All 2007

Searmanais Bhronnta OÉ Gaillimh

Sunday, 21 October 2007

Bronnfaidh OÉ Gaillimh Céimeanna Oinigh Máistreachta ar Eric Elwood, Rugbaí Chonnacht; Tom Tuohy, Club Rámhaíochta na Gaillimhe; Tomás Ó Tuathail, gníomhaí pobail agus teanga ó Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo; agus Alasdar Mac Cana, iarchomhalta foirne i Roinn na Fisice agus Roinn an Oideachais san Ollscoil. Bronnfar na céimeanna oinigh Dé Luain, an 22 Deireadh Fómhair, Dé Máirt, an 23 Deireadh Fómhair agus Déardaoin, an 25 Deireadh Fómhair, tráth a bheidh Searmanais Bhronnta an Fhómhair ar siúl. Bronnfar céimeanna ar os cionn 4,000 mac léinn ar fad. Tá clú agus cáil ar Eric Elwood as an méid oibre atá déanta aige don chluiche rugbaí i gConnachta. Tá an-luí aige le Club na nGaillimheach. D'imir sé a chéad chluiche do Chúige Chonnacht sa bhliain 1989 - cluiche i gcoinne na nUltach. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, nuair a bhí Eric 19 mbliana d'aois, thug sé aghaidh ar na All-Blacks. D'imir sé do Chonnachta 177 uair agus d'imir sé a chluiche deiridh do Chonnachta i mí Aibreáin 2005. Thosaigh sé ag imirt go hidirnáisiúnta sa bhliain 1993 agus d'imir sé d'Éirinn 35 uair. Scóráil sé 296 pointe agus d'imir sé a chluiche deiridh idirnáisiúnta in aghaidh na Rómáine i mí Dheireadh Fómhair 1999. Fear de bhunadh Bhaile an Róba, Co. Mhaigh Eo é Tom Tuohy. Bronnfar céim oinigh air mar aitheantas ar an méid oibre atá déanta aige ar mhaithe leis an rámhaíocht in OÉ Gaillimh le níos mó 30 bliain anuas. "Tá an-obair déanta ag Tom Tuohy chun an Rámhaíocht a chur chun cinn in OÉ Gaillimh le breis agus 20 bliain anuas. Is léir don uile dhuine go bhfuil an-suim ag Tom sa rámhaíocht agus go bhfuil luí ar leith aige lena alma mater. Rinne sé an obair seo ar fad ar bhonn deonach. Cóitseálaí agus meantóir deonach é Tom – rud atá neamhghnách go leor i sochaí an lae inniu nuair is deacair teacht ar oibrithe deonacha", a dúirt Ruadhán Cooke, comhghleacaí le Tom sa chlub rámhaíochta. Bronnfar céim oinigh ar Alasdar Mac Cana as an obair atá déanta aige le 20 bliain anuas ag cur oiliúint phraiticiúil ar eolaithe i Roinn na Fisice agus Roinn an Oideachais in OÉ Gaillimh. Rugadh Alasdar in Ard Mhacha, agus thosaigh sé ag obair in OÉ Gaillimh i ndiaidh a shaol a chaitheamh ag teasgasc sa Ríocht Aontaithe, tráth ar shocraigh sé féin agus a bhean chéile, Magdalen Conlon ón Spidéal, teacht chun cónaithe i gConamara nuair a chuaigh sé "ar scor". Seo a leanas a bhí le rá ag an Ollamh Tom Glynn, Roinn na Fisice, OÉ Gaillimh: "táimid ag tabhairt aitheantais d'fhear (atá anois 100 bliain d'aois) a rinne obair iontach agus a léirigh foighne ina chuid oibre i gcónaí, i rith a shaoil ar fad, chun eolaithe óga a oiliúint in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. San am céanna, thaistil sé i mbaile is i gcéin, chonaic sé go leor agus d'éirigh leis an t-uafás a chur i gcrích, agus ba léir do gach duine ar casadh leis gur duine ar leith mar aon le múinteoir den scoth a bhí ann". Bronnfar céim ar Thomás Ó Tuathail mar aitheantas ar an méid oibre atá déanta aige ar mhaithe leis an bpobal agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Seo a leanas a bhí le rá ag an Ollamh Nollaig Mac Congáil, Scoil na Gaeilge, OÉ Gaillimh: "Thuig Tomás Ó Tuathail, fear de bhunadh Thuar Mhic Éadaigh, a chaith a shaol i mbun feirme agus gnó sa cheantar, go raibh meath geilleagrach agus sóisialta i ndán don cheantar. Tá a shaol caite aige ag iarraidh an pobal a choinneáil beo le cabhair ó dhaoine áitiúla eile ar chothaigh sé spriorad pobail iontu. Bhunaigh sé coistí le déileáil le gach uile ghné den fheirmeoireacht caorach agus den fhorbairt tuaithe mar aon le ceisteanna sóisialta, cultúir agus oideachais sa cheantar seo ina raibh traidisiún láidir Gaeilge agus oidhreacht na hÉireann le brath ann tráth. Go dtí go ndeachaigh Tomás ar scor tamall ó shin, bhí ról lárnach aige sna gníomhaíochtaí seo ar fad, agus táthar ag súil go leanfaidh daoine eile an dea-shampla agus an cheannaireacht a léirigh sé i rith a shaoil". Cuireadh tús le searmanais bhronnta an fhómhair in OÉ Gaillimh Dé hAoine agus Dé Sathairn seo caite, an 19 agus an 20 Deireadh Fómhair, tráth ar reáchtáladh searmanas do Mhic Léinn Lánfhásta agus tráth ar bronnadh gradaim ar 703 mac léinn a rinne teastais, dioplómaí agus céimeanna in a lán ionad ar fud na tíre. CRÍOCH

