Tá Ollscoil na Gaillimhe ag ceiliúradh cead pleanála d’Ionad Foghlama nua

Aug 03 2023 Posted: 15:37 IST

Tá fáilte mhór curtha ag Ollscoil na Gaillimhe roimh chead pleanála a bheith faighte d’Ionad Foghlama nua i gcroílár an champais.

Foirgneamh spreagúil nua, inbhuanaithe, nua-aimseartha, aitheanta atá beartaithe agus beidh leabharlann na todhchaí lonnaithe ann.

Tiocfaidh Ionad Foghlama Ollscoil na Gaillimhe in áit na Leabharlainne atá ann faoi láthair agus is spás foghlama agus cruthaitheachta nua ardteicneolaíochta a bheidh ann dírithe ar rochtain a sholáthar ar leabhair, ar fhaisnéis agus ar na teicneolaíochtaí foghlama is déanaí do theagasc agus d’fhoghlaim na mac léinn, don taighde agus don fhoireann.

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is iad na luachanna meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht bunchloch phlean straitéiseach Ollscoil na Gaillimhe. Tá leabharlanna lárnach i saol agus i bhfoghlaim na n-ollscoileanna, agus beidh ár leabharlann nua ina ‘lárlann’ i saol nithiúil agus coincheapúil na hollscoile, léiriú ar ár luachanna ar mhaithe le leas an phobail.

“Tá lúcháir orainn go bhfuil cead pleanála faighte againn d’fhorbairt a bheidh ina lárionad den scoth dár mic léinn, dár bhfoireann agus dár gcuairteoirí. 

“Is mian linn a bheith inár gcomharsana maithe agus is eiseamláir rannpháirtíochta é leibhéal agus caighdeán na pleanála agus na rannpháirtíochta atá curtha isteach san Ionad Foghlama seo. Tá moladh mór ag dul dár gcomhghleacaithe a stiúir é, agus as an mbealach ar oibrigh siad le sainchomhairleoirí, chomh maith le páirtithe leasmhara inár n-ollscoil agus inár bpobal níos leithne. Táimid buíoch freisin de lucht pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe as oibriú linn lenár bhfís a thabhairt chuig an bpointe seo.”

Tógadh Leabharlann reatha Ollscoil na Gaillimhe in 1973 agus tá sí i gcroílár Áras Uí Argadáin i lár an Champais Theas. Rinneadh an athfhorbairt mhór is déanaí ar an Leabharlann in 1999.

Beidh an tIonad Foghlama nua lonnaithe in aice le Bóthar na Drioglainne, díreach ó dheas d’Ionad Spóirt na hOllscoile.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag John Cox, Leabharlannaí na hOllscoile: “Is í an fhís atá ann don Ionad Foghlama ná forbairt pobail agus rannpháirtíocht chomhoibríoch sna disciplíní ar fad. Déanann an plean seo acmhainní teicneolaíochta agus intleachtúla a uasmhéadú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a sháraíonn acmhainn aon disciplín ar leith, mar shampla athrú aeráide, inbhuanaitheacht agus rialú galair, dúshláin atá lárnach do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.”

Dúirt Niamh Burke, Stiúrthóir RKD Architects: “D’oibríomar go dlúth leis an Ollscoil chun an ailtireacht chathartha seo a chruthú a shuíonn go compordach i suíomh uathúil an champais ar thírdhreach tábhachtach cathrach. Tá an foirgneamh simplí ó thaobh crutha de, agus tá laindéar gloine cruthaithe aige i dtreo na habhann ionas go seasfaidh an tIonad amach. Taobh istigh, tá na spásanna staidéir deartha chun an leas is fearr a bhaint as na radharcanna iontacha amach ar an abhainn agus ar an mbaile mór.”

Is foirgneamh é an tIonad Foghlama, a dhear RKD Architects, a bhfuil idir ceithre agus sé stór ann. Tá spás staidéir ann, lena n-áirítear limistéir chiúin, aonair agus chomhoibríocha; spásanna le haghaidh taispeántais; cruthaitheacht dhigiteach; Cúinne na Cruthaitheachta, ionad don léann digiteach; spásanna do thaighde/staidéar iarchéime, teagasc agus imeachtaí, rannpháirtíocht phobail agus limistéar fáilte, deasc chabhrach, bailiúcháin, próiseáil leabhar; Bookbot; folláine na mac léinn lena n-áirítear spásanna céadfacha, scíthe agus lasmuigh.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories