Cur Síos ar an BA (Comhonóracha le Gaeilge)

Fáilte chuig leathanach eolais na Chéad Bhliana

Is cúrsa ceithre bliana é an BA sna Dána (Comhonóracha le Gaeilge) ag Ollscoil na Gaillimhe. Caithfidh tú an chéad agus an dara bliain ar champas na hOllscoile i nGaillimh. Sa tríú bliain, caithfidh tú tréimhse sa Ghaeltacht agus beidh deis agat Socrúchán Oibre a dhéanamh áit ar bith in Éirinn, nó d'fhéadfá dul thar sáile ar an gclár Erasmus+ má tá staidéar ar bun agat ar theanga Eorpach eile san Ollscoil (msh. an Spáinnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis). Tiocfaidh tú ar ais chuig campas na hOllscoile i nGaillimh don bhliain deiridh den chúrsa.

Clár na Chéad Bhliana

Déantar staidéar ar thrí mhodúl sa chéad bhliain den chéim. Bíonn modúl teanga fad bliana agat (.i. An Teanga Bheo) agus forbraíonn an modúl teanga seo do chumas labhartha agus do scileanna scríbhneoireachta sa Ghaeilge. Beidh dhá mhodúl eile le déanamh agat sa chéad bhliain: Litríocht agus Cultúr na Linne agus Scéal agus Pobal na Gaeilge (féach an ghreille thíos). Díríonn na modúil sin ar ghnéithe éagsúla de litríocht, de chultúr, agus de stair agus scéal na Gaeilge.

Leabhrán Eolais na Chéad Bhliana

  • Is féidir cóip de leabhrán eolais na Chéad Bhliana a fháil ar an leathanach seo. Gheobhaidh tú cur síos sa leabhrán ar na modúil éagsúla a bheidh le déanamh agat, chomh maith le hamchlár na léachtaí agus eolas tábhachtach eile.
An Chéad Bhliain
AINM AN MHODÚIL SEIMEASTAR ECTS
NG1105 An Teanga Bheo
Staidéar ar chruinnscríobh agus ar labhairt na teanga.
1 & 2 10
NG1106 Litríocht agus Cultúr na Linne
Staidéar ar sheánraí litríochta éagsúla na Gaeilge, lena n-áirítear an fhilíocht, an drámaíocht, agus prós na Gaeilge.
1 5
NG1107 Scéal agus Pobal na Gaeilge
Staidéar ar an athrú teanga in Éirinn, aidhmeanna agus idé-eolaíocht na hAthbheochana, tionchar an Bhéaloideas ar fhorbairt na nualitríochta.
2 5

Má éiríonn leat i scrúduithe agus measúnuithe na chéad bhliana, beidh sé de rogha agat leanúint leis an nGaeilge sa dara bliain den chéim. Aistreoidh tú chuig an gclár BA (Comhonóracha le Gaeilge) agus déanfaidh tú staidéar ar an nGaeilge agus ar ábhar amháin eile (m.sh. Tíreolaíocht, Stair, An Léann Clasaiceach, An tSibhialtacht Cheilteach, Spáinnis, Béarla, srl.) as sin go dtí deireadh na céime.

Fáilte chuig leathanach eolais an Dara Bliain

Nuair a roghnaíonn tú an Ghaeilge mar ábhar sa dara bliain, aistreoidh tú chuig an gclár BA (Comhonóracha le Gaeilge). Beidh dhá mhodúl teanga le déanamh i rith na bliana sa 2BA (.i. Teanga na Nua-Ghaeilge 1 & 2). Sa bhreis orthu sin, cuirtear ceithre mhodúl acadúla ar fáil freisin. Is féidir cur síos ar na modúil go léir a léamh anseo, féach faoi 'Year 2' ag bun an leathanaigh.