>> Read full story about Searmanais Bhronnta OÉ Gaillimh

Aonach Earcaíochta Céimithe in OÉ Gaillimh

Sunday, 21 October 2007

- na mílte post do chéimithe faoi aon díon amháin - Beidh 65 cuideachta ón saol gnó agus ón tionscal i láthair ag Aonach Earcaíochta OÉ Gaillimh in Áras na Mac Léinn Dé Máirt, an 30 Deireadh Fómhair ó 1-5in. Beidh deiseanna ag an aonach seo do mhic léinn ó gach réimse cosúil le hinnealtóireacht shibhialta, seirbhísí airgeadais, cuntasaíocht, dlí, comhairleacht agus gairmeacha eile. Beidh na cuideachtaí is mó ó thionscal na bhfeistí leighis, Boston Scientific agus Medtronic mar shampla, i láthair freisin. Beidh na bainc is mó sa tír i láthair, Banc na hÉireann agus Bainc-Aontas Éireann san áireamh. Dóibh siúd ar spéis leo gairm sa réimse comhairleachta – beidh dhá phríomhghnólacht na hÉireann i láthair freisin – Tata Consultancy Services agus Accenture. Beidh ionadaithe ó na hearnálacha Teicneolaíocht Faisnéise agus innealtóireachta i bhfoirm cuideachtaí áitiúla agus náisiúnta lena n-áirítear Coffey Construction, Sisk, SAP, IBM agus Dell i láthair freisin. Deis iontach atá anseo do mhic léinn reatha, céimithe agus iarchéimithe bualadh le fostóirí ionchasacha, eolas a fháil faoi na poist atá ar fáil faoi láthair agus teagmhálacha a chruthú le daoine. I measc na n-ionadaithe ó na cuideachtaí éagsúla a bheidh i láthair beidh iarchéimithe ón Ollscoil seo ar fáil le labhairt le mic léinn. Beidh foireann an Ionaid Forbartha Gairme i mbun clinic CV ar an lá freisin chun eolas a thabhairt maidir le CV a ullmhú. Seo a leanas an méid a bhí le rá ag Deirdre Sheridan, Comhairleoir Forbairt Gairme san Ionad Forbartha Gairme: "Is ann do CV maith chun tú féin a chur chun cinn agus ba cheart go mbeadh CV maith agat. Ní bhíonn ach deis amháin agat dul i bhfeidhm ar dhuine." Deis iontach é an t-imeacht seo d'fhostóirí agus do mhic léinn. Ba cheart do mhic léinn beagán taighde a dhéanamh sula dtagann siad chuig an imeacht agus na cuideachtaí ar mian leo labhairt leo nó obair dóibh a aithint roimh ré. Tá liosta iomlán de na cuideachtaí a mbeidh ionadaithe acu ag an imeacht le fáil ag www.nuigalway.ie/careers CRÍOCH

