Cuireann Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh na mílte chuig Bronnadh Céimeanna an Fhómhair

Aug 15 2023 Posted: 12:59 IST

Tá beagnach 2,000 céim á mbronnadh ag Ollscoil na Gaillimhe an tseachtain seo mar chuid de shearmanais Bhronnta an Fhómhair. 

Beidh an ceiliúradh d'fhochéimeanna, iarchéimeanna agus céimeanna PhD ar siúl ó inniu go dtí Dé hAoine, an 18 Lúnasa.

Bronnadh Dochtúireacht Eolaíochta (DSc) as Obair Fhoilsithe ar an Ollamh Maria Byrne freisin. Is ard-dochtúireachtaí iad céimeanna a bhronntar as saothar foilsithe, agus is iad na cáilíochtaí is airde a bhronntar san Ollscoil iad. Bronntar iad ar scoláirí a bhfuil bailiúchán de shaothar úrnua agus cumhachtach i réimse speisialtóireachta foilsithe acu, thar thréimhse áirithe, agus a bhfuil aitheantas den scoth bainte amach acu go hidirnáisiúnta sa réimse sin.

Is céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe í Maria, agus tá sí ina hOllamh le Bitheolaíocht Mhara agus Fhorbarthach in Ollscoil Sydney, ina ball d’Institiúid Timpeallachta Sydney, agus ina hiar-Stiúrthóir ar stáisiún taighde na hollscoile ar One Tree Island. Tá sí ina comheagarthóir ar Australian Echinoderms a bhuaigh Bonn Whitley in 2018. Tá an tOllamh Byrne ag foilsiú a cuid taighde ar Echinodermata ó thús na 1980idí agus toghadh ina Comhalta d’Acadamh Eolaíochta na hAstráile in 2019 í.

Dúirt an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Tá lúcháir orm bualadh leis an oiread sin céimithe de chuid Ollscoil na Gaillimhe atá ag filleadh ar ár gcampas don cheiliúradh seo. Is áit eisceachtúil í seo, agus is daoine eisceachtúla iad ár gcéimithe. Agus ár luachanna measa agus barr feabhais á léiriú againn, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine acu as a dtiomantas, a neart agus a ndíograis le linn a gcuid staidéir linn. Is lá speisialta é bronnadh na gcéimeanna do mhic léinn agus tá áthas orm go bhfuilimid in ann a gcuid éachtaí a cheiliúradh lena dteaghlach, lena gcairde, lena lucht leanúna agus lenár gcomhaltaí foirne. Guímid gach rath ort amach anseo.”

Déanfar raon céimeanna a bhronnadh i rith na gceithre lá ar chéimithe ó Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta, Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí, Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte agus Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh.

Tá sceideal iomlán shearmanais bhronnta an Fhómhair le fáil ag https://www.universityofgalway.ie/conferring/

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories