 seastán eolais ag an Aonach Staidéir Iarchéime le heolas a thabhairt faoi na deiseanna iarchéime atá ar fáil in OÉ Gaillimh. Beidh idir chomhaltaí foirne acadúla agus mhic léinn i láthair le ceisteanna faoi na cúrsaí éagsúla a fhreagairt. Bhí an méid seo a leanas le rá ag John Hannon, Ceann Ionad Forbartha Gairmeacha OÉ Gaillimh, "Agus cúrsaí geilleagracha mar atá, tá níos mó spéise ag mic léinn bunchéime leanúint lena gcuid staidéir agus tabhairt faoi chúrsaí iarchéime. Cabhraíonn cáilíocht iarchéime go mór le daoine post a fháil. Gan amhras, cabhraíonn sé le hardú céime a fháil agus pá níos fearr a thuilleamh freisin". Tá oideachas ceathrú leibhéal den chéad scoth á thairiscint ag OÉ Gaillimh. Tá cláir iarchéime forbartha atá bunaithe ar na réimsí sin a bhfuil cáil ar OÉ Gaillimh iontu – Na Dána, Eolaíochtaí Sóisialta, Léann Ceilteach; Tráchtáil, Leigheas, Altranas, Eolaíocht Sláinte, Dlí, Innealtóireacht, Faisnéisíocht agus Eolaíocht. Cuireadh go mór leis na réimsí staidéir seo trí Ionaid Nuálacha Taighde a bhunú i réimsí chomh héagsúil le hInnealtóireacht Bhithleighis, Cearta Daonna Idirnáisiúnta, Meáin Dhigiteacha & Scannánaíocht, agus Leigheas Athghiniúnach. Chomh maith leis sin, dúirt John Hannon: "De bhrí go bhfuil an oiread sin cúrsaí ar fáil anois do mhic léinn iarchéime, ní mór smaoineamh go cúramach ar na roghanna ar fad atá ann. Ní mór do chéimithe smaoineamh ar a ngairmeacha beatha sa chomhthéacs is leithne is féidir agus dianmhachnamh a dhéanamh ar an gcáilíocht iarchéime is mian leo a bhaint amach. Dá bhrí sin, baineann an-tábhacht leis an Aonach Staidéir Iarchéime agus an deis labhairt le léachtóirí agus le mic léinn iarchéime". Beidh seastáin ag institiúidí eile as gach cearn den tír ag an Aonach Staidéir Iarchéime freisin. Tá réamheolaire ar líne le fáil ina bhfuil cur síos ar na cúrsaí uile atá ar fáil d iarchéimithe in OÉ Gaillimh mar aon le tuilleadh eolais faoin Aonach Staidéir Iarchéime ag www.nuigalway.ie/graduatestudies/.
-críoch-

PreviousNext

Featured Stories