>> Read full story about Aonach Earcaíochta Céimithe in OÉ Gaillimh

Launch of First National Survey on Sex Trafficking of Women

Thursday, 18 October 2007

New Report Calls on Government to Act Fast to Curb Sex Trafficking of Women At least 76 women were trafficked into Ireland for the purposes of sexual exploitation between 2000 – 2006, according to figures from a research report launched by former senator Mary Henry today, (October 18th) at NUI Galway. The majority of these women were trafficked from Eastern Europe but women were also trafficked into the sex trade in Ireland from Africa, Asia and South America. It is believed that most of these women ended up in private brothels throughout the country. The research authors, Dr. Eilis Ward of NUI Galway and Dr. Gillian Wylie of the Irish School of Ecumenics, TCD, have called for prioritisation of the needs of trafficked women in the recently published bill by the government in relation to sex-trafficking. "There should be no question any longer as to whether Ireland has a problem with sex trafficking of women," commented one of the research authors, Dr. Gillian Wylie of the Irish School of Ecumenics, TCD. "The problem has been clearly sign posted through this research and by findings from organisations working in the field". "We established through our survey and questionnaire a probable minimum number of 76," commented co-author, Dr. Eilis Ward of NUI Galway, "But in fact we will never know the exact number being trafficked into Ireland because of the nature of the sex trade and the nature of the criminality involved in trafficking. We suggest that the research for statistics can now be sidelined in favour of the development of a coherent, human rights approach to this distressing problem. The government needs to act fast to ensure that the problem does not grow". The research by the two academics was carried on over a two year period and involved a survey of agencies and organisations working in areas of prostitution, violence against women and migration in Ireland. It is the first such research of its kind for Ireland. The research identifies some patterns and trends for the sex-trafficking into Ireland and also identifies serious gaps in service provision and supports for those women who have been sex-trafficked. In particular the lack of a legislative framework has created an ad hoc situation with no clear policy or guidelines as to what happens women who have been identified as sex-trafficked. The research identifies, however, that good cooperation has developed among the state and non-state sectors but suggests that this may be confined to the Dublin area. Given that many of the women identified in the research ended up outside Dublin, this is a cause for concern. For instance, a women who was found by Gardaí in a private brothel in Sligo and who was believed to have been trafficked was brought to Mountjoy jail. "This effectively criminalised her for an act in which she was an extremely vulnerable victim of a serious crime" commented Dr. Ward. ENDS Notes The research also found an additional 75 cases which are possible sex-trafficking cases but the absence of substantive information meant that they could not be included in the probable category The single biggest national grouping of women identified as probably sex-trafficked was women from Nigeria (19 women) and the second was Russian women (8) Where contact was made, the research revealed the use of force, coercion and deception as part of the transit journey to ireland and evidence of extreme force and coercion was also found once the women came to Ireland. Of the 76 probable cases, 36 of those women disappeared from contact with agencies or individuals, 14 were repatriated to their home country and 12 remain in the Irish asylum system. Ten of them were granted either leave to remain in ireland or refugee status. The research revealed a consensus among those interviewed that service provision to victims of sex-trafficking is very underresourced and under funded. The research also places the context of sex-trafficking as a new phenomona in Ireland at a time when the sex-trade is expanding and becoming more difficult to control and poses great difficulties for Garda surveillance. Full report is available on www.nuigalway.ie/ssrc

>> Read full story about Launch of First National Survey on Sex Trafficking of Women