Leabhrán Eolais 2BA

  • Is féidir cóip de leabhrán eolais an dara bliain a fháil ar an leathanach seo. Gheobhaidh tú cur síos ann ar na modúil éagsúla, amchlár na léachtaí, an próiseas clárúcháin agus eolas maidir le tagairtí agus Bileog Stíle Roinn na Gaeilge.
An Dara Bliain
AINM AN MHODÚIL
SEIMEASTAR ECTS
NG227 Teanga na Nua-Ghaeilge 1
Staidéar ar chruinnscríobh agus ar labhairt na teanga.
1 5
NG2101 An Gearrscéal sa Ghaeilge
Modúl lárnach ar an ngearrscéal Gaeilge.
1 5
NG2100 An tSochtheangeolaíocht 
Modúl lárnach a dhéanann iniúchadh ar ról agus ar úsáid na Gaeilge i measc lucht a labhartha.
1 5
NG228 Teanga na Nua-Ghaeilge 2
Staidéar ar chruinnscríobh agus ar labhairt na teanga.
2 5
NG2109 Téamaí i Nuafhilíocht na Gaeilge
Modúl lárnach (roghnach do mhic léinn BA Connect) ar an nuafhilíocht sa Ghaeilge.
2 5
NG2102-NG2108 Modúil atá le Roghnú
Beidh suas le seacht modúl roghnacha ar fáil gach bliain ar ghnéithe éagsúla de shaíocht, de chultúr agus de litríocht na Gaeilge. Beidh ort modúl amháin a roghnú i mí Lúnasa nuair atá tú ag clárú don dara bliain. Is féidir liosta na modúl a fheiceáil anseo faoi 'Year 2' agus 'Optional Subject: Gaeilge (30 credits)'.
2 5

I measc na modúl roghnach a d'fhéadfadh a bheith ar fáil ó bhliain go bliain, áirítear: amhránaíocht na Gaeilge, ainmneacha pearsanta agus logainmneacha na hÉireann, scannánaíocht na Gaeilge, na meáin chumarsáide agus an Ghaeilge, an Fhiannaíocht, staidéar ar na canúintí agus ar Chaighdeán na Gaeilge, agus teanga na Sean-Ghaeilge. Mar gheall ar chúinsí foirne, tabhair faoi deara nach iondúil go mbíonn gach modúl ar fáil gach bliain, ach beidh deis agat modúl roghnach eile a dhéanamh agus tú i mbliain na céime.

Fáilte chuig leathanach eolais an Tríú Bliain

Sa tríú bliain den chlár beidh deis agat, i gcomhpháirt le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an chéad sheimeastar a chaitheamh i do chónaí sa Ghaeltacht, agus tú ag freastal ar cheann de na hionaid Ghaeltachta atá ag Ollscoil na Gaillimhe. Cuirfear modúil ar fáil duit a dhíríonn ar an saibhreas teanga, agus ar shaol agus ar chultúr na Gaeltachta. Comhlíonann an chéad sheimeastar den tríú bliain critéir reatha na Comhairle Múinteoireachta maidir le Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht.

Sa dara seimeastar, beidh deis agat Socrúchán Oibre a fháil in ionad oibre Gaeilge, taithí a chuirfidh le do dheiseanna fostaíochta amach anseo. Cuirtear ceardlanna eolais ar fáil agus réitítear na socrúcháin oibre roimh ré, sa dara bliain den chéim.

Tabhair faoi deara, má tá staidéar á dhéanamh agat ar nua-theanga eile (m.sh. an Fhraincis, an Spáinnis, an Ghearmáinis, an Iodáilis), beidh tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar an scéim Erasmus+ agus an dara seimeastar den bhliain acadúil a chaitheamh thar sáile ag foghlaim an dara teanga. Tá tuilleadh eolais faoin gclár Erasmus+ ar fáil anseo.

