-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
MA sa Nua-Ghaeilge
CUR SÍOS AR AN gCLÁR
Is í Ollscoil na Gaillimhe an ceannródaí náisiúnta ó thaobh Léann na Gaeilge. Tá saineolas ag foireann Roinn na Gaeilge ar gach tréimhse de chuid na Gaeilge, ón luath-thréimhse go dtí an teanga chomhaimseartha. Tá áiseanna taighde den scoth ag an ollscoil agus rinneadh infheistíocht mhór i gcartlanna na hollscoile, rud a thugann buntáiste ar leith don mhac léinn ar mian leis/léi taighde a dhéanamh sna bailiúcháin Ghaeilge atá againn. Tá an Ghaeltacht ar leac an dorais againn agus tá teacht ag na mic léinn ar áiseanna foghlama agus taighde den scoth sna campais Ghaeltachta atá ag an ollscoil i gConamara agus i nGaoth Dobhair.
Agus an cúrsa seo críochnaithe agat, beidh tú in ann:
- Feidhmiú go cruinn ag leibhéal gairmiúil agus acadúil trí mheán na Gaeilge sa scríbhneoireacht agus sa labhairt;
- Anailís chriticiúil a dhéanamh ar réimsí éagsúla de Léann comhaimseartha na Gaeilge lena n-áirítear: an Chritic Liteartha, an Chritic Chultúir agus Shóisialta, an Traidisiún Béil, an tSochtheangeolaíocht, Traidisiún na Lámhscríbhinní Déanacha.
- Cur chuige idirdhisciplíneach a léiriú san anailís chriticiúil ar réimsí éagsúla de Léann na Gaeilge;
- Do chuid taighde agus anailíse a chur i láthair go cumasach agus go héifeachtach ag an leibhéal cuí acadúil;
- Taighde nuálach, neamhspleách a dhéanamh ar shainábhar de do rogha féin agus an taighde sin a léiriú i bhfoirm tráchtais.
Baineann na torthaí foghlama céanna leis an Dioplóma Iarchéime seachas nach bhfuil taighde neamhspleách i bhfoirm tráchtais le déanamh.
RÉAMHRIACHTANAIS
- Ní mór d’iarrthóirí céim dara honóracha 2.2 (ag leibhéal a 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a bheith acu, le 2.1 sa Ghaeilge.
- Glacfar le hiarratais ó iarrthóirí a bhfuil céim 2.1 nó a comhionann acu in ábhar eile, ach caithfidh siad Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa, trí scrúdú agus/nó agallamh a dhéanamh.
- Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil cúig bliana de thaithí chuí ghairmiúil acu, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
LEAGAN AMACH AN CHÚRSA
Tá cúig mhodúl éigeantacha le déanamh ag gach mac léinn lánaimseartha (luach 70 ECTS) don chúrsa MA.
-
Teanga na Nua-Ghaeilge (10 ECTS)
-
Modhanna Taighde (10 ECTS)
-
Teanga, Coimhlint agus Cumhacht (10 ECTS)
-
Teoiricí Liteartha agus Cultúir (10 ECTS)
-
Tráchtas (30 ECTS)
Is gá do mhic léinn dhá cheann de na cúrsaí roghnacha seo a dhéanamh freisin (luach 20 ECTS). Ní bhíonn gach cúrsa ar fáil gach bliain.
-
An Inscne agus an Ghnéasúlacht (5 ECTS)
-
An Dúchas agus an Duine (10 ECTS)
-
An Athbheochan (5 ECTS)
I gcás an Dioplóma Iarchéime sa Nua-Ghaeilge, tá na modúil éigeantacha mhúinte thuas (seachas an Tráchtas) le déanamh ag gach mac léinn (luach 40 ECTS) agus dhá cheann/trí cinn de na cúrsaí roghnacha (luach 20 ECTS).
DEISEANNA GAIRME
- Earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta
- Gairmeacha acadúla agus taighde
- Oideachas
- Foilsitheoireacht
- Na meáin chumarsáide agus iriseoireacht na Gaeilge
- Teagasc na Gaeilge in Éirinn agus thar sáile
- Na tionscail chultúrtha agus oidhreachta
Chun a thuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Stiúrthóir an Chláir Máistreachta, an Dr Jeannine Woods nó ag +353 (0)91 493 960.