An Chéad Suirbhé Náisiúnta maidir le Gáinneáil Ghnéis ar Mhná

Thursday, 18 October 2007

Éilíonn Tuarascáil Nua ar an Rialtas Gníomhú Anois chun Gáinneáil Ghnéis ar Mhná a Chosc Tugadh ar a laghad 76 bean isteach go hÉirinn chun mí-úsáid ghnéasach a bhaint astu idir 2000 – 2006, de réir na bhfigiúirí ó thuarascáil taighde a sheol an t-iarsheanadóir Mary Henry inniu, (18 Deireadh Fómhair) in OÉ Gaillimh. Tháinig formhór na mban seo ó Oirthear na hEorpa ach tugadh mná isteach freisin go hÉirinn ón Afraic, an Áise agus Meiriceá Theas. Ceaptar gur i ndrúthlanna príobháideacha ar fud na tíre a cuireadh formhór na mban seo. Tá sé iarrtha ag údair an taighde, an Dr Eilis Ward ó OÉ Gaillimh agus an Dr Gillian Wylie as Scoil Éacúiméinice na hÉireann i gColáiste na Tríonóide, go dtabharfaí tús áite do riachtanais na mban a ndéantar gáinneáil orthu i mbille a d'fhoilsigh an Rialtas le gairid i ndáil le gáinneáil gnéis. "Níor chóir go mbeadh aon dabht ann níos mó maidir leis an bhfadhb atá sa tír seo maidir le gáinneáil ghnéis ar mhná," a dúirt an Dr Gillian Wylie as Scoil Éacúiméinice na hÉireann i gColáiste na Tríonóide. "Tá an fhadhb léirithe ag an taighde seo agus ag an obair atá ar bun ag eagraíochtaí sa réimse seo". "Leis an suirbhé agus an ceistneoir ceapaimid gur 76 bean a bhí i gceist," a dúirt an t-údar, an Dr Eilis Ward as OÉ Gaillimh, "Ach ní fios go cinnte cé mhéad a tugadh go hÉirinn mar gheall go bhfuil an gháinneáil mídhleathach. Molaimid go gcuirfí an taighde ar leataobh anois agus go ngcuirfear cur chuige comhtháite, cearta daonna ar fáil don fhadhb seo a réiteach. Caithfidh an Rialtas gníomhú anois chun nach rachaidh an fhadhb seo in olcas". Ghlac an taighde dhá bhliain ar an mbeirt acadúil seo agus, mar chuid de, rinneadh suirbhé ar ghníomhaireachtaí agus ar eagraíochtaí a bhfuil a gcuid oibre dírithe ar an striapachas, foréigean i gcoinne na mban agus imirce in Éirinn. Is é seo an chéad taighde den chineál seo ar Éirinn. Léiríonn an taighde patrúin agus treochtaí áirithe don gháinneáil ghnéis in Éirinn agus, chomh maith leis sin, go bhfuil bearnaí móra sa tseirbhís agus sa tacaíocht a fhaigheann na mná seo. Mar gheall nach bhfuil creat reachtaíochta ann tá cás ad hoc cruthaithe agus gan aon bheartas ná treoirlínte soiléire ar fáil maidir le mná a aithnítear mar mhná a ndearnadh gáinneáil orthu. Léirigh an taighde, áfach, go bhfuil comhoibriú ar bun idir na hearnálacha stáit agus neamhstáit ach ceaptar gur i mBaile Átha Cliath amháin a tharlaíonn sé sin. Is ábhar imní gur taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath sa deireadh a bhí go leor de na mná a aithníodh sa taighde. Mar shampla, tugadh bean a fuair na Gardaí i ndrúthlann phríobháideach i Sligeach agus a measadh go ndearnadh gáinneáil uirthi, go príosún Mhuinseo. "Rinneadh coirpeach aisti nuair is íobartach a bhí inti i ndáiríre" a dúirt an Dr Ward. CRÍOCH Nótaí Thángthas trasna ar 75 cás eile ina raibh gáinneáil i gceist ach de bharr easpa eolais ní fhéadfaí iad a áireamh sa taighde. An grúpa náisiúnach is mó a aithníodh ná mná as an Nigéir (19) agus an dara grúpa is mó ná mná as an Rúis (8). Sa chás go ndearnadh teagmháil leis na mná, léirigh an taighde gur úsáideadh lámh láidir, comhéigean agus dallamullóg chun na mná a thabhairt go hÉirinn agus bhí fianaise ann gur úsáideadh lámh láidir agus comhéigean nuair a bhí na mná in Éirinn chomh maith. As an 76 cás, níor fhan 36 de na mná i dteagmháil leis na gníomhaireachtaí ná le duine ar bith, cuireadh 14 ar ais chuig a dtír dhúchais agus tá 12 fanta i gcóras tearmann na hÉireann. Ceadaíodh do dheichniúr acu sin fanacht in Éirinn nó tugadh stádas dídeanaithe dóibh. Bhí gach duine sa taighde ar aon fhocal maidir leis an tseirbhís d'íobartaigh sa chás seo a bheith gann ar acmhainní agus ar mhaoiniú. De réir an taighde chomh maith, meastar gur feiniméan nua in Éirinn í an gháinneáil ghnéis agus go bhfuil sí ag méadú agus ag fáil níos deacra a smachtú agus níos deacra ag na Gardaí súil a choinneáil orthu. Tá an tuarascáil iomlán le fáil ar www.nuigalway.ie/ssrc