An Tríú Bliain
AINM AN MHODÚIL SEIMEASTAR ECTS
GA3112 Saibhriú agus Scileanna Teanga
Modúl tascbhunaithe a dhíríonn ar shaibhreas na teanga.
 1  5
GA3113 Scileanna Cumarsáide agus Cuir i Láthair
Modúl a dhíríonn ar scileanna labhartha agus cumarsáide a fhorbairt chomh maith le feasacht chultúrtha a mhéadú.
 1  5
GA3114 Teicneolaíochtaí Aistriúcháin agus Teanga
Oiliúint ar uirlisí leictreonacha teanga agus bunoiliúint ar bhogearraí aistriúcháin.
 1  5
GA3115 Pobal na Gaeltachta sa lá atá inniu ann
Staidéar ar bhunús oifigiúil na Gaeltachta agus ar pholasaithe an stáit ina leith, chomh maith le ról na Gaeltachta mar limistéar sainiúil cultúir agus teanga.
 1  5
GA3116 Gnéithe de Chultúr Dúchais na Gaeltachta
Staidéar ar ghnéithe sainiúla de chultúr dúchais na Gaeltachta (na healaíona dúchais, ceirdeanna agus bealaí maireachtála traidisiúnta, go háirithe)
 1  5
GA3117 Tionscnamh Gaeltachta
Tionscnamh taighde bunaithe ar shaol na Gaeltachta agus a pobal teanga.
 1  5
GA3118 nó NG3501 Socrúchán Oibre/Staidéar Thar Lear (Erasmus+)
 2  30

 

Fáilte chuig leathanach eolais Bhliain na Céime

Amhail gach bliain eile den chéim, i mbliain na céime, bíonn modúl teanga le déanamh agat a chabróidh leat barr feabhais a chur ar do chuid scileanna scríofa agus labhartha sa Ghaeilge. Chomh maith le ranganna seachtainiúla ar chruinnscríobh agus ar labhairt na teanga, bíonn measúnú leanúnach, scrúduithe scríofa agus scrúdú cainte i gceist leis an modúl seo. Déanann tú grinnstaidéar freisin ar ghnéithe eile de litríocht agus de chultúr na Gaeilge - ó fhilíocht liriciúil na Gaeilge san 8ú hAois, anuas go dtí Scannánaíocht na Gaeilge agus an Ghaeilge sna Meáin Chumarsáide i saol an lae inniu.

Leabhrán Eolais Bhliain na Céime
  • Is féidir teacht ar eolas maidir le modúil agus amchlár bhliain na céime ar an leathanach seo. Gheobhaidh tú cur síos ann ar na modúil éagsúla a bheidh le déanamh, chomh maith le hamchlár na léachtaí agus treoir maidir le haistí a scríobh do Roinn na Gaeilge.
Bliain na Céime
AINM AN MHODÚIL SEIMEASTAR ECTS
NG4113 Teanga na Nua-Ghaeilge III
Modúl lárnach a dhíríonn ar chruinnscríobh agus ar labhairt na teanga.
 1  5
NG4101
Filí agus Filíocht na Gaeilge 700-1900
Modúl lárnach a dhíríonn ar fhilíocht na Gaeilge idir na blianta 700-1900.
 1  5
NG4XXX Modúil Roghnacha
Beidh suas le haon mhodúl roghnach déag ar fáil gach bliain, agus beidh ort an modúl atá uait a roghnú nuair atá tú ag clárú do bhliain na céime. Is féidir liosta na modúl atá ar fáil a fheiceáil anseo faoi 'Year 3' agus 'Optional Subject: Gaeilge (Cúrsa A) (30 credits)'. I measc na modúl a d'fhéadfadh a bheith ar fáil, tá:
  • NG4102 Miontráchtas Taighde i Léann na Gaeilge
  • NG4103 Scannánaíocht na Gaeilge
  • NG4104 Cineál agus Ceart na Gaeilge
  • NG4106 Ainmeolaíocht na Gaeilge
  • NG4107 Teanga na Sean-Ghaeilge II
  • NG4112 Scríbhneoirí Thír Chonaill
  • NG4115 Gaeilge na hAlban I
  • WE111 Introduction to Welsh Language
 1  5
NG4114 Teanga na Nua-Ghaeilge IV
Modúl lárnach a dhíríonn ar chruinnscríobh agus ar labhairt na teanga.
 2  5
NG4105 An Béaloideas - An Scéalaíocht
Modúl lárnach a dhíríonn ar bhéaloideas na Gaeilge, go háirithe ar chúrsaí scéalaíochta.
 2  5
NG4109 Próslitríocht na Gaeilge
Modúl lárnach a dhíríonn ar phróslitríocht na Gaeilge.
2 5