Cuireann an Roinn na cláracha iarchéime seo a leanas ar fáil:

  • Dioplóma Iarchéime (Nua-Ghaeilge)

  • MA sa Nua-Ghaeilge (Páirtaimseartha agus Lánaimseartha)

    • Is é aidhm an chláir máistreachta seo ná sároiliúint a chur ar an mac léinn i dteanga, i léann agus i litríocht na Nua-Ghaeilge.
      • Leagtar béim ar leith ar fhorbairt scileanna anailíse, cumarsáide agus taighde.
      • Cuireann an chéim seo ar chumas an mhic léinn feidhmiú go gairmiúil agus go héifeachtach i saol oibre na Gaeilge.
      • Ullmhaíonn sé an mac léinn chomh maith chun leanúint le Léann na Gaeilge ag leibhéal na dochtúireachta.
      • Is féidir tabhairt faoin gcúrsa seo ar bhonn páirtaimseartha, nó eile Dioplóma Iarchéime sa Ghaeilge a bhaint amach.
      • Léigh tuilleadh mar gheall ar an gcúrsa MA sa Nua-Ghaeilge anseo.
  • MLitt sa Nua-Ghaeilge

  • PhD Struchtúrtha sa Nua-Ghaeilge

  • MA sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge (Old and Middle Irish) - ar fionraí go sealadach

  • PhD Struchtúrtha sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge (Old and Middle Irish)

  • PhD Struchtúrtha sa Léann Ceilteach (Celtic Studies)

  • Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach (Clár Páirtaimseartha)

    • Cuirtear an cúrsa páirtaimseartha seo ar fáil i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do dhaoine a bhfuil céim onóracha bainte amach acu i ndisciplín seachas an Ghaeilge, ach atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar acadúil (ag Leibhéal 8 ar an gCreatoibre Náisiúnta Cáilaíochtaí). Tá eolas cuimsitheach ar an gcúrsa ar fáil anseo.