>> Read full story about An Chéad Suirbhé Náisiúnta maidir le Gáinneáil Ghnéis ar Mhná

Fógraíonn an tAire Martin T.D. comhoibriú taighde agus forbartha idir Smith & Ne

Thursday, 11 October 2007

D'fhógair an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Micheál Martin T.D. (Dé Céadaoin, an 10 Deireadh Fómhair 2007) go mbunóidh Smith & Nephew, an chuideachta teicneolaíocht leighis, i gcomhar le REMEDI, Institiúid an Leighis Athghiniúnaigh in OÉ Gaillimh, clár ceithre bliana Taighde agus Forbartha chun leigheas nua a fháil do ghalair chnámh agus alt, cosúil le hoisté-airtríteas. Tá IDA Ireland ag tacú leis an infheistíocht – infheistíocht a chosnóidh sa bhreis ar €6 mhilliún. Soláthraíonn Smith & Nephew teicneolaíocht leighis ar fud an domhain, lena n-áirítear cóireálacha ortaipéideacha agus ionchlannáin do ghlúine, corróga agus guaillí. Bhunaigh Fondúireacht Eolaíochta Éireann REMEDI mar ionad Eolaíochta, Innealtóireachta agus Teicneolaíochta in 2004 agus aithnítear REMEDI anois mar phríomhionad na hÉireann do thaighde ar theiripe gascheall agus géinteiripe. Tá saineolas ar leith ag an ionad i dtaighde airtítis agus cuirtear béim ar leith ar thorthaí a chuid taighde a úsáid chun teiripe nua a úsáid i ngalair ortaipéideacha, chardashoithíocha agus néaracha. Dúirt an tAire Martin agus fáilte á chur roimh an gclár aige "Taighde agus Forbairt nuálaíoch atá i gceist leis seo agus beidh sé fíorthábhachtach chun leigheas nua a fháil ar oisté-airtríteas, riocht coitianta a ídíonn na hailt agus nach bhfuil aon leigheas air faoi láthair. Cuireann oisté-airtríteas costas mór ar an gcóras sláinte i ngach tír agus, mar gheall go mbaineann sé le haois, méadóidh na costais seo de réir mar a rachaidh daonra an domhain in aois. Tagann an clár nua seo le straitéis an Rialtais Éire a chur chun cinn i dteicneolaíocht nua Taighde & Forbartha agus biteiripic nua." Oibreoidh Ionad Taighde Smith & Nephew in York (sa Ríocht Aontaithe) i gcomhpháirtíocht le REMEDI chun teiripe nua a fhorbairt trí ghaschealla ó smior dhuine fásta a úsáid chun loingeán sláintiúil a fhás arís agus ailt a bhfuil damáiste déanta dóibh a dheisiú. Tá airíonna sna gaschealla a d'fhéadfadh fíocháin nua shláintiúla a chruthú chun an damáiste ón ngortú nó ón ngalar a leigheas. Dúirt Peter Arnold, Stiúrthóir Ghrúpa na Teicneolaíochta in Smith & Nephew: "Tá an-áthas orainn a bheith ag oibriú i gcomhpháirtíocht le REMEDI mar go bhfuil aithne agus meas orthu mar cheannairí sa réimse seo. Níl aon rogha athghiniúnach ar fáil faoi láthair do dhaoine a bhfuil oisté-airtríteas agus riochtaí eile matánchnámharlaigh orthu. Bhainfeadh othair óga go háirithe an-tairbhe as seo mar go gcaitheann go leor acu blianta ar phianmhúcháin láidre sula bhfaigheann siad alt nua." "Is é an