CUR SÍOS AR AN gCLÁR

Is féidir taighde dochtúireachta a dheanamh i réimse leathan ábhar sa Nua-Ghaeilge idir bhéaloideas, shochtheangeolaíocht, chanúineolaíocht agus nualitríocht. Tá saineolaithe cruthanta ar an bhfoireann teagaisc a bhfuil taighde ceannródaíoch foilsithe acu i ngach aon cheann de na réimsí thuasluaite, agus flosc orthu a gcuid saineolais agus taithí a roinnt ar scoláirí óga.

Mar chuid den oiliúint dochtúireachta a sholáthraítear do chlár an PhD Struchtúrtha, tá réimse leathan modúl idirdhisciplíneach ar fáil. Baineann roinnt de na modúil seo go sainiúil leis an disciplín ina n-oibríonn an mac léinn agus déantar iad a sholáthar chun cur le heolas an mhic léinn ar a shainréimse taighde. Soláthraíonn modúil eile scileanna lárnacha atá riachtanach chun an tionscadal taighde a chur i gcrích.

Chun taithí bhreise a chur ar fáil don mhac léinn agus tacú lena fhorbairt ghairmiúil, beidh sé páirteach sa chomhdháil bhliantúil a eagraíonn Roinn na Gaeilge sa chéad seimeastar den bhliain acadúil agus freastalóidh sé/sí ar sheimineáir thaighde eile de chuid na Roinne.

RÉAMHRIACHTANAIS

Ní mór don iarrthóir caighdeán ardonóracha a bheith bainte amach aige/aici i scrúdú na bunchéime sula mbeidh sé/sí i dteideal cur isteach ar chúrsa staidéir agus taighde le haghaidh an PhD,  fianaise chuí eile ar a f(h)eiliúnacht a sholáthar a shásóidh Ollamh na Nua-Ghaeilge nó a (h)ionadaí.

Chun a thuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le riarthóir na Roinne ag fiona.depaor@ollscoilnagaillimhe.ie nó ag +353 (0)91 492564.