aidhm atá le comhpháirtíocht Smith & Nephew agus REMEDI teiripe nua ortaipéideacha a fhorbairt a chabhróidh le daoine a bheith gníomhach agus saor ó phian níos faide ina saol trí leas a bhaint as gaschealla ó dhuine fásta chun loingeáin nó cnámha nua a fhás." Dúirt an tOllamh Frank Barry, Stiúrthóir Eolaíoch REMEDI: "Is iontach an éacht í seo. Tá áthas orainn oibriú le Smith & Nephew chun teiripe nua, chillbhunaithe a fhorbairt d'oisté-airtríteas. Chomh maith leis an tacaíocht ó Smith & Nephew ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don tacaíocht ó Fhondúireacht Eolaíocht Éireann – murach í ní bhunófaí REMEDI – agus an tacaíocht ón IDA a chabhróidh linn teiripe nua airtrítis a fhorbairt. Tá teicneolaíocht forbartha ag Ionad Taighde Smith & Nephew cheana féin, atá in ann loingeán daonna a fhás ó ghaschealla ó dhuine fásta. Tríd an gcomhpháirtíocht le REMEDI – a bhfuil saineolas acu i loingeáin oisté-airtrítis a dheisiú – forbrófar teiripí nua ortaipéideacha níos sciobtha. Leis na teiripí seo ní bheidh gá nó ní bheidh an oiread deifre le hailt nua agus ansin ní bheidh an oiread gá le pian a bhainistiú go fadtréimhseach. Tá oisté-airtríteas ar bhreis agus 100 milliún duine ar fud an domhain, agus tá sé ar cheann de na cúiseanna is coitianta le míchumas. Díríonn aon chóireáil atá ann faoi láthair ar an riocht gan leigheas ar an bpian a bhainistiú agus ar ghlúin nó ar chorróg nua a thabhairt don duine sa deireadh. Beidh James Huckle, Bainisteoir Cláir i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin in Ionad Taighde Smith & Nephew, agus an tOllamh Frank Barry, Stiúrthóir Eolaíoch REMEDI agus saineolaí in innealtóireacht gascheall ó dhuine fásta, i gceannas ar an tionscadal. Beidh deichniúr taigdheoirí ag obair i REMEDI ar an tionscadal in York. Chomh maith leis sin, tabharfaidh Ionad Taighde Smith & Nephew tacaíocht don tionscadal. Tá ardscileanna bainistíochta agus saineolas acu ar thaighde i gcomhpháirtíocht le lucht acadúil agus leis an tionscal. D'fháiltigh Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh roimh an bhfógra, ag rá, "Is iontach an sampla an chomhpháirtíocht seo idir REMEDI agus Smith & Nephew de chomhpháirtíocht idir an lucht acadúil agus an tionscal. Thar ceann OÉ Gaillimh, fáiltím go mór roimh an infheistíocht seo mar go mbeidh tairbhe le baint acu siúd a bhíonn ag fulaingt ó ghalair chnámh agus alt ón dtaighde eolaíoch agus nuálaíoch seo". Úsáidfear saotharlanna REMEDI in OÉ Gaillimh agus a saotharlann déantúsaíochta chun gaschealla ó dhuine fásta a dhéanamh do na trialacha cliniciúla. CRÍOCH

>> Read full story about Fógraíonn an tAire Martin T.D. comhoibriú taighde agus forbartha idir Smith & Ne

<< < 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 > >>

Featured Stories